Mac tíre na heite deise i bhfad amach coinnithe ón doras sa Fhrainc go fóill beag

Níor éirigh le Rassemblement National Marine Le Pen an babhta seo ach tréimhse éiginnte atá roimh an Fhrainc agus roimh an Aontas Eorpach

Mac tíre na heite deise i bhfad amach coinnithe ón doras sa Fhrainc go fóill beag

Baineadh preab asainn ar fad, is dócha, nuair nár éirigh le Rassemblement National Marine Le Pen, an páirtí ar an eite dheis i bhfad amach, bua a fháil i dtoghcháin pharlaimint na Fraince mar a bhí á thuar. Údar iontais eile ar ndóigh gur tháinig comhghuaillíocht na heite clé, an Nouveau Front Populaire, sa chéad áit.

Is má lig lucht an Aontais Eorpaigh osna mór faoisimh gur theip ar RN, chuir bua an NFP alltacht orthu.

Bhí uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, ag súil gur rogha idir é féin agus a pháirtí Renaissance agus páirtí Le Pen a bheadh ann, ach is cosúil anois gur rogha idir an eite chlé agus an eite dheis i bhfad amach is dóichí a bheas ann i dtoghchán na huachtaránachta.

Níor sheas an Lár an fód mar a bhí Macron ag súil go seasfadh, agus ní fios an éireoidh leis an eite chlé an fód a sheasamh anois.

Tá scata páirtithe sa Nouveau Front Populaire, an chomhghuaillíocht nua ar an eite chlé, ina measc La France Insoumise, an páirtí is mó sa ghrúpa; an Páirtí Sóisialach atá in ísle brí le tamall; na cumannaigh, a chaill an chuid is mó den tacaíocht a bhíodh acu ó d’imigh an tAontas Sóivéadach; agus na Glasaigh.

Níl siad aontaithe ach ar phointe amháin, is é sin nach dteastaíonn uatha go mbeadh an lámh in uachtar ag an eite dheis i bhfad amach.

Ag an am céanna, ina gclár toghchánaíochta d’iarr lucht na heite clé cáin ar rachmas, ardú 14% ar an íosphá, infheistíocht ollmhór i dtithíocht phoiblí, praghsanna ar fhuinneamh agus ar bhunriachtanais a choinneáil gan ardú, an aois scoir a laghdú go 60, pleanáil éiceolaíoch, agus trádbhac arm agus smachtbhannaí ar Iosrael.

Dúirt Fabien Roussel, ceannaire an pháirtí chumannaigh, go raibh an chomhghuaillíocht ullamh le dul i mbun rialtais, agus dúirt Jean Luc Mélenchon ó La France Insoumise nach maolódh siad a n-éilimh rialtais.

Ach bhí nóta i bhfad níos muinteartha ag an bPáirtí Sóisialach, páirtí atá céad faoin gcéad taobh thiar den Aontas Eorpach, de NATO is den domhandú eacnamaíochta.

Tá duine sinsearach sa bpáirtí sin, Raphael Glucksman, ag moladh comhréiteach a dhéanamh le Macron. Tá cáil ar Glucksman mar dhuine a bhí ag iarraidh ón tús comhoibriú le Macron, agus mar dhuine a thacaigh go diongbháilte le hIosrael is leis an gComhghuaillíocht Atlantach.

Cheana féin, tá lucht leanúna Macron ag iarraidh an Páirtí Sóisialach a bhriseadh ón gcomhghuaillíocht ar an eite chlé, agus comhghuaillíocht nua den lár a chruthú leo, le Macron agus leis na Poblachtaithe atá ar dheis ón lár.

Maidir leis an eite dheis i bhfad amach, níor cuireadh den pháirc iad.  Go deimhin, fuair RN níos mó vótaí ná aon pháirtí eile, 37% i gcomparáid le 25.8% don eite chlé is 25.5% do Macron. Vótáil theaicticiúil amháin a choinnigh síos Le Pen.

Sí an fhadhb a bhí acu ná go raibh a gcuid tacaíochta scaipthe ar fud na tíre, i measc an lucht oibre sna cathracha agus sna bailte beaga agus i measc feirmeoirí faoin tuath – tacaíocht scaipthe nach mbeidh ina fhadhb chomh mór sin aimsir thoghchán uachtaránachta.

Mar sin féin, d’ardaigh siad a líon suíochán ó 89 go dtí 143.  Agus, mar a dúirt Marine Le Pen, tá geata na cumhachta fós ar faonoscailt os a gcomhair. Curtha ar athló atá an chumhacht, a deir sí, ach ní curtha ar ceal.

San idirlinn tá sé deacair a fheiceáil cén chaoi go bhféadfadh an chomhghuaillíocht ar an eite chlé comhoibriú le Macron, a bhfuil cumhacht fós aige mar uachtarán, gan gearradh siar go mór ar a gclár oibre.

Cheana féin chaill siad dhá mhilliún vóta sa dara babhta i gcomparáid leis an méid a fuair siad sa chéad bhabhta – an praghas a d’íoc siad as seasamh siar in áiteanna i bhfabhar an Láir.

Ní ghéillfidh Macron don eite chlé agus a scrios féin an toradh a bheadh ar an scéal do lucht na heite clé dá ngéillfeadh siadsan.  Ciallaíonn sé sin, go mbeidh tréimhse neamhchinnte roimh an bhFrainc, is, mar sin, roimh an Aontas Eorpach.

Dá bhfanfadh an eite chlé le chéile bheadh seans an-láidir acu post an Uachtaráin a bhaint amach, ach bheadh sé deacair ag na cumannaigh is ag Mélenchon glacadh leis gur iarrthóir ón bPáirtí Sóisialach a bheadh ann, go háirithe toisc nach iadsan ach an dara páirtí is mó sa chomhghuaillíocht, gan trácht ar a gclaonadh chun comhghéillte.

Bheadh ceart chun éilimh i bhfad níos láidre ag Mélenchon, ach tá amhras ann an nglacfadh an PS [Parti Socialiste] leis sin.

Tá mac tíre na heite deise i bhfad amach coinnithe ón doras go fóill beag, mar sin, ach tá sé fós ag uallfairt sna sléibhte agus súil ghéar aige ar an gcreach.

Fág freagra ar 'Mac tíre na heite deise i bhfad amach coinnithe ón doras sa Fhrainc go fóill beag'