Ó DHÚCHAS: Cérbh í Bean Dhubh an Ghleanna?

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá seanchas spéisiúil againn faoin amhrán cáiliúil

Ó DHÚCHAS: Cérbh í Bean Dhubh an Ghleanna?

Fadó fadó san aimsir Phágánach bhí áit speisialta i nDairbhre chun daoine phósadh. Ní phósaidís istigh sa tigh ach amuigh fén spéir.

Ritheadh an fear i ndiaidh na mná ar feadh cúpla míle go dtí áit ina raibh dhá chloch ina seasamh. Bhí poll sa leac ‘chlé’ agus chuireadh an bhean a lámh amach tríd an bpoll chun go gcuirfeadh an fear an fáinne ar a méar.

Tá na leacacha ina seasamh san Oileán fós in áit ar a dtugtar ‘Rinn na gColún’. Bhíodh draíocht éigin ag an mnaoi tar éis sin.

Uair amháin bhí bean san Oileán agus do mharaíodh sí leanaí óga. Díbríodh as an Oileán í agus chuaigh sí chun an Ghleanna. Bhí sí faoi dhraíocht tar éis an phósta san Oileán. Do chónaigh sí san nGleann ar feadh tamaill. Fuair sí bás agus tar éis sin bhí sí ag dul timpeall na háite mar sprid. Aon duine a bheadh amuigh tar éis a dó dhéag a chlog, bheadh comhrac aici leis. Dá mbeadh scian coise duibhe agat nó maide draighin, nó cú fhíordhubh, níor bhaol duit í ach a mhalairt mura mbeadh.

Oíche amháin bhí fear óg ar thuras fada agus bhí sé ag marcaíocht ar chapall.

Bhí sé tar éis meán oíche nuair a tháinig sé go dtí an Gleann. D’ullmhaigh sé é féin i gcomhair na spride. Ní raibh sé rófhada ar an mbóthar san Ghleann nuair a tháinig sí ina threo.

Nuair a chonaic sé chuige í, cheap sé go raibh bás obann i ndán dó, mar ní raibh an scian ná an maide draighin ná an chú fhíordhubh aige. Sarar thosnaigh an troid eatarthu, do thosnaigh sé ag amhránaíocht. Do chum sé amhrán di.

Seo an t-amhrán:

Sí bean dhubh an Ghleanna,
An bhean dhubh is fearra
Sí bean dhubh ba dheise gáire
Dá bhfaighinnse mo rogha
De mhnáibh dheasa an domhain
B’í bean dhubh an Ghleanna dob fhearr liom.
Nuair a gheobhann sí uaim amach
Cailleann an ghrian a teas
Fuilíonn an ghealach le grá di
Dá bhfaighinnse mo rogha
De mhnáibh dheasa an domhain
B’í bean dhubh an Ghleanna dob fhearr liom.

Le linn an amhráin a bheith ar siúl aige bhí sé ag druidim chuig sruthán a bhí ag sní tríd an ngleann. An fhaid a bhí sé ag amhrán níor thug an sprid fé ndeara cad a bhí á dhéanamh aige, ach ní túisce a stad sé ná chonaic sí go raibh sé ag éalú uaithi, mar ní féidir le sprid dul thar uisce.

Díreach mar a bhí an capall ag léimt thar an sruthán tharraing sí buille air agus is amhlaidh a dhein sí dhá leath den chapall.

Thit an fear óg ar an dtaobh eile den sruthán. Thug sé buíochas le Dia gur tháinig sé slán agus geallaimse duit na raibh sé amuigh ar an mbóthar céanna arís chomh déanach sin.

Pádraig Ó Cathasaigh as an Rinn Ard in Uíbh Ráthach a fuair an scéal seo óna mháthair ach níor scaoil sé a hainm linn

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cérbh í Bean Dhubh an Ghleanna?'