Nua! Meascán Mearaí 3 – Rólghlacadh! – Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Gníomhaíocht 1

Ag obair le do pháirtí ligigí oraibh gurb sibhse an bheirt sa phictiúr. Scríobh an comhrá atá ar siúl eatarthu.

Úsáidigí bhur samhlaíocht!

Ábhar machnaimh:

  1. Cén chaoi a mothaíonn sé agus sí?
  2. Céard faoi a bhfuil siad/a raibh siad ag caint?
  3. Ar tharla eachtra éigin a chuir tús leis seo?
  4. Céard atá siad ag beartú a dhéanamh?
  5. Cuir mothúcháin, amhail fearg agus éad, in iúl.

Gníomhaíocht 2

Nuair a bheidh an comhrá scríofa agaibh déanaigí é a aithris. Ansin bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá féin agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.

Fág freagra ar 'Nua! Meascán Mearaí 3 – Rólghlacadh! – Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach'