A láthair champála féin do phobal na Gaeilge ag an Electric Picnic den chéad uair

Fógraíodh inniu chomh maith liosta na mbannaí a bheas ag seinm ar ‘Ardán na Collchoille’, ardán Gaeilge nua a bheas á reáchtáil ag Bliain na Gaeilge 2018  i gcomhpháirt leis an Electric Picnic

A láthair champála féin do phobal na Gaeilge ag an Electric Picnic den chéad uair

Beidh láthair champála dá gcuid féin ag pobal na Gaeilge ag an Electric Picnic den chéad uair riamh i mbliana.

Cé go ndearna lucht freastail na féile iarrachtaí roimhe seo lucht campála a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt le chéile ag an fhéile, seo an chéad uair a mbeidh láthair champála oifigiúil ann do na Gaeil.

Fógraíodh inniu chomh maith liosta na mbannaí a bheas ag seinm ar ‘Ardán na Collchoille’, ardán Gaeilge nua a bheas á reáchtáil ag Bliain na Gaeilge 2018  i gcomhpháirt leis an Electric Picnic.

Beidh REIC, Aindrias de Staic, Scannal, Seo Linn, Lauren Ní Chasaide, Liam O’Connor, Just Like Us agus Dó Fá Dó i measc na n-aíonna a thabharfaidh aghaidh ar an ardán Gaeilge, a bheas lonnaithe sa choill ar imeall phríomhláthair na féile. 

Beidh caifé agus beár ag an láthair freisin agus freastalaithe a mbeidh Gaeilge acu ag obair iontu.

Dúirt Sorcha O’Reilly, urlabhraí de chuid Festival Republic, an comhlacht ar leis an Electric Picnic gur “ceantar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge” a bheas sa Chollchoill ina mbeidh “fáilte roimh chuile dhuine”.

“Tá súil againn daoine ó chuile chúlra a mhealladh chun sult a bhaint as an gceol agus as an atmaisféar,” a dúirt sí.

                                                                            

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, go raibh ríméad ar lucht eagair an ardáin go mbeidh “láithreacht na Gaeilge á neartú ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn”.

“Beidh an t-ardán suite i gceantar álainn le hatmaisféar draíochtúil, atá oiriúnach dár gcultúr speisialta a bheidh á chur in iúl againn trí cheol, damhsa, scéalaíocht agus filíocht ag an bhféile,” arsa Ní Ruairc.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie nuair a fógraíodh an scéala faoin dara hardán Gaeilge, chuir príomhstiúrthóir ‘An Puball Gaeilge’, Rossa Ó Snodaigh,  “fáilte mhór”  roimh an ardán eile Gaeilge.

Dúirt Ó Snodaigh, atá ag reáchtáil An Puball Gaeilge ag an Electric Picnic le 11 bliain anuas, nach bhfuil “aon iomaíocht” i gceist ó thaobh na n-ardán Gaeilge.

“Fíorú na físe atá ann. Is iontach go bhfuil muid ag Gaelú na háite agus ag bogadh i dtreo ár mórfhéile Ghaelach féin,” a dúirt Ó Snodaigh.

Beidh an Electric Picnic ar siúl idir an 1-3 Meán Fómhair sa Sráidbhaile, i gContae Laoise.

Is féidir clárú d’áit sa láthair champála Gaeilge ón 24 Iúil.

Fág freagra ar 'A láthair champála féin do phobal na Gaeilge ag an Electric Picnic den chéad uair'

  • Feardorcha

    Iontach, “deis” eile bheith ag caint faoi chúrsaí Gaeilge…