- Thíos tá alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
- Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.
A láthair champála féin do phobal na Gaeilge ag an Electric Picnic den chéad uair
- Beidh REIC, Aindrias de Staic, Scannal, Seo Linn, Lauren Ní Chasaide, Liam O’Connor, Just Like Us agus Dó Fá Dó i measc na n-aíonna a thabharfaidh aghaidh ar an ardán Gaeilge, a bheas lonnaithe sa choill ar imeall phríomhláthair na féile. Beidh caifé agus beár ag an láthair freisin agus freastalaithe a mbeidh Gaeilge acu ag obair iontu.
- Dúirt Sorcha O’Reilly, urlabhraí de chuid Festival Republic, an comhlacht ar leis an Electric Picnic gur “ceantar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge” a bheas sa Chollchoill ina mbeidh “fáilte roimh chuile dhuine”.
- “Tá súil againn daoine ó chuile chúlra a mhealladh chun sult a bhaint as an gceol agus as an atmaisféar,” a dúirt sí. Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, go raibh ríméad ar lucht eagair an ardáin go mbeidh “láithreacht na Gaeilge á neartú ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn”.
- Fógraíodh inniu chomh maith liosta na mbannaí a bheas ag seinm ar ‘Ardán na Collchoille’, ardán Gaeilge nua a bheas á reáchtáil ag Bliain na Gaeilge 2018 i gcomhpháirt leis an Electric Picnic.
- Beidh láthair champála dá gcuid féin ag pobal na Gaeilge ag an Electric Picnic den chéad uair riamh i mbliana. Cé go ndearna lucht freastail na féile iarrachtaí roimhe seo lucht campála a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt le chéile ag an fhéile, seo an chéad uair a mbeidh láthair champála oifigiúil ann do na Gaeil.
Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.
Fág freagra ar 'Nua! Meascán Mearaí 9 – Cur in Ord'