Ag brath orainn féin atáimid le múnla nua eacnamaíochta a chruthú

Maidir lenár seasamh san idirbheartaíocht faoi chogadh trádála Donald Trump tá muid an-lag agus drochsheans go ndíreoidh an tAE a n-aird ar na rudaí atá tábhachtach dúinne

Ag brath orainn féin atáimid le múnla nua eacnamaíochta a chruthú

Bhuel, d’fhéadfadh sé a bheith níos measa, ach fós tá muid i dtrioblóid i ndiaidh d’Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump taraif 20% a fhógairt ar earraí ó Éirinn agus ballstáit eile an Aontais Eorpaigh.

Cuir sin i gcomparáid leis an taraif 10% ar an mBreatain (agus ar Thuaisceart Éireann) nó leis an 15% ar an Iorua – dhá stát nach bhfuil san Aontas Eorpach.

Faoiseamh mór ar ndóigh go bhfuil earraí cógaisíochta díolmhaithe ó na taraifí – go fóill ar aon chuma, cé nach féidir a bheith cinnte faoi céard a tharlóidh amach anseo. Tá iniúchadh ar an tionscal sin ar siúl sna Stáit Aontaithe agus gach seans go ngearrfar taraifí air go luath.

Mar sin féin, tugann sé seans dúinn le haghaidh idirbheartaíochta. Ach, an mbeidh idirbheartaíocht ann?

Ní fheicim go bhfuil fonn ar bith ar Trump aon idirbheartaíocht a dhéanamh leis an AE. Rachadh sé chun cainte le stáit astu féin, ceann ar cheann, b’fhéidir, ach cén fáth a dtabharfadh sé aitheantas don AE mar ollstát ar leith?

Bheadh aon idirbheartaíocht, i súile an AE, bunaithe ar an argóint go ndéanann taraifí dochar do gach taobh. Ar an gcéad dul síos níl aon ghlacadh ag Trump leis an argóint sin ach, ar aon chuma, is éard atá sé ag iarraidh a dhéanamh ná a chinntiú go mbeadh jabanna a chruthaítear le hinfheistíocht Mheiriceánach a lonnú i Meiriceá.

Sa ngearrthréimhse beidh drochthionchar ag na bearta seo ar phraghsanna i Meiriceá, ach i gceann trí nó ceithre bliana beidh méadú le feiceáil, ceapaimse, ar an déantúsaíocht i Meiriceá.

Cén argóint atá ag an AE atá níos cumhachtaí ná sin?

Tá Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag labhairt go dána, ag iarraidh scéin a chur sna Meiriceánaigh agus í ag tagairt do na frithbhearta tréana atá ullmhaithe ag an AE. Níl sa chaint sin ach cur i gcéill, mar aithníonn eacnamaithe ciallmhara gur cath é sin nach féidir leis an Eoraip a bhuachan.

Tá an ceart ar fad mar sin ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, a rá gur chóir a bheith an-chúramach faoi fhrithbhearta ar bith.

É sin ráite, ámh, ní cosúil go bhfuil plean ar bith ag an rialtas, nó moladh éagsúil ó Shinn Féin, ach a bheith ag brath ar an AE le hidirbheartaíocht a dhéanamh.

Taobh amuigh den déistin atá ar Trump faoin AE, tá tosaíochtaí eile ag an AE seachas leas na hÉireann: leas na Gearmáine, mar shampla, agus an tubaiste atá i ndán do thionscal na gcarranna ansin. Agus is í an Ghearmáin is láidre atá ag éileamh frithbhearta.

Tá muid an-lag sa scéal seo cinnte, agus ní dóigh liom go ndíreoidh an tAE a n-aird ar na rudaí atá tábhachtach dúinne.

Ceapaim go mbeadh sé níos fearr dúinne iarracht a dhéanamh stocaireacht a dhéanamh ar Ghael-Mheiriceánaigh ag iarraidh go ndéanfaí eisceacht dínn. Ní féidir a rá go n-éireodh lena leithéid, ach bheadh tionscal déiríochta na hÉireann, Kerrygold mar shampla, i bhfad níos fearr as le taraif 10%, mar atá ag an mBreatain, ná le 20% an Aontais Eorpaigh.

Sa bhfadtéarma, áfach, níl aon dul as ach tosaí ar mhúnla nua eacnamaíochta a chruthú mar is léir go bhfuil deireadh ag teacht le hinfheistíocht dhíreach ón iasacht.

Tá dhá fhadhb le réiteach: conas airgead a bhailiú le haghaidh infheistíochta, agus conas margaí a fháil.

Faoi láthair tá rochtain againn ar mhargadh an AE, agus is cóir gach iarracht a dhéanamh é sin a choinneáil. Ach ní cóir go gceanglófaí muid leis an AE agus leis an AE amháin. Tá domhan mór eile ann, domhan atá cheana féin ag iarraidh greim an dollair a bhriseadh nó a laghdú, agus sin é domhan na BRICS, an Domhan Theas – an tSín, an Rúis, an India, an Mhalaeisia, an Indinéis, an Bhrasaíl is tíortha eile.

Dhá mbeadh an tAE dáiríre faoi dhul i ngleic le Meiriceá bheadh siadsan freisin ag iarraidh tiontú i dtreo BRICS, ach níl siad dáiríre, mar tá deamhain déanta acu den tSín agus den Rúis. Ní féidir leo a bheith ag troid sa dá threo ag an am céanna.

Maidir le hairgead infheistíochta a bhailiú, arís caithfimid brath orainn féin, agus is díreach tríd an stát is ceart é sin a dhéanamh. Beart a chuirfeadh d’iachall orainn briseadh leis an euro agus páirt a ghlacadh leis na BRICS le bealach a oscailt don domhan mór, don Domhan Theas.

Fág freagra ar 'Ag brath orainn féin atáimid le múnla nua eacnamaíochta a chruthú'