Nua! Meascán Mearaí 5 – Custaiméir ag gearán le Bainisteoir

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Nua! Meascán Mearaí 5 – Custaiméir ag gearán le Bainisteoir

Gníomhaíocht 1

Tá custaiméir míshásta le teilifís a cheannaigh sí. Cuireann sé glaoch ar úinéir an tsiopa. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint an chustaiméara a chumadh. Nuair a bheidh sé déanta agaibh déanaigí an comhrá a aithris os ard.

Custaiméir: (ag caint go míshásta)

Úinéir: Cad í an fhadhb atá agat go díreach?

Custaiméir:

Úinéir: B’fhéidir gur botún atá ansin. Má tá an admháil agat is féidir leat teacht isteach ag an siopa agus tiocfaimid ar réiteach.

Custaiméir:

Úinéir: An bhfuil tú cinnte go ndearna tú é a chur le chéile mar is ceart. Caithfidh tú é a thiúnáil chomh maith.

Custaiméir:

Úinéir: Bhuel faoi mar a dúirt mé cheana má thagann tú isteach chugainn beimid in ann gach rud a chur in cheart. Má tá rud éigin cearr leis an teilifís beimid in ann ceann nua a thabhairt duit ina háit nó déanfaimid tú a aisíoc.

Custaiméir:

Úinéir: Níl mórán eile gur féidir liom a dhéanamh duit. Níl aon chuimhneamh agam duine éigin a chur amach chugat. Ní chuirimid an tseirbhís sin ar fáil. An bhfuil tú cinnte go bhfuil gach rud déanta i gceart agat?

Custaiméir:

Úinéir: Ar chuir tú cadhnraí sa chianrialtán?

Custaiméir:

Úinéir: An cianrialtán. Caithfidh tú cadhnraí a chur ann. Déarfainn go bhfuil dhá cheann i bpacáiste beag atá ceangailte leis an mbosca.

Custaiméir:

Úinéir: Cé is cúis leis an gcur amú ama anois?

Gníomhaíocht 2

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine in aice leat déanaigí iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail san agallamh samplach.

Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Nuair atá sé déanta, déanaigí é a aithris os ard.

Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an gcomhrá bhí acusan.

Fág freagra ar 'Nua! Meascán Mearaí 5 – Custaiméir ag gearán le Bainisteoir'