D’éirigh liom an mhí seo rud a dhéanamh nár shíl mé go ndéanfainn go brách. Ná, go deimhin, go bhféadfaí a dhéanamh. Chríochnaigh mé cúrsa teanga Duolingo.
D’íoslódáil mé an aip foghlama teanga in 2014 nuair a tháinig an scéala go raibh cúrsa úrnua Gaeilge ar fáil uirthi – d’fhonn léirmheas a scríobh don suíomh seo. Níor chaith mé ach cúpla seachtain ag plé leis agus nuair a bhí mo dhóthain feicthe agam le léirmheas a scríobh, d’éirigh mé as.
An chéad teanga eile a dtug mé fúithi ná an Ioruais. Bhí mé le turas a thabhairt ar an Iorua i mí Eanáir 2016 agus theastaigh uaim cúpla focal Norsk a fhoghlaim le go mbeadh mé in ann ceapairí réinfhia a ordú.
D’éirigh mé as an Ioruais cúpla seachtain i ndiaidh dom filleadh ar Éirinn agus gan ach an chéad chúpla ceacht déanta agus 2,368 pointe XP buaite agam. Ní raibh aon cheangal agam leis an tír agus ba bheag an t-eolas a bhí agam ar an gcultúr, an teanga, ná na daoine ann.
Lig mé an t-ulchabhán i ndearmad ar feadh tamaill arís go dtí earrach na bliana 2018. Rinne mé an Ghearmáinis don Ardteist in 2009, agus b’iontach an múinteoir a bhí againn. D’eagraigh sé malartú scoile chun na Gearmáine – bhí mé ann in 2006 agus in 2007 – agus bhíodh ócáidí sóisialta Gearmáinise sa scoil. Spreag sé muid imeacht den siollabas leamh Ardteiste agus coimicí (Hägar der Schreckliche) agus úrscéalta a léamh sa teanga.
D’éirigh liom B1 (H2 in airgead an lae inniu) a fháil san Ardteist féin agus spéis saoil múscailte ionam sa nGearmáinis agus i gcultúr na Gearmáine. Ceal úsáide thréig an teanga mé (nó thréig mise ise) i gcaitheamh na mblianta a chaith mé ar an ollscoil – fuarthas réidh leis an rogha teanga Eorpach a dhéanamh mar ábhar breise ar mo chúrsa-sa an bhliain ar thosaigh mé.
Casadh bean óg orm i samhradh na bliana 2015 a raibh cónaí uirthi i mBeirlín, agus atá anois ina cónaí in Hamburg, a d’oscail an doras chun na Gearmáinise dom an athuair. Is dlúthchairde muid ó shin agus is iomaí cuairt atá tugtha agam ar an nGearmáin le deich mbliana anuas – agus cairde nua a rinne mé tríd an gcairdeas sin tagtha ar cuairt agamsa anseo in Éirinn.
Tar éis dom cuairt a thabhairt orthu in 2017 bhí náire orm nach raibh mé in ann páirt a ghlacadh sna comhráite a bhí timpeall orm agus shocraigh mé an t-ulchabhán a dhúiseacht agus tabhairt faoin gcúrsa Gearmáinise.
Ó shin i leith, tá mé ag plé leis an nGearmáinis ar Duolingo. Ní hé go bhfuil streak ocht mbliana agam. Chaill mé laethanta, seachtainí agus fiú míonna anseo is ansiúd agus mé ag taisteal in áiteacha nach raibh fáil éasca ar an idirlíon iontu. Ach tá streak 750 lá déanta agam anois – sin os cionn dhá bhliain agus d’éirigh liom deireadh an chúrsa a chríochnú.
Bhí tréimhse ann nuair ba chosúil go raibh uasdátú á dhéanamh ag Duolingo ar an gcúrsa chuile mhí agus míreanna, ceachtanna, agus ‘aonaid’ á gcur leis acu. Shíl mé gur sórt ‘scéal gan chríoch’ a bheadh i mo mhisean go dtí go bhfuair mé an lámh in uachtar air thart ar bhliain ó shin.
Bheartaigh mé an oiread Friend Quests agus Daily Quests agus ab fhéidir liom a dhéanamh. Is ea, ghéill mé go huile is go hiomlán do ‘chluichiú’ na foghlama teanga – quests agus points go leor as ceachtanna a dhéanamh chuile lá.
Leagann Duolingo trí Daily Quest amach duit chuile lá agus Friend Quest amháin uair sa tseachtain. Bheadh rud ar nós ‘buaigh 50XP’ nó ‘críochnaigh trí cheacht gan botún a dhéanamh’ ina Daily Quest agus rud níos dúshlánaí dála ‘críochnaigh 50 ceacht gan botún a dhéanamh’ ina Friend Quest le duine eile.
Cé go bhfuiltear in amhras faoi chluichiú seo na foghlama, caithfidh mé a admháil gur chabhraigh sé go mór liomsa aird a choinneáil ar an nGearmáinis agus níos mó ná ceacht suarach éasca amháin a dhéanamh sa lá. Is iondúil go gcaithinn fiche nóiméad go leathuair an chloig chuile lá ag cleachtadh na Gearmáinise ar Duolingo, agus dá mbeadh mé ar an traein nó ar eitleán d’fhéadfainn uair an chloig nó níos mó a chaitheamh ag plé leis.
Ní mór dom dhá rud a rá freisin – níor íoc mé as an leagan ‘super’ den aip (os cionn €100 sa mbliain) agus rinne mé ranganna foirmeálta teanga leis an Goethe-Institut idir 2018 agus 2022. D’éirigh liom mo Zertifikat B1 sa nGearmáinis a bhaint amach a bhuí le múinteoirí iontacha Goethe agus thug mé faoi dhá théarma de ranganna B2 ach ní raibh an misneach agam tabhairt faoin scrúdú.
Bhí sé éasca go maith freastal ar ranganna Goethe agus mé idir Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin ach faraor ní féidir ranganna Gearmáinise a dhéanamh i nGaillimh agus d’éirigh mé as tá trí bliana ó shin.
Murach an brú leanúnach a chuireann an t-ulchabhán orm chuile lá ní dóigh liom go mbeadh mo chuid Gearmáinise chomh maith is atá sí anois (agus ní hin le rá go bhfuil sí go maith ar chor ar bith!).
Is minic a mhaítear nach bhfuil aon mhaith in Duolingo agus gur cur amú ama agus airgid é, ach caithfidh mé a rá go bhfaighim féin go maith é ach an iarracht a chur isteach leas ceart a bhaint as (agus gan do chuid airgid a chur amú leis an síntiús ‘super’ sin!).
Anois agus an cúrsa críochnaithe agam, tugtar Daily Refresh dom le déanamh chuile lá. Tá mé cláraithe leis na cúrsaí Gàidhlig agus Spáinnise freisin agus fonn orm tabhairt faoi chúpla teanga eile.
alan titley
Is trua nár lean Maitiú leis an Ioruais, mar tá na ceapairí réinfhianna sin thar a bheith blasta go háirithe nuair a dhéantar iad os cionn tine de bhualtrach an moose.