Ó DHÚCHAS: Fidléir Caoch Thír Eoghain sna Rosa

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Comhairle atá againn an tseachtain seo gan ligean do mhaoin an tsaoil tú a mhealladh

Ó DHÚCHAS: Fidléir Caoch Thír Eoghain sna Rosa

Ba as Tír Eoghain a tháinig an Fidileoir Caoch I dtús ama. Ba é an fidileoir a ba bhinne dár bhuail port ariamh. Ní iarrfá pléisiúr ach ag éisteacht leis. Chaith sé a shaol ins na Rosa ó tháinig sé ann ina stócach go raibh sé ina sheanduine. Ní rabh aon bhainis ins an phobal nach raibh sé aici.

Tháinig an aois ar an duine bocht mar a thig sí i gcónaí agus ins an deireadh tugadh fé deara é ag éirí tostach tromchroíoch.

Bí sé le haithne air fhéin go raibh cumha air. Oíche amháin bhí sé ag seinm do lucht bainise I dtigh Mhánais Mhóir. Tamall beag roimh an lá tháinig cailín aníos agus shuigh sí ar an súgán agus chuir a lámh ar a ghlúin. ‘Tú fhéin atá ann a stór?’ arsa’n fidileoir. Cé a bhí ann ach Nóra Shéamuis Bháin. Is iomaí oíche a chaith an Fidileoir Caoch i dtigh Shéamuis Bháin.
Bhí athne aige ar Nóra ariamh anall. Is minic a sheas sé os cionn an chiabháin nuair a bhí sí óg ag seinm ar an fhidil di. Deireadh sé i gcónaí go mbeadh oíche mhór acu ar a bainis. Nuair a bhí Nóra na cailín bhíodh sí go minic leis chuig na bainiseacha. Bhí sé iontach geallmhar uirthi.
‘Tchíthear dom go bhfuil tú cineál gruama anocht,’ arsa sise leis i dtigh Mhánais.

‘Tá,’ ar seisean ‘tá eagla orm nach dtig liom an gealltanas a thug mé a chomhlíonadh – go seinnfinn ar do bhainis.’

‘Cad chuige a n-abraíonn tú sin, a chroí?’ ar sise.

‘Tá,’ ar seisean ‘aithním an bás ag teacht orm.’

‘Amaidí, a dhuine,’ ar sise ‘tá saol mór fada ionat go fóill.’

‘Leoga níl a rún,’ ar seisean ‘agus is maith atá a fhios agam nach bhfuil. Ach cá huair a bhfuil tú fhéin is Conall ag brath pósadh?’

‘Ag Dia atá fhios,’ ar sise, ‘níl mo mháthair ag brath mé a ligint leis nó bhí droch-ádh ar an duine bocht. Oíche na gaoithe móire chaill sé bád úr agus mórán rudaí eile. Anois níl aon phingin ar a thús nó a dheireadh. Tá fear ar an bhaile seo thall i ndiaidh teacht as Meiriceá agus deir siad go bhfuil mol mór airgid aige. Bhí sé ag caint le m’athair ar an aonach agus d’iarr sé mise air.’

‘Tá, ach cuimhnigh ar an rud a deir an file,’ arsa an fidileoir: 

‘Ní hí an mhaoin a bhéarfas i dtír thú ‘gus ná mealltar léi thú.’

Seachtain ina diaidh sin casadh an Fidileoir Caoch ar Nóra ar ais. Bhí glór lag ina cheann mar a bheadh duine a bheadh tuirseach.

‘Siúil leat go bhfágfaidh tú i nDún Lúiche mé,’ ar seisean.

‘Goidé a bheifeá a dhéanamh i nDún Lúiche?’

‘Tá, tá mé ag dul ’na bhaile. Ag dul ’na bhaile go Tír Eoghain. Fanfaidh mé i nDún Lúiche anocht agus rachaidh mé go Leitir Ceanainn amárach.’

‘Tá eagla orm go bhfuil an slaghdán ort agus is fearr duit fanacht i dtigh s’againne go maidin.’

‘Tá an bás agam,’ ar seisean, ‘ach ba maith liom a bheith curtha aici fhéin.’

D’imigh an fidileoir as an taobh seo den tír agus chan fhacthas é go cionn trátha.

Oíche amháin buaileadh an doras: ‘Go mbeannaí Dia is Muire agus go maire an lánúin a saol úr.’

D’aithin siad gurbh é an Fidileoir Caoch do bhí ann. Cuireadh fáilte roimhe agus arsa Nóra: ‘Buíochas don Rí go bhfuil tú anseo.’

‘Nár gheall mé duit go mbeinn ag seinm ar do bhainis?’

Chruinnigh na bailte agus chan de phócaí folmha. Bhí preátaí, muiceoil, im, uibheacha agus rl ann, agus bhí oíche mhór ann go maidin.

Fuair an Fidileoir caoch bás i dTír Eoghain agus d’fhág sé an fhidil ag Nóra.

Brian Ó Dubhthaigh, Tráigh Éanach, Co Dhún na nGall a fuair an scéal seo ó Pheadar Ó Dubhthaigh

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Fidléir Caoch Thír Eoghain sna Rosa'