Scríbhneoir ildánach í Muireann Ní Chíobháin a bhfuil a leabhar Bearradh Gruaige d’Eoinín i mbéal an phobail agus áit bainte amach aige ar an ngearrliosta aige do Ghradam KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025. Meastar gurb é seo an chéad uair a bhfuil áit ar an ngearrliosta sin bainte amach ag leabhar cairtchláir.
Is beag rud a spreagann samhlaíocht an pháiste níos fearr ná leabhar a tharraingíonn a n-aird le pictiúir shimplí, carachtar láidir agus scéal a bhaineann lena saol féin. Trí ghné iad sin a thagann i gceist go mór sna leabhair sa tsraith ‘Eoinín’ atá scríofa ag Muireann, maisithe ag Róisín Hahessy agus iad foilsithe ag Futa Fata.
“Ní chreidim é dáiríre,” a deir Muireann. “Tá sé deas aitheantas a fháil ar an saghas seo leabhair – leabhar cairtchláir do pháistí an-óg. Is minic a cheapann daoine nach dtéann mórán oibre isteach sna leabhair sin, ach tá go leor oibre taobh thiar díobh. Tá níos mó oibre sa gcoincheap agus sa gcomhoibriú idir an scríbhneoir agus an dearthóir.”
Deir sí go dtagann inspioráid chuici as go leor foinsí éagsúla agus óna saol féin. Tá beirt mhac aici féin agus tagann spreagadh chuici ó na gnáthrudaí a bhíonn ar bun acu ina saol. Is i lár na paindéime a tháinig an smaoineamh chuici do Bearradh Gruaige d’Eoinín, nuair a bhí sí ag bearradh gruaig a clann mhac sa bhaile i rith na dianghlasála agus na bearbóirí dúnta.
“Nuair a osclaíodh na bearbóirí arís, bhí an chéad chuairt ina rud mór mar nach raibh aon chleachtadh acu air roimhe sin. Bhí go leor rudaí nua ann dóibh, an torann, na daoine, suíochán mór…, ní rudaí beaga iad sin do pháiste óg. Bhí cara liom ag rá gur bhraith a páiste féin go dona faoi freisin. Bhí sé soiléir gur ábhar maith scéil a bheadh ann.”
Is ceann de shraith leabhar ‘Eoinín’ é Bearradh Gruaige d’Eoinín, ina bhfuil scéalaíocht atá bunaithe ar ghnáth-eachtraí i saol an pháiste óig. Pléitear le téamaí ar nós dul a chodladh, dul chuig an siopa, agus eile.
“Leis na leabhair ‘Eoinín’ bím i gcónaí ag cuimhneamh cad iad na rudaí atá dúshlánach do pháistí óga. Déanaim iarracht na rudaí sin a bhriseadh síos agus scéalaíocht a dhéanamh timpeall orthu.”
Bhí sí ag iarraidh go mbeadh an saol mar atá in Éirinn á chur os comhair na léitheoirí óga agus go n-aithneoidís iad féin agus a saol féin sna leabhair.
“Nuair a bhí mé féin beag ní chuimhním go raibh an saol in Éirinn le feiceáil sna leabhair. Theastaigh uaim an saol atá anseo in Éirinn a thaispeáint agus sna leabhair ar fad beidh na rudaí atá le feiceáil sa leabhar cosúil leis na rudaí a fheiceann muid anseo. Mar shampla sa leabhar Eoinín ag an Siopa téann siad isteach sa siopa agus ceannaíonn siad 99. Spoiler alert!”
D’oibrigh Muireann agus an maisitheoir Róisín Hahessy go dlúth lena chéile agus na leabhair á bhforbairt. Ní rómhinic go mbíonn an deis seo ag scríbhneoir agus maisitheoir a bheith ag comhoibriú lena chéile ar leabhair chairtchláir.
