Ó DHÚCHAS: Ó throscadh go féasta faoi Cháisc…

Ní bhíonn aon chaitheamh aimsire, rince ná spórt ag aon duine Aoine an Chéasta

Ó DHÚCHAS: Ó throscadh go féasta faoi Cháisc…

Ar Aoine an Chéasta, cuireann na daoine na preátaí luatha. Ar Aoine an Chéasta téann na daoine chuig tobar beannaithe, téann muintir Fhánada siar go dtí tobar Dumhach Mhóir (Tobar Naomh Bhudóg) agus ólann siad cúpla deoch amach as an tobar, agus beireann siad cúpla buidéal as an tobar leo. Téann na daoine siar ‘un tobair ar maidin agus ba ghnách leo troscadh a dhéanamh go dtí an dó dhéag an lá sin, nó go ndéanadh na linbh trí scread leis an ocras. Níor chóir daofa a gcuid gruaige a chíoradh ach oiread.

Domhnach Cásca

Ar maidin Domhnach Cásca, éiríonn cuid de na daoine go han-luath agus beireann siad lán scála tin [stáin] d’uisce, nó lán báisín go bhfeicfidh siad an ghrian ag damhsa ann. Bíonn an ghrian ag damhsa le lúcháir an mhaidin sin, de bhrí gur ar an mhaidin sin a d’éirigh Íosa Críost ó mhairbh. 

Máire Mhic Reannacháin(45) Gort na Trá, Co Dhún na nGall.

Le linn a m’óige do thugtaí ubh Aoine an Chéasta ar aon ubh a bheireadh cearc ar Aoine an Chéasta. Do chuireadh muintir an tí na huibheacha sin i leataobh go cúramach. Uair éigin tar éis an mheán oíche maidin Domhnach Cásca d’éiríodh muintir an tí agus bheirídís na huibheacha sin agus d’ithidís iad. Dá mba rud ná beadh acu ach an t-aon ubh amháin do bheirídís í agus do dheinidís í a roinnt ar na daoine a bheadh i láthair. Dheineadh na huibheacha sin maitheas anama agus coirp do lucht a hite

Róis Uí Mhongáin (74), Maigh Bhealaigh, Co Chill Dara

Aoine an Chéasta an Aoine ar cuireadh Ár dTiarna chun báis agus gach Aoine ó shin i leith lá troscaidh is ea é. Ní bhíonn aon chaitheamh aimsire, rince ná spórt ag aon duine an lá san. Téann gach duine go dtí an séipéal an lá san chun stáisiúin na croise a dhéanamh. Dá dtagadh tinneas nó pian ar aon bhall ded chorp, deir na seandaoine go mbeadh sé ort ar feadh do shaoil mar mharódh sé thú.
Bíonn an-cheiliúradh ag daoine Satharn agus Domhnach Cásca. Maidin Domhnach Cásca itear a lán uibheacha mar tá drochaimsir an Charghais imithe agus bíonn a lán féastaí eile acu. Bíonn deireadh leis an gCarghas Satharn Cásca. Deir muintir na tuaithe go mbíonn an ghrian ag rince maidin Domhnach Cásca go han-luath ar maidin agus ní fheiceann éinne í ach daoine nach bhfuil aon pheaca orthu.

P Ó Loingsigh, An Ráth Bán, Lios Dúin Bhearna.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ó throscadh go féasta faoi Cháisc…'