Ó DHÚCHAS: Mallacht na Naomh ar Theamhair na Rí

Seanchas as Port Omna na Gaillimhe faoin deireadh a bhí le Teamhair na Rí

Ó DHÚCHAS: Mallacht na Naomh ar Theamhair na Rí

Nuair a bhí Aodh Guaire ina fhlaith ar Chineál Féichín sé’n áit a raibh cónaí air cóngarach don áit a bhfuil an sráidbhaile Mainistir Chineál Fheichín fé láthair.

Le linn do Dhiarmuid Mac Cearbhaill a bheith ina ardrí, bhí Naomh Ruadhán, uncail d’Aodh Guaire, i Lothra agus bhí Naomh Breandán i gCluain Fearta, áit nach gcloisfeadh sé glór chloig Naomh Ruadhán. San am céanna bhí Naomh Breandán i mBiorra.

Duine ab ea Diarmuid a chuir roimhe údarás an ardrí a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Chuige sin chuir sé teachtairí chuig na fo-rithe lena chur in iúl dóibh gurbh é a ndualgas a bheith umhal don ardrí. Nuair a thagadh duine de na teachtairí seo chuig dún rí cúige bhíodh sleá an ardrí á hiompar trasna ar a bhrollach aige agus mura mbeadh doras an dúin sách leathan leis an tsleá a ligint isteach ar an gcuma sin leagfaí an balla chaon taobh den doras le go dtiocfadh an tsleá isteach.

Bhí sé de mhí-ádh ar Aodh Guaire go raibh a dhoras róchúng agus nuair a tosaíodh ar an mballa a réabadh bhuail racht buile é agus mharaigh sé an teachtaire ar áit na mbonn.

Nuair a thuig Aodh go raibh dlí an Ardrí sáraithe aige d’éalaigh sé leis thar an tSionainn soir go dtí an tEaspag Seanach in Urmhumhain, ach ní dhearna Seanach ach é a chur fá choimirce Naomh Ruadhán. Anonn go dtí an Bhreatain Bheag a chuir Naomh Ruadhán é ach ar chomhairle Dhiarmuda chuir na Breatnaigh ar ais arís é, chuig Naomh Ruadhán.

Tháinig an tArdrí Diarmuid agus a lucht armtha go Lothra agus d’iarr ar Ruadhán an coirpeach a thabhairt suas. Ní ghéillfeadh Ruadhán dóibh agus chroch siad Aodh leo dá bhuíochas.

D’éirigh Ruadhán agus thug sé Breandán Biorra leis agus leanadar an tArdrí agus a lucht coimeádta go Teamhair de bhrí gur sháraigh siad tearmann na heaglaise. Ach do chinn an tArdrí díoltas dleathach a bhaint amach in éiric an teachtaire a mharaigh Aodh. Dá bhrí sin thug sé an chluas bhodhar do Ruadhán agus do Bhreandán Biorra.

Ansin shiúil an dá naomh ar feadh trí lá thart timpeall na Teamhrach agus le greadadh clog chuir siad mallacht na heaglaise ar an sean-áitreabh ríúil sin agus rinne an tairngreacht nach mbeadh cónaí ar rí ná ar bhanríon ar chnoc na Teamhrach go deo na ndeor arís.

Sa mbliain 565 is ea tharla a bhfuil ráite againn. Bliain ina dhiaidh sin maraíodh Diarmuid i gcath agus rí ná banríon níor chónaigh i dTeamhair na Rí ó shin.

An tSiúr M. Lorcán as Clochar na Trócaire i bPort Omna a d’eachtraigh i mBailiúchán na Scol

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mallacht na Naomh ar Theamhair na Rí'