An Pápa Proinsias adhlactha i Basilica di Santa Maria Maggiore i ndiaidh sochraid mhór

Bhí 400,000 duine sa Róimh inniu le freastal ar shochraid an Phápa, searmanas a bhí níos simplí ná ba nós le Pápaí

An Pápa Proinsias adhlactha i Basilica di Santa Maria Maggiore i ndiaidh sochraid mhór

Tá an Pápa Proinsias adhlactha i Basilica di Santa Maria Maggiore sa Róimh agus gan de scríbhinn ar a thuama ach ‘Franciscus’, mar a d’iarr sé féin.

Bhí 400,000 duine sa Róimh inniu le bheith i láthair ag sochraid an Phápa, searmanas a bhí níos simplí ná ba nós i gcás Pápaí.

Bhí na céadta ceannairí stáit i gCearnóg Pheadair inniu don tsochraid shollúnta agus ina measc bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn, an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris.

Ar an lucht ceannais eile a fuair cuireadh bhí Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump.

Ó mhoch maidine bhí na sluaite cruinnithe taobh amuigh de Bhaisleac Naomh Peadar do shochraid an Phápa Proinsias a bhásaigh Dé Luain seo caite in aois a 88 bliain. Déan Choláiste na gCairdinéal, an Cairdinéal Giovanni Battista Re, a bhí i mbun an tsearmanais.

Chuir an Cairdinéal Giovanni Battista Re ceann ar na paidreacha agus na sleachta as an mBíobla agus ansin thug sé an moladh agus an beannacht deiridh sular chuir sé anam an Phápa faoi chumhdach Dé.

Bhog an Pápa “intinn agus croí” daoine agus ba é a theastaigh uaidh ná “droichid a thógáil seachas ballaí”, a dúirt an Cairdinéal Giovanni Battista Re.

Laidin is Iodáilis is mó a labhraíodh i rith na sochraide agus úsáideadh teangacha eile chomh maith.

Ach a raibh an tsochraid thart, tugadh an chónra isteach i mBaisleac Naomh Peadar sular tugadh ceithre chiliméadar í go Baisleac di Santa Maria Maggiore sa Róimh. Adhlacadh an Pápa le taobh íocón den Mhaighdean Mhuire a raibh urraim ar leith aige di.

Sa gceathrú haois a tógadh an séipéal seo atá in aice leis an Colosseum, an chéad cheann sa Róimh a tiomnaíodh do Mhuire. D’iarr an Pápa Proinsias go ndéanfaí é féin a adhlacadh i mBaisleac Pápach Santa Maria Maggiore, teach pobail ar mhinic leis cuairt a thabhairt air le paidir a rá os comhair íocón den Mhaighdean Mhuire ansin, agus théadh sé ann i gcónaí tar éis a chuid turas.

Is é an Pápa Proinsias an chéad Phápa le breis is céad bliain a adhlacadh taobh amuigh den Vatacáin agus an chéad Phápa ó 1600 a cuireadh i Basilica di Santa Maria Maggiore. Seachtar Pápaí a cuireadh ansin roimh Phroinsias.

Cé go raibh mustar is deasghnátha go leor ag baint le sochraid an Phápa inniu, rinne sé féin leasuithe is simpliú ar na rialacha a bhain le sochraid Pápa anuraidh lena léiriú gur ‘deisceabal Chríost’ a bhí ann féin seachas “fear cumhachtach sa domhan seo”.

Ar na teidil éagsúla a tugadh ar Phroinsias le linn an tsearmanais, bhí Easpag na Róimhe, Pápa, Tréadaí, seachas an teideal mórchúiseach ‘Ard-Phontaif na hEaglais Uilíche’.

Dhiúltaigh an Pápa Proinsias do chultacha ornáideacha na hoifige agus do ghalamaisíocht na n-áras cónaithe agus chloígh sé leis an dearcadh sin go deireadh a shaoil. Ina thiomna deiridh chinn sé go mbeadh níos lú den mhustar is den seó mór ag baint lena shochraid.

