NOD DON EOLAÍ: Tá drugaí úra in aghaidh na hailse á bhforbairt i rith an ama

Tá taighdeoirí tagtha ar phróitéiní a fheidhmíonn sa chóras imdhíonachta in aghaidh ailse. Baintear úsáid as na próitéiní sin chun teacht ar dhrugaí a chuireann an ruaig ar ailsí éagsúla

NOD DON EOLAÍ: Tá drugaí úra in aghaidh na hailse á bhforbairt i rith an ama

Forbraíonn ailse nuair a théann an smacht ar chilldeighilt ar strae i gcorp an duine. Tarlaíonn sé seo nuair a thagann athruithe ar na géinte a rialaíonn cilldeighilt. Sócháin a bhíonn sna hathruithe seo.

Is go fíorannamh a tharlaíonn sóchán sa DNA ach tá an seans sin ann gach uair a scoilteann cill. De réir a chéile is mó an seans go dtarlódh sóchán i ngéin thábhachtach a rialaíonn cilldeighilt. Sin an fáth go mbíonn ailse níos coitianta de réir mar a théann muid in aois.

Tá cúiseanna lasmuigh den chorp a chuireann leis an líon sóchán i DNA an duine. Cuir i gcás, tá ceimiceáin i dtoit tobac a imoibríonn le DNA agus a athraíonn an seicheamh. Briseann radaíochtaí éagsúla, cosúil le X-ghathanna, an tsreang DNA sa chill. Nuair a nasctar le céile an dá shreang arís bíonn athruithe sa seicheamh.

Le blianta anuas tá dul chun cinn nach beag déanta maidir le heolas faoin dóigh a chosnaíonn an corp é féin ar an ailse. Bíonn ról tábhachtach ag an chóras imdhíonachta sa chosaint sin.

Ainmníodh James P. Allison ó Ollscoil Texas agus Tosaku Honjo ó Ollscoil Kyoto, mar bhuaiteoirí dhuais Nobel san Fhiseolaíocht nó Leigheas an mhí seo caite as na fionnachtana a rinne siad san ábhar seo. Tháinig siad ar phróitéiní a fheidhmíonn sa chóras imdhíonachta in aghaidh ailse. Baineadh úsáid as na próitéiní seo chun teacht ar dhrugaí a chuireann an ruaig ar ailsí éagsúla.

Maraíonn cealla-T, cuid lárnach den chóras imdhíonachta, cealla ailse i gcorp an duine. Ach tá próitéiní ann a choinníonn na cealla-T faoi smacht. Mura mbeadh na cealla seo faoi smacht bheidís ag ionsaí na gcealla sláintiúla. Nuair a ionsaítear cealla sláintiúla sa chorp bíonn galar uath-imdhíonachta ar an othar. Is galar uath-imdhíonacht é an t-airtríteas ina ndéanann an córas imdhíonachta ionsaí ar na cealla sna hailt agus sna cnámha.

Le blianta anuas bhí Allison agus Honjo ag iarraidh a fháil amach cad é an dóigh a raibh na cealla-T coinnithe faoi smacht sa chóras imdhíonachta. Rinne siad scagadh ar na próitéiní a bhí ar dhromchla na gceall-T, mar measadh go mbeadh baint ag na próitéiní sa chuid sin de na cealla leis an modh smachta.

Tháinig Allison ar an phróitéin CTLA-4, a chuireann smacht ar ghníomachtúchán na gceall-T. Thángthas ar an phróitéin IP-1, a dhéanann an rud céanna, i saotharlann Honsu.

Feidhmíonn an dá phróitéin go neamhspleách chun cealla-T a choinneáil faoi smacht i gcorp sláintiúil. Ach, tugann an smacht seo deis don chorrchill ailse éalú ón chóras imdhíonachta. Tagann borradh orthu agus scaipeann siad, agus an ailse, ar fud an choirp.

Measadh, dá mbeifí in innimh cosc a chur ar fheidhm CTLA-4 nó IP-1 in othair a mbeadh ailse orthu, go mbeadh leigheas na hailse ann.

Thosaigh Allison, Honjo agus go leor eile ag cuardach drugaí cuí. Forbraíodh drugaí a chuir isteach ar fheidhm CTLA-4 agus IP-1 agus chuir na drugaí seo cosc ar ailse i lucha sa tsaotharlann.

Chuir na comhlachtaí móra suim sna torthaí agus thosaigh trialacha sa chlinic. D’éirigh leo.

Anois tá druga, Ipilimumab, in aghaidh CTLA-4 agus druga eile, Nivolumab in aghaidh ID-2 ar fáil. Cuireann an dá dhruga sin cosc ar fhorbairt ailsí éagsúla agus feidhmíonn siad níos éifeachtaí nuair a úsáidtear le chéile iad.

Anois is iad na drugaí sin bunús an leighis fá choinne meileanóma aibithe, ailse nach mbíodh leigheas uirthi roimhe seo. Tagann biseach ar 28% de na daoine a mbíonn meileanóma orthu nuair a fhaigheann siad na drugaí seo.

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Tá drugaí úra in aghaidh na hailse á bhforbairt i rith an ama'

  • teaimí

    Ceaptar go bhféadfadh go mbeadh tionchar ag nithe eile lasmuigh den chorp ar fhréamhú na haillse sa chorp chomh maith. Mothúcháin dhiachra dhiúltacha amhail éad, gráin, díoltas, binib, strus srl. Cineál ionradh ar imdhíonacht an choirp b’fhéidir.

  • Declan Fitzpatrick

    Alt cruinn, suimiúil, so-léite , sothuighe. Táim faoi chomaoin an udáir. Treise leis agus leis an gcolún ‘Nod don Eolach ‘