Cad é a tharlóidh do na pobail atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios nuair ardóidh na tonnta?

De réir tuairisce a foilsíodh an tseachtain seo thart, beidh na tonnta sa teochrois 2.4 uair níos mó in 2100 ná mar atá siad anois

Cad é a tharlóidh do na pobail atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios nuair ardóidh na tonnta?

Meastar go mbeidh na tonnta a bheidh ag briseadh ar na hoileáin ísle sa teochrios 2.4 níos airde in 2100 ná mar a bhíonn siad faoi láthair.

Tá sé tábhachtach do phobail na n-oileán trópaiceach nach gcaillfí na sceireacha coiréalaigh atá thart orthu mar cosnaíonn siad na hoileáin sin ar na tonnta arda.  De réir tuairisce a foilsíodh san iris eolaíochta Science Advances an tseachtain seo thart, beidh na tonnta 2.4 uair níos mó ansin in 2100 ná mar atá siad anois.  Beidh creimeadh an chósta níos measa agus tuilte farraige níos coitianta dá bharr. Má tharlaíonn sé sin, cuirfear an ruaig ar phobail na n-oileán sa teochrios.

Tá cuid mhór de na hoileáin sa teochrios ar a bhfuil daoine ag cur fúthu an-íseal.  Thig le daoine cur fúthu orthu mar go bhfuil sceireacha coiréalaigh thart orthu.  Briseann na tonnta ar na sceireacha sin agus ní bhuaileann fuinneamh iomlán na dtonnta na hoileáin.

Murach na sceireacha, bheadh na tonnta móra ag briseadh díreach ar na hoileáin féin.  Bheadh tuilte níos coitianta, agus ní bheadh pobail in innimh maireachtáil ar chuid mhór de na hoileáin sin.

Tá sceireacha coiréalaigh faoi ionsaí faoi láthair.  Tá an fharraige ag éirí níos aigéadaí de réir a chéile agus cuireann sin cosc ar fhás an choiréalaigh.  Tá sé níos deacra cailc an choiréalaigh a tháirgeadh i bhfarraige ag a mbíonn pH íseal (bíonn sí níos aigéadaí). 

Anuas air sin, tá ceimiceáin, luibhicíd san áireamh, a thagann ón tír mór ag cur isteach ar na halgaí ar a bhfuil an coiréalach ag brath.  Gan na halgaí sin, ní bheadh sceireacha ag fás agus de réir a chéile rachadh siad i laige agus in éag.

Chun a fháil amach cad é a tharlóidh do na pobail atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios, chruthaigh foireann idirnáisiúnta ionsamhlú den dóigh a bheadh athruithe domhanda ag cur isteach ar na sceireacha agus ar chósta na n-oileán idir seo agus an bhliain 2100.

Dhírigh siad ar an dóigh a mbeadh seasmhacht na sceireacha agus leibhéal na mara ag cur isteach ar airde na dtonnta.

Má ardaíonn leibhéal na mara mar atáthar a thuar agus má leanann an coiréalach ag dul i laige, beidh tonnta a bheidh 2.4 níos airde ná mar a bhíonn siad faoi láthair ag briseadh ar chósta na n-oileán. 

Cé go bhfuil tábhacht le leibhéal na mara san ionsamhlú seo, is í seasmhacht na sceireacha an toisc is tábhachtaí. 

Dá bharr sin, dá stopfaí meath an choiréalaigh, ní bheadh na tonnta chomh hard.  Má thig linn na sceireacha a chosaint ní bheidh an dochar chomh holc sin.

Is féidir cosc a chur leis an dóigh a chuireann muid isteach ar na sceireacha.  Le blianta beaga anuas tá níos lú truaillithe ag teacht as Poblacht na hIndinéise ná mar a bhíodh.  Tá biseach tagtha ar an choiréalach ansin i ndiaidh dó a bheith ag dul i laige le blianta.

Má thig deireadh a chur le meath na sceireacha, mar a tharla san Indinéis, tá seans ann go mbeifear ábalta na hoileáin agus a bpobail a chosaint sna blianta amach romhainn.

Bhíodh truailliú ón mórthír ag cur isteach go mór ar an choiréalach sa Mhórsceir Bhacainneach san Astráil.  Ach, ar an drochuair, níor tháinig aon athrú ar an scéal ansin go fóill.

Má leanann muid ar aghaidh gan dada a dhéanamh mar a tharla san Astráil, agus má tá an ceart ag na taighdeoirí a chur an fhianaise is déanaí os ár gcomhair, beidh cúrsaí dian ar phobail na n-oileán teochreasa.  Ach, is léir ón taighde seo go bhfuil bealach ann chun dul i ngleic leis an fhadhb.

Fág freagra ar 'Cad é a tharlóidh do na pobail atá ag cur fúthu ar na hoileáin sa teochrios nuair ardóidh na tonnta?'

  • Anna Heussaff

    An-spéisiúil – agus míniú an-soiléir ar cad iad na contúirtí agus conas is féidir iad a laghdú.

  • Fearn

    “De réir tuairisce a foilsíodh san iris eolaíochta Science Advances an tseachtain seo thart, beidh na tonnta 2.4 uair níos mó ansin in 2100 ná mar atá siad anois.”

    I gcead dhuit, a Liam, nach bhfuil an t-alt uile bunaithe ar “thuairim” seachas “eolaíocht”? Tuigim go bhfuil dochar a dhéanamh, agus go bhfuil leigheas de dhith, ach cá bhfuil an t-eolaíocht? An leor aon ionsamhlú amháin? Ní foláir go bhfuil fada fada níos mó athróga sa scéal seo seachas fíricí.