Craobh Peile Uladh
Ard Mhacha v Tír Eoghain – Páirc Naomh Tiarnach, 16:45 (Beo ar GAA+)
Tír Eoghain an fhoireann dheireanach ar éirigh leo Ard Mhacha a chloí taobh istigh de 70 nóiméad i gcluiche craoibhe agus beidh orthu an gaisce céanna a dhéanamh arís má tá siad ag iarraidh cluiche ceannais Uladh a bhaint amach.
Tá cúpla cluiche craoibhe caillte ag Ard Mhacha ar chiceanna éirice ón gcluiche sin i mí an Mheithimh 2023 agus ceann eile críochnaithe ar comhscór, ach léiríonn sé cé chomh deacair is a bhí sé an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Kieran McGeeney le cúpla bliain anuas. Ní hé nach bhfuil Tír Eoghain gan seans inniu, áfach.
Díbríodh foireann Malachy O’Rourke ó Roinn 1 na sraithe san earrach ach bhí mí-ádh orthu sa bhfeachtas sin. Níor chailleadar aon cheann de na trí chluiche deireanach a bhí acu, i gcoinne na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Átha Cliath, agus cé nach raibh siad iontach sa gcéad chluiche sa gcraobh in aghaidh an Chabháin, sheasadar an fód nuair ba ghá.
Trí imreoir déag a d’aimsigh scór do Thír Eoghain in aghaidh an Chabháin agus b’in gan Darragh Canavan, a chaill an cluiche de bharr gortaithe ach a d’fhéadfadh a bheith ar ais inniu. Tá Darren McCurry agus Michael McKernan ag imirt ar fheabhas dóibh i mbliana, mar atá an bheirt i lár na páirce, Conn Kilpatrick agus Brian Kennedy.
D’fhéadfadh go mbeadh tionchar na beirte sin cinniúnach mura mbíonn Niall Grimley agus Ben Crealey, beirt a raibh an-bhliain acu i lár na páirce d’Ard Mhacha anuraidh, ar ais inniu ó na gortuithe atá ag cur as dóibhsean, nó fiú má bhíonn siad ar ais ach gan iad a bheith go hiomlán i mbarr a gcumais.
Tá mí-ádh ar Ard Mhacha leis an méid imreoirí da gcuid atá gortaithe agus Oisín Conady, Conor Turbitt, Aaron McKay agus Ciarán Mackin ina measc siúd a chaill an chéad chluiche craoibhe i gcoinne Aontroma cúpla seachtain ó shin.
Ní bheidh aon radharc i mbliana ar Rian O’Neill ach an oiread agus cinneadh déanta aige seasamh siar ón bpainéal. Ach bhí sárchluiche ag a dheartháir Oisín nuair a tugadh isteach mar ionadaí é i bPáirc Uí Chorragáin. Cé gur bhuaigh Ard Mhacha le haon phointe dhéag sa deireadh, agus 1-34 aimsithe acu, rinneadar obair chrua de chuid mhaith den chluiche, bíodh is go bhfuil moladh tuillte ag Aontroim freisin as an mbrú a chuir siad ar churaidh na hÉireann.
Ba cheart go gcuirfí tástáil níos déine fós ar Ard Mhacha tráthnóna. Má thagann siad tríd, déanfar dearmad ar go leor de na deacrachtaí a bhí acu ar an bpáirc sa gcéad chuid den bhliain, ach is cinnte go mbeidh fir Thír Eoghain cíocrach chun catha.
Fág freagra ar 'Cuirfidh Tír Eoghain tástáil cheart ar Ard Mhacha i gcluiche leathcheannais Uladh'