Ó Thóin an Gharraí i gConamara go dtí South Boston – trí dhuilleog is iad glas gléineach is gnaíúil

Ba I lár Bhoston a bhí an chéad mháirseáil Lá Fhéile Pádraig i Meiriceá i 1737 ach athraíodh í go South Boston i 1901, bunáit mhuintir Chonamara

Ó Thóin an Gharraí i gConamara go dtí South Boston – trí dhuilleog is iad glas gléineach is gnaíúil

I dTóin an Gharraí a d’fhaightí é. Trí dhuilleog, iad glas, gléineach agus gnaíúil. “Ná tugaigí isteach rud ar bith a bhfuil ceithre dhuilleog air.” Bhí na horduithe de ghlanmheabhair againn.

Bhí spota san áit ar tugadh agus a dtugtar fós ‘Tóin an Gharraí’ air a raibh an planda beag ag fás ann, cnocáinín nár ghéill go dtí an lá atá inniu ann don aimsir ná don saol. Seamróg na hÉireann a theastaigh le cur trasna an Atlantaigh. Bheadh sé curtha go stuama agus go cúramach isteach i ruainníní páipéir agus é cúsclaithe istigh i gcárta Lá’l Pádraig agus é seolta chuig na gaolta i Meiriceá.

Go South Boston a théadh go leor de.

Níor thug muide mar ghasúir mórán suntais dó, dhéantaí an rud céanna chuile bhliain. Blianta ina dhiaidh sin a thuig mé go raibh muid i mbun obair bheag a chuir áthas, bród agus gliondar ar na daoine muinteartha i bhfad ó bhaile; ní raibh pobal ar bith a bhí chomh mórtasach as seamróg na hÉireann ná pobal South Boston. Seans, go deimhin, gurb iad na gaolta a rugadh agus a tógadh ansin i Massachusetts – agus aithreacha agus máithreacha Éireannacha acu – ba mhó a raibh práinn acu as an bplanda beag a sciob muid as Tóin an Gharraí i dtalamh righin Chonamara. ‘We were so proud of the native shamrock on St Patrick’s Day.’

Bunáit mhuintir Chonamara a bhí i South Boston. Go deimhin, bhíodar chomh fairsing ann agus go raibh sráideanna dá gcuid féin acu. “Anseo a bhí muide,” arsa col ceathar le m’athair liom. “Bhí muintir na Ceathrún Rua amach an bealach sin.”

Ba i mBoston a bhí an chéad mháirseáil Lá Fhéile Pádraig i Meiriceá ar an 17 Márta, 1737. I lár na cathrach a bhíodh an pharáid i dtús aimsire agus ba iad an Ancient Order of Hibernians a bhíodh ina chionn.

Athraíodh an pharáid go South Boston i 1901; bhí an pobal Éireannach méadaithe go mór sa gcuid sin den chathair. Ach cuireadh tuilleadh tábhachta leis an ócáid an uair sin. Ba ar an 17 Márta, 1776 a díbríodh saighdiúirí Shasana as Dorchester Heights, i gceartlár South Boston, eachtra chinniúnach i gCogadh na Saoirse sna Státaí. Go dtí an lá atá inniu ann, tugtar chun cuimhne sa bparáid Naomhphátrún na hÉireann agus an ruaig a cuireadh ar shaighdiúirí Shasana.

B’iontach an lá é Lá Fhéile Pádraig ag pobal na hÉireann agus ag sliocht mhuintir na hÉireann i South Boston san aimsir a caitheadh. D’insíodh col ceathar le m’athair, Mary Carey, dom faoin gcaoi a dtugtaí beatha agus ól chun an tí sin acu féin ar East Fourth Street le haghaidh na hócáide. D’fhágtaí doras an tí oscailte do chuile dhuine agus bhíodh comhluadar mór as Conamara ag teacht isteach agus amach. Is iomaí teach eile a bhí ar an gcaoi chéanna.

