Ní féidir Joe Biden a chur as a bhróga anois ach scéal eile é mí na Samhna

Cén lorg atá fágtha ag an iarracht Donald Trump a dhúnmharú ar an gcoimhlint don uachtaránacht?

Ní féidir Joe Biden a chur as a bhróga anois ach scéal eile é mí na Samhna

Ní féidir go réalaíoch leis an bPáirtí Daonlathach i Meiriceá duine nua a chur san iomaíocht do thoghchán na huachtaránachta faoin tráth seo. Tá dúshlán duine ar bith a bheadh ag iarraidh a dhul ina bhróga tugtha go soiléir agus go neamhbhalbh ag Joe Biden. Triailidís amach iad féin ag an gcoinbhinsiún in Chicago, a deir an tUachtarán leo.

Ina cholainn agus ina intinn tá sé féin in ann ag dualgais na huachtaránachta, a deir Joe Biden. Tá daoine ann nach mbeadh ar aon intinn leis faoi sin. Ach, dá dtabharfaí fogha faoi Biden anois, cá bhfágfadh sé na Daonlathaigh?

Caithfimid cuimhneamh go bhfuil an iliomad ball den Pháirtí Daonlathach atá ag cuimhneamh ar thréimhse sa Teach Bán amach anseo, cuid acu agus a gcompás dírithe ar 2028. Is deacair a rá gur féidir comhghuaillíocht a chur le chéile ina measc siúd. D’fhéadfadh ainmniú duine nua – fiú an leasuachtarán Harris – pleananna cuid mhaith daoine a chur in aer.

Fiú is dá n-éireodh le hiarracht mar sin, bheadh scoilteanna san bPáirtí Daonlathach. D’fhéadfadh sé gur lú seans a bheadh acu greim a choinneáil ar an Teach Bán. Go praiticiúil, chiallódh roghnú iarrthóra nua freisin go mbeifí ag rá nach bhfuil Joe Biden in ann don Uachtaránacht ag an bpointe seo. An mbeadh air éirí as?

Níl de rogha réalaíoch ag na Daonlathaigh anois ach cead a chos a thabhairt do Joe Biden agus tacú leis. Cén seans atá aige – nó cén lorg atá fágtha ag an iarracht Donald Trump a dhúnmharú ar an gcoimhlint?

Ar an gcéad iarraidh, tá stádas ollmhór tugtha don eachtra seo nach bhfuil ag dul di. Ina dhiaidh sin féin, ba fear óg aonraic – cláraithe mar Phoblachtánach- a raibh deacrachtaí pearsanta aige a rinne an iarracht dúnmharaithe ar Donald Trump. Freisin, dá mbeadh lucht na slándála ar na barraicíní, ní bhfaigheadh sé a dheis.

Is ar éigean go bhfuil tréimhse ar bith i réimeas Uachtaráin Mheiriceá nach bhfuil duine/daoine ann atá ag cuimhneamh ar iad a dhúnmharú. Bíonn an iliomad údar ina gcloigne ag na daoine seo. Rinneadh cúpla iarracht ar Harry Truman a dhúnmharú gan trácht ar fheallmharú John F. Kennedy agus an iarracht feallmharaithe ar Ronald Reagan. Faraor, ní rud nua é i Meiriceá go dtabharfaí faoi uachtarán, nó duine sinsearach sa bpolaitíocht, nó sa saol poiblí. Tír í a bhfuil gunnaí fairsing inti agus fios a láimhsithe ag go leor daoine. Bhí an fear óg a scaoil le Donald Trump thart ar 150 slat uaidh agus chuaigh sé i bhfoisceacht orlach do Donald Trump a mharú lom láithreach ar an stáitse.

An raibh údair mhóra pholaitiúla nó fealsúnacha ag an ngunnadóir sin? Níl a fhios againn. Ní cosúil go raibh cúnamh aige agus níor ghá go mbeadh. Ina dhiaidh sin féin, níor léiríodh ariamh go raibh aon duine ag tabhairt cúnamh do Lee Harvey Oswald nuair a scaoil sé leis an Uachtarán Ó Cinnéide. De réir Choimisiún Warren, bhí sé ag gníomhú ar a aghaidh féin.

Ach tá a fhios againn é seo – triailfear le leas polaitiúil a bhaint as an eachtra uafáis is deireanaí seo. Beidh Donald Trump ina ghlóire ag Coinbhinsiún na bPoblachtánach i Milwaukee an tseachtain seo. Céard faoi Joe Biden?

D’fhéadfadh Biden a theacht amach go maith as an gcorraíl seo má léiríonn sé don phobal go bhfuil sé stuama agus staidéarach ag láimhsiú an scéil. De réir a bhfuil feicthe againn, labhair sé go maith san óráid a thug sé ón Teach Bán san oíche Dé Domhnaigh. Beidh air tuilleadh a dhéanamh agus mar Uachtarán tá an dualgas sin air agus tá an deis sin aige. Má dhéanann sé láimhsiú maith ar na dualgais sin, neartófar an mhuinín a bheidh ag daoine ann agus é ag dul chuig an gCoinbhinsiún in Chicago.

Tá ceist an airgid ann i gcónaí sa bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe agus tá fianaise ann cheana féin go bhfuil lagan ar an tacaíocht do Joe Biden théis na díospóireachta teilifíse le Donald Trump.

Má ta sólás ar bith ag Biden agus na Daonlathaigh sa gcás seo, ní chuireann laghdú ar na dollair an oiread as d’Uachtarán agus a chuirfeadh sé d’iarrthóirí a bheadh ina aghaidh. Tá ráitis agus taisteal agus gníomhaíocht phoiblí ina gcuid de ról an Uachtaráin; bíonn sé le cloisteáil agus le feiceáil ar aon nós.

Ar ndóigh, creidtear freisin go ndéanfaidh an eachtra uafásach i Pennsylvania leas do Donald Trump sa bhfeachtas seo. Sa deireadh thiar thall, ní gá gur mar sin a bheadh.

Na daoine atá ag tacú le Trump, tá siad an-dílis dó. Ach an dream i lár báire, bheadh níos mó oibre le déanamh aige le dul i gcion orthu sin ná a bheadh ag Biden. Aithnítear Trump mar throdaí. Go deimhin, b’fhéidir go ndeachaigh sé thar fóir leis an dorn dúnta théis dó éalú ón mbás in Pennsylvania. Ach is deacair milleán a chur ar dhuine ar bith faoina dhearcaadh agus a ghníomhartha ag tráth chomh corraithe sin.

Ach sa deireadh thiar, beidh go leor eile tarlaithe sula gcaithfear na vótaí i mí na Samhna.

Fág freagra ar 'Ní féidir Joe Biden a chur as a bhróga anois ach scéal eile é mí na Samhna'

  • WTF

    Tramp ag scaothaireacht agus ag glamaraigh leis i gcónaí, é á thabhairt le fios (nach mór) go dtógfadh Íosa Críost p’léar ar a shon.
    Go sábhála mac Dé sinn air.