Ó Cheann Boirne go dtí Fánaid, lasann na tithe solais slí na staire dúinn…

Osclaíodh ionad álainn do chuairteoirí ag Teach Solais Fhánada an tseachtain seo. Is mithid sin, a deir ár gcolúnaí, a chuir suim riamh sna tithe solais ar chósta na hÉireann

Ó Cheann Boirne go dtí Fánaid, lasann na tithe solais slí na staire dúinn…

Nuair a bhíos óg, agus muid ag caitheamh an tsamhraidh sa Spidéal, ó am go ham bhreathnaíodh mé amach ó dheas ar an spota beag bán a bhí le feiceáil díreach trasna na farraige uainn. San oíche d’fheicinn an solaisín beag ag caochadh go rithimiúil, gan stad. Shíl mé gur ann a bhí cónaí ar chara pinn mo mháthar. Caithfidh sé go raibh mé an-óg ar fad – bhí an bhean chéanna ina cónaí in Pennsylvania sna Stáit Aontaithe.

Teach solais Cheann Boirne a bhí ann ar ndóigh, i gContae an Chláir. Níl aon ghaol ná cosúlacht idir an t-ainm Gaeilge Ceann Boirne agus ‘Black Head,’ ach ainm coitianta go maith é ‘Black Head’ nó ‘Black Rock’ sa tír seo. Agus bíonn tithe solais orthu go minic, toisc go mbíonn an charraig nó an ceann tíre ag gobadh amach go contúirteach sa bhfarraige.

Deirtear gurb iad lucht na ‘liners,’ na longa móra paisinéirí a thagadh go Gaillimh tráth, a d’iarr go dtógfaí teach solais ag Ceann Boirne. De réir a chéile tháinig deireadh leis an ré áirithe sin agus laghdú dá réir ar an ngá le duine a bheith fostaithe go lánaimseartha sa teach solais.

Mhair mo shuim féin sna tithe solais atá thart ar an gcósta agus ba chúis iontais dom i gcónaí nach rabhadar á bhforbairt mar ionaid turasóireachta. De réir a chéile, tháinig deireadh le ré na gcoimeádaithe agus athraíodh na soilse go córas a bhí uathoibríoch.

Anois tá an-suim á cur sna tithe solais agus go leor acu forbartha mar ionaid turasóireachta.

Níl sé i bhfad ó osclaíodh Teach Solais Cheann Léime an Chláir do thurasóirí agus tá líon na gcuairteoirí ag méadú chuile bhliain ó 2011. Tá sé faoi chúram Chomhairle Chontae an Chláir agus Coimisinéirí Soilse na hÉireann.

Tá stair ársa ag baint leis a théann siar chomh fada leis an 17ú haois. Anois tá sé ar liosta an ‘12 Teach Solais’ is mó a tharraingíonn clú agus cáil i réimse na turasóireachta.

Bhí ceann eile díobh sa nuacht an tseachtain seo – Teach Solais Fhánada, i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall. Tá a cháil amuigh mar an teach solais a úsáideadh sa bhfógra teilifíse don phéint ‘Sandtex’ tráth.

Nuair a thug mé cuairt air anuraidh ní raibh Ionad na gCuairteoirí oscailte fós ach fearadh fáilte mhór romhainn – Gaeilge den scoth ag na treoraithe óga agus caife le fáil ón trucaillín taobh amuigh. D’oscail an tAire Stáit Joe McHugh ionad álainn ann do chuairteoirí an tseachtain seo agus ní fada go dtabharfaidh mé cuairt air arís.

Is féidir cuairt a thabhairt ar an teach solais é féin, dul in airde staighre go dtí na lampaí agus gach a mbaineann le hoibriú an innealra a fheiceáil. Dhéanfá iontas de na soilse beaga bídeacha ‘LED’ a chaitheann solas mór láidir amach sa bhfarraige le cabhair ó mhéadaitheoirí gloine.

Tá Teach Solais Fhánada i mbéal Chuan Loch Súilí agus ní haon iontas gur tógadh é i dtús an 19ú haois. Deirtear go raibh 62 ‘eachtra’ briste loinge sa Loch ach ba de bharr bá na loinge ‘Saldana’ in 1812 a cinneadh teach solais a thógáil ansin.

Nuair a chuaigh an ‘SS Laurentic’ go tóin poill sa Loch i 1917, bhí sí luchtaithe le barraí óir – deirtear go bhfuil 22 díobh sin nár frítheadh riamh. Ach rud amháin a thóg tumadóirí uaithi ná an gunna mór. Tá an gunna feistithe ar chéibh na nDúnaibh i Ros Goill- an ceann tíre taobh le Fánaid.

Tá an stair thart ort chuile áit anseo. Beagán ó dheas de Theach Solais Fhánada tá Céibh Ráth Maoláin, as ar imigh uaisle na hÉireann le linn ‘Teitheadh na nIarlaí.’ Ar an leithinis freisin tá droichead nua – Droichead Harry Blaney, nó Droiched an Mhaoil Rua, agus giorraíonn sé d’aistear go mór má bhíonn tú ag dul ó Fhánaid go Ros Goill.

Ós ag trácht mé ar thithe solais a cóiríodh do thurasóirí, is féidir seal a chaitheamh i gcuid acu. Ar oileán Cliara i gCuan Mó, i gContae Mhaigh Eo, tá athchóiriú iomlán déanta ar an teach solais agus is féidir leat fanacht ann ar cíos.

Ach an teach solais is gaire do mo chroí féin, is i gContae Mhaigh Eo atá sé freisin. Sin é Teach Solais an Fhóid Dhuibh, ar leithinis an Mhuirthead. Bhí sé go mór sa nuacht anuraidh de bharr na tragóide héileacaptair ar an gCarraig Dhubh atá gar dó.

Ar bhealach, seo é an teach solais is mó tábhacht i stair na hEorpa. Muintir Shuibhne a bhí i bhfeighil an tí seo ar feadh i bhfad. Bhí cúraimí eile orthu freisin  – ceann acu ná tuairisc na haimsire a thabhairt gach lá. Bhí tábhacht nach beag leis sein le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Nuair a bhí ‘D-Day’ á bheartú i 1944, bhí go leor ag brath ar stádas na haimsire toisc an úsáid a bhí le baint as báid don ionsaí mór. Ba as teach Solais an Fhóid Dhuibh a tháinig an fógra a chinntigh nach ar an gcéad lá a bhí beartaithe acu a thosódh an t-ionsaí ach an lá ina dhiaidh sin. Dúirt Ted Sweeney ina thuairisc aimsire go raibh an aimsir go dona ar an 5 Meitheamh. Ní raibh a fhios aige cén tábhacht a bhain lena thuairisc ach fuair sé roinnt glaonna ó Londain ag iarraidh air a thuairisc a chinntiú.

D’fheabhsaigh an aimsir an lá ina dhiaidh sin agus cuireadh an tuairisc sin ar aghaidh. Leanadh ar aghaidh le ‘D-Day’ mar atá a fhios ag an saol mór anois, ar fhocal choimeádaí an Tí Solais ar an bhFód Dubh, ar an 6 Meitheamh 1944. Bliain ina dhiaidh sin bhí an cogadh thart.

Fág freagra ar 'Ó Cheann Boirne go dtí Fánaid, lasann na tithe solais slí na staire dúinn…'