Ó ‘ábhacht’ go ‘útamálaidhe’, tá saibhreas fhoclóir Sheáin a’ Chóta ar fáil ar líne…

60,000 ceannfhocal agus 2.2 milliún focal ar fad atá i ‘Croidhe Cainnte Chiarraighe’, bailiúchán mór focal ó bhéalaibh na ndaoine a chruinnigh Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach i gCorca Dhuibhne

Ó ‘ábhacht’ go ‘útamálaidhe’, tá saibhreas fhoclóir Sheáin a’ Chóta ar fáil ar líne…

An tráth seo bliana trí mbliana is ceithre fichead ó shin a thosnaigh Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach, nó Seán a’ Chóta, ar chnuasach ceann de mhórshaothair fhoclóireachta na teanga seo againne – Croidhe Cainnte Chiarraighe, bailiúchán ollmhór focal ó bhéalaibh na ndaoine a chruinnigh sé i gCorca Dhuibhne. Fén dtráth go raibh a shaothar curtha i gcrích aige, bhí 60,000 ceannfhocal agus 2.2 milliún focal ar fad sa saothar, agus ní gan conspóid a cruinníodh iad. Tá teacht ag an bpobal anois ar Croí Cainte Chiarraí ar líne, a bhuíochas don Dr. Tracey Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Mhá Nuad, agus is seoid cheart é mar áis.

Ba as Baile na Rátha i nDún Chaoin do Sheán a’ Chóta – deartháir ba ea é do Mhuiris ‘Kruger’ Caomhánach, agus an tOllamh Séamas Caomhánach. Muintir an pharóiste a bhaist Seán a’ Chóta air, toisc go mbíodh an filleadh beag á chaitheamh aige ach a dtiocfadh sé abhaile go Dún Chaoin – ball éadaigh neamhchoitianta ar na bólaí úd. Udar ab ea é agus múinteoir scoile, fear siúlach, scéalach a bhíodh sáite i gcúrsaí náisiúnachais. Ón méid eolais atá agam air, fear mór cuideachta agus pórtair ab ea é chomh maith.

D’iarr an Roinn Oideachais ar Sheán sanasán a chnuasach i measc na cosmhuintire ina áit dhúchais. Thug sé fén obair go fonnmhar, d’fhág a phost múinteoireachta, agus chaith na blianta ag bailiú agus ag cnuasach agus ag tochailt, nó go raibh an seasca míle focal bailithe aige.

Bhailíodh sé timpeall air féin seandaoine, saoithe agus saortha teanga, agus théadh sé ag piocadh na bhfocal astu. Théadh sé ar camchuairt soir thar Dhaingean Uí Chúis agus síos laistíos de chnoc don Leitriúch, ag féachaint an mbuailfeadh aon fhocal suaithinseach leis sna háiteanna san. Is mar seo a chuireann Niall Ó Brosnacháin síos ina leabhar Éist leis an gCóta ar modus operandi Sheáin:

‘Thugadh sé beirt seanduine a raibh an-chumas Gaeilge iontu i bhfochair a chéile. Bhogadh sé iad le braon dí, b’fhéidir. Déarfadh sé ansan le duine amháin acu nárbh é sin an míniú a thug an duine eile ar an bhfocal áirithe sin. Is ansin a chloisfeá an sruth Gaeilge astu agus iad ag plé bríonna na bhfocal.’

Bhain conspóid nach beag leis an bhfoclóir, nó, leis an airgead a bhí á íoc le Seán agus é ag  bailiú na bhfocal. Ach b’fhiú aon airgead an foclóir. Agus tá éacht oibre déanta ag an Dr. Ní Mhaonaigh chun an t-ábhar a thras-scríobh agus a chur os comhair an tsaoil. Deir sí go bhfuil cúig bliana déag caite aici ag gabháil don obair eagarthóireachta – agus nach bhfuil sí críochnaithe fós – ach molann an obair an bhean. Táimid-ne, éinne go bhfuil aon suim acu i saibhreas agus líofacht na teanga seo againne, go mór fé chomaoin aici.

Ó ‘ábhacht(b.3. meidhir, caitheamh aimsire, aoibhneas. Chuirfeadh iarthar Chiarraighe ábhacht ar chroidhe aoinne lé n-a bhreághthacht: aoibhneas agus éirighe croidhe) go ‘útamálaidhe’ (f.4. ablálaidhe, gíotálaidhe, aindeiseoir, duine neamh-shlachtmhar, neamh-chríochnamhail: futarálaidhe. Seachain as san uaim, a útamálaidhe, ní bheadh aonnidh déanta go deó agat: aindeiseóir chun ruda do dhéanamh).

Ní fheadar éinne ach an saibhreas atá i gCroí Cainte Ciarraí. B’fhiú daoibh uair a’ chloig nó deich a chaitheamh á léamh.

Fág freagra ar 'Ó ‘ábhacht’ go ‘útamálaidhe’, tá saibhreas fhoclóir Sheáin a’ Chóta ar fáil ar líne…'

  • Seán Mac Gearailt

    Tá gach duine a bhí bainteach leis an saothar seo le moladh.
    Blianta ó shin mhol mé Dara Ó Cinnéide as snastacht agus saibhreas a chuid Gaolainne. Tá Daithí ar chomhchéim leis measaim. Bíonn nathanna agus seoda beaga á n-úsáid acu a chuireann go mór leis an taitneamh a bhainim as a gcuid altanna a léamh; cé gur minic a bhraithim nach dtuigim go beacht céard is brí leis na nathanna.
    Is mór an chabhair do mo leithéid an foclóir a ghabhann le Tuairisc. Trua nach féidir brí na nathanna 7rl a mhíniú sa chomhthéacs ina mbíonn siad san alt.
    Sin ráite tá éacht á dhéanamh ag Tuairisc lá i ndiaidh lae.

  • Pól Ó Braoin

    Aontaím go huile agus go hiomlán le Seán anseo. Nuair a leagaim súil ar alt den chineál seo, tugann sé misneach dom agus dóchas dom nach ar gcúl uilig atá saibhreas na teanga ag imeacht… beag beann ar chanúintí… Is cuma cén áit a ndéantar an saibhreas seo a chothú, cuireann sé le dual na teanga agus tá na daoine a dhéanann a leithéid le moladh go harda na spéire. B’shin an chaoi a mbreathnóinn féin ar an scéal ar chuma ar bith.

  • Fidelma

    Tá seanaithne agam ar Tracey agus is gaiscíoch í gan aon agó. Is iontach go deo an cnuasach seo agus é a bheith ar fáil ar líne.

  • Bibi

    Ana éacht déanta ag gach éinne a bhí ag obair ar an mór shaothar so. Tá súil agam go mbeidh ár ndóthain Gaeilgeoirí fágtha inar measc chun tairbhe a bhaint as. Táim féin ag foghlaim ualach focail nua. Mo bhuíochas libh go léir a chuir an seod seo ar fáil dúinn.

  • Carraig53@protonmail.com

    Cuireann sé an saibhreas cainte agus foclóra a bhí ages na daoine, ní fada ó shin, ina steillebheathaidh aríst os ár gcoinne amach. Is maith liom an modus op a bhí ag an gCóta .i. na ceardaithe focal a bhogadh le braoinín. Ná tairrigíodh an Mons de Brún an cleas céanna chuige agus na mórshaothair á ndéanamh aige siúd .i. an Choiméide Dhiaga etc? Ceist; Bhfuil aon trácht ar ‘Réiltíní Óir’ in ao’ bhall? Míle buíochas.