Ar ndóigh, bhíodh na polaiteoirí agus boic mhóra eile i lár na sráide, leithéidí James Michael Curley, a bhí ina Mhéara ar an gcathair ag tráthanna éagsúla sna 1940idí agus 1950idí. Ba as Uachtar Ard a mhuintir siúd agus bhí a cháil – a dhroch-cháil scaití – imithe ar fud Mheiriceá. Bhíodh beocht ar leith sa gcuid pholaitiúil den pharáid sna 1970idí, 1980idí agus 1990idí. Sna blianta sin a bhí William Bulger ina cheannaire ar an bParlaimint Stáit i Massachusetts agus Ray Flynn ina Mhéara ar chathair Bhoston – Gael-Mheiriceánaigh beirt agus ceangal láidir acu le Conamara.

Bhíodh bricfeasta na féile san áit ar a dtugtar an Seapoint anois agus ba mhó spéis a bhíodh sa gcaint ná a bhíodh sa mbeatha. Ní raibh sárú Bulger le fáil mar chainteoir agus mar fhear grinn. Bhíodh sé ina chogadh foclaíochta idir é féin agus Flynn – idir mhagadh agus dáiríre. Scaipeadh an oiread sin cáil ar ‘bhricfeasta na nÉireannach’ go gcuirtí foireann teilifíse na gcainéal náisiúnta ann.

Ní dóigh go bhfuil bricfeasta na nÉireannach chomh bríomhar anois; tá an 90 caite ag William Bulger agus tá Ray Flynn ar shlí na fírinne, chomh maith le go leor eile a bhíodh ina bpearsana móra sna blianta sin, ar nós Sonny McDonagh, arbh as Roisín na Mainiach i gCarna a athair agus b’as Inis Mór a mháthair.

Ach d’fhan Paráid South Boston san nuacht in ainneoin imeacht na bpearsan mór le rá, agus ní ar an dea-bhealach é scaití. Bhí bac ag lucht stiúrtha na hócáide ar dhaoine homaighnéasacha agus cuireadh an cheist sin chomh fada leis na cúirteanna ab airde. D’éirigh leis an lucht eagair – Coiste Iarbhaill Airm -ar an gcúis gur dhúradar go mba eagraíocht phríobháideach a bhí iontu agus go raibh cead acu a rialacha féin a leagan síos. Tar éis beagán blianta tugadh cead do dhaoine homaighnéasacha máirseáil sa bparáid ach chuir an coiste cosc ar dhaoine homaighnéasacha as an arm. Ba ansin a tarraingíodh Marty Walsh, Méara Bhoston san am, isteach sa scéal.

Dúirt Walsh go neamhbhalbh nach mbeadh sé féin ag an bparáid, agus nach dtabharfadh sé aon aitheantas di, mura gcaithfí an cosc in aer. Théis go leor díospóireachta rinneadh amhlaidh.

Tá scáil an achrainn sin sa mullach, ar bhealach eile, ar Pharáid na Féile Pádraig i South Boston i mbliana, achrann dáiríre an iarraidh seo. Bhí go leor trioblóide agus go leor ólacháin ag an bParáid anuraidh agus tá foláireamh tugtha ag cathaoirleach na hócáide Ed Flynn. “Ní bheidh,” a deir seisean “an Pharáid i South Boston feasta má tharlaíonn sé i mbliana mar a tharla anuraidh.”

Tá na heachtraí sin ag teacht salach ar an múnla nua atá ar South Boston mar go bhfuil an rud ar a dtugtar uaisliú nó ‘gentrification’ ag tarlú ann anois – daoine deisiúla ag ceannacht agus ag cónaí ansin. Tá Tóin an Gharraí mar a bhí sé ariamh le teacht na Féile Pádraig agus an planda beag náisiúnta ag fás ann fós – sliocht na bplandaí siúd a seoladh chuig sliocht Chonamara tráth den saol; trí dhuilleog agus iad glas, gléineach agus gnaíúil.

Fág freagra ar 'Ó Thóin an Gharraí i gConamara go dtí South Boston – trí dhuilleog is iad glas gléineach is gnaíúil'