Bhí dianslándáil i bhfeidhm sa Róimh don tsochraid agus breis is 2000 póilín, cruinnaimsitheoirí agus fórsaí speisialta ansin chomh maith le 400 oifigeach a bhí i mbun cúrsaí tráchta.

Bhí cosc ar aon aerárthach in aerspás na príomhchathrach ó mheán oíche aréir agus bhí fórsaí slándála na Vatacáine i mbun dualgias chomh maith.

An Cairdinéal Kevin Farrell, an camerlengo, a tógadh i mBaile Átha Cliath, a bhí i mbun socruithe na sochraide agus a chuir an clár ar chónra an Phápa aréir.

Ba nós trí chónra os cionn a chéile a chur ar Phápaí ach d’ordaigh an Pápa Proinsias nach mbeadh air féin ach an t-aon chónra amháin, cónra adhmaid agus craiceann since taobh istigh léi.

Aréir clúdaíodh éadan an Phápa le héadach bán síoda sular dúnadh an chónra.

Cuireadh siombailí dá Phápacht san uaigh leis an bPápa – mála de bhoinn airgid a buaileadh agus eisean ina Phápa agus stán ina mbeidh cáipéis nó ‘rogito’ a thugann gearrchuntas ar a shaol agus a thréimhse ina Phápa. Léadh an rogito amach os ard sular dúnadh an chónra aréir.

Treoracha simplí soiléire a thug an Pápa Proinsias faoina adhlacadh: bíodh an tuama sa talamh, gan aon mhaisiúcháin air, agus gan de scríbhinn air ach Franciscus.”

Tá na hullmhúcháin á ndéanamh cheana féin don chomhthionól rúnda ag a roghnóidh na cairdinéil an chéad Phápa eile.

Bíonn an-rúndacht agus nósmhaireacht sheanbhunaithe ag baint leis an gcomhthionól ag a dtoghfar comharba Phroinsiais i gCathaoir Pheadair, an conclave mar a thugtar air. Mar a bhí riamh bíonn deasghnátha reiligiúin agus polaitíochta ag baint leis an toghchán sin agus an próiseas uilig faoi rún daingean.

Tiocfaidh na cairdinéil i gColáiste na gCairdinéal i gceann a chéile sa Séipéal Sistíneach le tús a chur leis an gcur is cúiteamh óna dtoghfaidh 135 Cairdinéal an chéad cheannaire eile ar an Eaglais Chaitliceach.

Ní fios cén fhad a mhairfidh an conclave mar leanfar leis an vótáil go dtí go bhfaighidh fear amháin dhá dtrian de vótaí an Tionóil. Údar spéise do dhaoine an toghchán sin agus bíonn faire an domhain ar an deatach bán a fhógraíonn go bhfuil comharba tofa. I stair na heaglaise, uaireanta an chloig, laethanta, seachtainí agus fiú blianta a thóg sé ar na cairdinéil aontú faoin tréadaí nua.

Sa domhan uilig tá 252 cairdinéal ach níl ach 135 díobhsan faoi bhun na ceithre scór bliain agus is iadsan amháin atá i dteideal vótáil don Phápa nua cé go bhféadfaidh na seanóirí a bheith i láthair ag an conclave.

Is é an Pápa Proinsias féin a rinne cairdinéil de 108 de na fir a bheidh ag vótáil dá chomharba. Fágann sin gur ceapacháin de chuid an Phápa Proinsias ceathrar as gach cúigear a bhfuil cinneadh faoina chomharba ar a nguaillí. Ní haon iontas go bhfuil tráchtairí ag ceapadh go bhféadfadh gur liobrálach a thoghfaí a leanfadh leis na tosaíochtaí don eaglais a bhí gar do chroí an Íosánaigh, Proinsias, atá faoi shuan i gCríost anois.

Fág freagra ar 'An Pápa Proinsias adhlactha i Basilica di Santa Maria Maggiore i ndiaidh sochraid mhór'