Nua! Meascán Mearaí 4 – Cur in Ord

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Nua! Meascán Mearaí 4 – Cur in Ord
  • Thíos tá alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
  • Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

‘So no Irish Language Act, but Irish Language on a Red Hand Commando flag’ – míshuaimhneas faoi bhratacha paraimíleatacha

  1. Dúirt cuid de mhuintir an bhaile leis an Irish News go rabhthas “míshuaimhneach” faoina leithéid de bhratacha a bheith ar foluain in áit phoiblí atá gar do leabharlann agus d’ionad sláinte. 

  2. Bunaíodh an Red Hand Commando i 1972 agus bhí an grúpa gníomhach go háirithe in oirthear Bhéal Feirste agus i gcontae an Dúin. Dearbhaíodh gur eagraíocht mhídhleathach a bhí inti i 1973.

  3. Tá mana Gaeilge le feiceáil ar bhratacha de chuid an ghrúpa pharaimíleataigh an Red Hand Commando, bratacha atá ag cothú míshuaimhnis i gcontae an Dúin.

  4. Mharaigh an grúpa, a bhfuil nasc láidir aige leis an UVF, 13 duine le linn na dtrioblóidí, 12 sibhialtach agus ball amháin den eagraíocht féin ach meastar go raibh baint acu chomh maith le dúnmharuithe eile.

  5. Tá iarratas déanta ag an Red Hand Commando le hOifig Gnóthaí Baile na Breataine go mbainfí an grúpa de liosta na ngrúpaí sceimhlitheoireachta toirmiscthe agus lucht an ghrúpa ag maíomh go bhfuil fúthu an RHC a fhorbairt mar eagraíocht phobail. 

  6. Murab ionann agus grúpaí paraimíleataithe dílseacha eile baineann an Red Hand Commando úsáid as mana Gaeilge go minic. Ba é JJ Magee, comhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin i dtuaisceart Bhéal Feirste, is túisce a tharraing aird ar an nGaeilge ar na bratacha atá ar foluain i mBaile na hInse.

  7. Tá an mana ‘Lamh Derg Abu’ (Lámh Dhearg Abú) le feiceáil ar na bratacha atá curtha in airde ag an ngrúpa paraimíleatach dílseach i lár Bhaile na hInse. 

 

Léigh an t-alt anseo

Fág freagra ar 'Nua! Meascán Mearaí 4 – Cur in Ord'