Dhá ardán Gaeilge le bheith ag an Electric Picnic den chéad uair riamh

‘An Puball Gaeilge’ agus ‘Ardán Bhliain na Gaeilge’ an dá ardán Gaeilge a bheas ag an mórfhéile cheoil a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair sa Sráidbhaile, i gContae Laoise

Dhá ardán Gaeilge le bheith ag an Electric Picnic den chéad uair riamh

Beidh dhá ardán d’imeachtaí Gaeilge ag Electric Picnic na bliana seo den chéad uair riamh.

‘An Puball Gaeilge’ agus ‘Ardán Bhliain na Gaeilge’ an dá ardán Gaeilge a bheas ag an mhórfhéile cheoil a bheidh ar siúl idir an 1-3 Meán Fómhair sa Sráidbhaile, i gContae Laoise.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Síomha Ní Ruairc, Chomhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, go bhfuil sí “ar bís” go mbeidh ardán eile ag an Ghaeilge ag an Electric Picnic.

“Beidh muid ag obair i gcomhpháirt leis An Puball Gaeilge le níos mó deiseanna a thabhairt d’ealaíontóirí agus ceoltóirí na Gaeilge ag an fhéile,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Ruairc go bhfuil sí ag súil go gcuirfeadh ardán Bhliain na Gaeilge go mór leis an fhéile agus go meallfar tuilleadh daoine le freastal ar imeachtaí Gaeilge.

Dúirt príomhstiúrthóir ‘An Puball Gaeilge’, Rossa Ó Snodaigh, atá i mbun an phubaill sin ag an Electric Picnic le 11 bliain anuas, go bhfuil “fáilte mhór” aige roimh an scéal go mbeidh ardán eile Gaeilge ann.

“Tá breis agus céad ardán Béarla ann agus tá an oiread sin ceoltóirí Gaeilge ann nach leor ardán amháin a thuilleadh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Cé gur gur ardán ar leith é ‘Ardán Bhliain na Gaeilge’ a bheas ann i mbliana amháin, dúirt Ó Snodaigh gur bhreá leis dá mbeadh an dara hardán Gaeilge ann gach bliain.

Beidh ardán Gaeilge Bhliain na Gaeilge lonnaithe san Fhoraois, idir ‘Salty Dog’ agus ‘Trench Town’, an áit a dtéann daoine nuair a bhíonn na príomhcheolchoirmeacha thart.

Beidh ceol beo ar siúl ar Ardán Bhliain na Gaeilge ó 7pm go dtí meán oíche agus beidh deis ina dhiaidh sin ag dioscmharcaigh seinm ó mheán oíche go dtí a dó a chlog ar maidin.

Tá plé ar bun go fóill idir foireann Bhliain na Gaeilge agus lucht na féile maidir leis an gcur chuige a bheidh ag ardán na Gaeilge, ach tuigtear do Tuairisc.ie gur ceol Gaelach is mó a bheas le cloisteáil ar an ardán nua Gaeilge.

Dúirt Ó Snodaigh nach bhfuil “aon iomaíocht” i gceist ó thaobh na n-ardán Gaeilge.

“Fíorú na físe atá ann. Is iontach go bhfuil muid ag Gaelú na háite agus ag bogadh i dtreo ár mórfhéile Ghaelach féin,” a dúirt Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'Dhá ardán Gaeilge le bheith ag an Electric Picnic den chéad uair riamh'