Nua! Meascán Mearaí 8 – Rólghlacadh!

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Gníomhaíocht 1

Ag obair le do pháirtí scríobh 10 bpointe faoin bpictiúr thuas.

Ábhar machnaimh:

  1. Cén chaoi a mothaíonn sé?
  2. Céard a tharla roimhe seo?
  3. An ndúirt duine éigin rud éigin leis?
  4. Cad dúirt an duine seo mar fhreagra?
  5. Cad faoi a bhfuil sé ag smaoineamh anois?
  6. Cad a tharlóidh ina dhiaidh seo?

Gníomhaíocht 2

Nuair atá 10 bpointe scríofa agat bog ar aghaidh chuig páirtí nua agus déan na pointí atá agat a roinnt leis/léi. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair.

Fág freagra ar 'Nua! Meascán Mearaí 8 – Rólghlacadh!'