“Déanann muid go leor taighde, bím ag caint i gcónaí le daoine a bhfuil páistí óga acu agus iad ag léamh scéalta. Déanaim go leor ceardlann agus bím mé ag cur ceisteanna ar pháistí agus ar thuismitheoirí cad ba mhaith leo a fheiceáil sna scéalta. An próiseas a bhíonn agam ná é a sceitseáil amach dom féin ar dtús, n’fheadar an é mar gur thosaigh mé amach ag scríobh don teilifís ar dtús. Ansin bíonn cruinniú agam féin agus Róisín agus is rud neamhghnách é sin mar go hiondúil ní bhíonn an scríbhneoir agus an t-ealaíontóir ag obair lena chéile. Leanamar ar aghaidh mar seo ó aimsir na paindéime. Is próiseas thar a bheith taitneamhach é.”
Gné de na leabhair atá an-tábhachtach don bheirt acu ná go mbeadh páistí in ann na pictiúir sa leabhar a tharraingt iad féin.
“Is féidir le healaíontóir a bheith an-snasta ach simplí ag an am céanna sna pictiúir a tharraingíonn siad. Theastaigh uainn go mbeadh páistí in ann Eoinín a tharraingt i ndiaidh dóibh an leabhar a léamh. Bhí go leor taighde déanta ag Róisín maidir le dathanna nach bhfuil coitianta i leabhair do pháistí. Roghnaigh sí pailéad dathanna pastail agus tá siad sách láidir ach níl siad ró-ildaite.”
Pictiúir shimplí atá ar na leathanaigh sa leabhair, ach má tá siad simplí féin, níl aon rud le feiceáil sna pictiúir nach raibh machnamh déanta air roimh ré. Rinne Muireann agus Róisín go leor taighde maidir leis na rudaí atá le feiceáil sna pictiúir le go mbeadh na páistí a bheadh ag léamh na leabhair in ann gnéithe dá saol féin a aithint iontu.
“Bhí muid anonn is anall ag fiafraí cén saghas lampa a bheadh le taobh na leapan agus gnéithe beaga mar sin. Sampla amháin a ritheann liom ná an naprún atá air nuair atá sé ag an mbearbóir, tá tarracóirí le feiceáil air agus rinne mé taighde agus tá an naprún bunaithe ar na cinn a bhíonn in úsáid ag roinnt de na bearbóirí.
“Bhí muid ag iarraidh freisin go mbeadh páistí ábalta na leathanaigh a bhogadh iad féin agus aireachtáil go raibh siad ag bogadh an scéil ar aghaidh fiú mura mbeidís in ann an scéal a léamh iad féin fós.”
Deir Muireann go raibh a cúlra sa scríbhneoireacht don teilifís ina cabhair mhór di nuair a thosaigh sí ag scríobh leabhair do pháistí mar go mbíonn cleachtadh agat ar an aiseolas agus an comhoibriú.
“Chabhraigh sé liom i saol na teilifíse gur fhoghlaim mé conas aiseolas a thógaint. Mar scríbhneoir bíonn tú i gcónaí ag fáil aiseolais, cuid de go maith agus cuid de nach bhfuil. Faoin am gur tháinig mé go dtí an fhoilsitheoireacht bhí craiceann tiubh orm agus bhí mé in ann glacadh leis an aiseolas ar an dara dréacht, an tríú dréacht, fiú an fichiú dréacht!”
Is breá léi a bheith ag bualadh le léitheoirí óga agus í ar camchuairt leis an leabhar. Deir sí gur gcabhraíonn feachtais mar atá ann leis na Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann le haird a tharraingt ar leabhair agus áit a aimsiú dóibh i bhfuinneoga na siopaí leabhar, áit a mbíonn iomaíocht mhór do spásanna.
“Tá sé go hálainn go bhfuil muid ainmnithe d’Eoinín agus tugann sé deis do léitheoirí nua teacht ar an leabhar. An chuid is fearr den obair ná a bheith ar camchuairt leis an leabhar. Déanaim iarracht maidin nó dhó gach seachtain a thabhairt do scoileanna agus bualadh leis na léitheoirí óga.
“Is uathu a fhaighim an ‘fíor-aiseolas’, an gáire agus na ceisteanna nach mbeifeá ag súil leo!”
Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Is ó na páistí a thagann an fíor-aiseolas… agus an gáire’'