Ó Cine 4 go Top Gun, tá bliain mhór scannáin romhainn

Ní tearc na saothair shuimiúil atá romhainn sa phictiúrlann in 2020

Ó Cine 4 go Top Gun, tá bliain mhór scannáin romhainn

Cine 4

Fógraíodh ag tús mhí na Samhna go raibh dhá fhadscannán eile le maoiniú faoin scéim Cine 4: Fanacht agus Tarrac. Ciallaíonn sé sin go bhfuil, ag an bpointe seo, sé shaothar san iomlán le teacht ón gcomhghuaillíocht úd idir TG4, an BAI agus Fís Éireann. Léiríodh Finky ag Fleá Scannán na Gaillimhe níos luaithe i mbliana agus tá an scannán sin mar aon leis an saothar eile ón gcéad bhabhta maoinithe, Arracht ar camchuairt ag na féilte scannán faoi láthair. Níl dáta craolta luaite leis na scannáin go fóill, ach beidh siad le feiceáil sna pictiúrlanna in Éirinn am éigin sula gcraolfar ar TG4 iad.  Arracht lonnaithe in Éirinn na bliana 1845 díreach roimh an ngorta mór agus díríonn sé ar chruatan na tréimhse úd. Is iad Dónall Ó Héalaí, Michael McElhatton, Siobhán O’Kelly, Dara Devaney, Peter Coonan, Seán T. Ó Meallaigh agus Michelle Beamish an cliar. Léirmheasanna moltacha a bhí sna chéad léirmheasanna a rinneadh ar Arracht. Tá léirmheas Tuairisc.ie ar Finky le fáil anseo.

Calm With Horses

Ba iardhornálaí cumasach é Arm (Cosmo Jarvis) tráth dá raibh, ach anois tá leas á bhaint aige as an lámh láidir do theaghlach coirpeach in iarthar na hÉireann. Ní imeaglú agus brúidiúlacht na haon cúraimí atá air mar tá air aire na huibhe a tabhairt dá mhac óg cúig bliana d’aois a bhfuil uathachas air. Tagann cúrsaí go cnámh na huillinne an chéad uair a iarrtar air duine a dhúnmharú. Léirmheasanna iontacha faighte ag an saothar seo nuair taispeánadh é ag féilte i Meiriceá. Barry Keoghan, Ned Dennehy agus Niamh Algar sa chliar chomh maith.

The Many Saints of Newark

Tá sé tagtha ar deireadh; trí bliana déag tar éis don tsraith teilifíse is fearr riamh teacht chun críche beimid ag filleadh ar New Jersey agus gníomhartha buile mhuintir Soprano. Faoi 2007 bhí formhór charachtair shuimiúla na sraithe curtha de dhroim seoil agus ó shin tá James Gandolfini é féin imithe ar shlí na fírinne. Ní raibh an dara suí sa bhuaile ag meitheal an tsaothair seo ach tabhairt faoi réamhscéal. Díreoidh an scannán seo ar óige Tony mar sin, agus is mac le Gandolfini, Michael, atá sa phríomhról. An rud is mó a chuireann uisce le fiacla ná go bhfuil draoi na sraithe, David Chase, fillte mar dhuine de na scríbhneoirí.

Artemis Fowl

Tá na hógánaigh a ghránn leabhair fantaisíochta le hEoin Colfer ar tinneall ó fógraíodh go raibh Disney chun gaiscí Artemis a thabhairt a fhad leis an scáileán mór. Is é an déagóir Éireannach as Cill Chainnigh Ferdia Shaw a bheidh sa phríomhról. Beidh Kenneth Branagh i gcathaoir an stiúrthóra agus beidh róil thánaisteacha ag Judi Dench agus Josh Gad. Is é is dóichí ná a mhalairt ná gurb é seo an chéad saothar i sraith scannán.

1917

Saighdiúirí ar mhisean contúirteach; seanchiúta scéalaíochta agus meirg air, ach nuair atá Sam Mendes ar an stiúir tá a fhios agat gur aistear machnamhach suaite cumasach a bheidh romhat amach. Iarrtar ar na saighdiúirí Schofield (George MacKay) agus Blake (Dean-Charles Chapman) sciuird a thabhairt isteach i gcríocha a namhad le foláireamh a thabhairt dá gcomhghleacaithe faoi luíochán a d’fhéadfadh 1,600 duine a chur de dhroim seoil, deartháir le duine acu in measc. Cliar cuidsúlach sa saothar le Benedict Cumberbatch, Colin Firth, Mark Strong, Richard Madden agus Andrew Scott na hÉireann ina measc.

Tenet

Níl mórán ar eolas faoin saothar is déanaí ó Christopher Nolan ach is cinnte gur saothar tathagach a bheidh ann mar is ó cheárta Nolan a thagann sé. Tá a fhios againn gur scannán aicsin a bheidh ann agus tá spiaireacht, amthaisteal agus cúrsaí éabhlóide luaite mar théamaí. Robert Pattison, Elizabeth Debicki, Kenneth Branagh agus Michael Caine sa chliar.

No Time to Die agus Top Gun: Maverick

Ní fhágfar ar an trá fholamh sinn maidir leis na scannáin mhóreachtraíochta in 2020 ó tharla Bond agus Maverick ag filleadh. Beidh Daniel Craig ag tabhairt faoi ról James Bond den chúigiú uair agus den uair dheireanach. Tá Ralph Fiennes, Naomie Harris, Rory Kinnear, Ben Whishaw, Lea Seydoux agus Jeffrey Wright ag filleadh chomh maith. Is é  Rami Malek a bheidh i ról an bhithiúnaigh.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil trí bliana déag ar fhichid gafa tharainn ó dhein Top Gun réalt mór idirnáisiúnta de Tom Cruise. Beidh Miles Teller i ról Bradley, mac le leathbhádóir Maverick a maraíodh sa chéad ghála agus is cinnte go mbeidh radharcanna aicsin san aer á gcniotáil le ceol a chuirfidh na ladhracha ag damhsa mar aon le sinn a sheoladh siar bóithrín na smaointe.

West Side Story

‘Athdhéanamh eile’ a déarfadh duine amháin. ‘Ní féidir an saothar bunaidh a shárú,’ a déarfaidh duine eile. Bíodh sin mar atá caithfear suntas a thabhairt don léamh úr seo ar an seanscéal óir go bhfuil Steven Spielberg ar an stiúir agus is é an ceardaí pinn Tony Kushner a chuir an scríbhinn ar fáil.

The Gentlemen

Tá scannáin gan dealramh caite ar an sop ag Guy Ritchie ach tá sárshaothair tagtha uaidh chomh maith. Tá cuma na maitheasa ar an saothar seo agus Ritchie ag filleadh ar an iomaire is mó a oireann dó, coiriúlacht Londan. Castaí, seifteanna, foréigean agus a lán rudaí eile nach iad.  Hugh Grant, Matthew McConaughey, Charlie Hunnam, Colin Farrell agus Michelle Dockery sa chliar.

The Lighthouse

Tá cad é bús faoin scannán beirte seo le tamall agus moladh mór faighte ag Robert Pattinson agus Willem Dafoe as an léiriú a dhéanann siad ar bheirt fhear tí solais atá buailte fúthu ar charraig i lár na farraige. Deineadh an saothar a scannánú i ndubh agus bán agus cabhraíonn sin le hatmaisféar gruama, tuarúil a chruthú fad is atá na fir fhéasógacha ag imeacht le craobhacha.

Fág freagra ar 'Ó Cine 4 go Top Gun, tá bliain mhór scannáin romhainn'