NOD DON EOLAÍ: Bhí ealtaí reiptílí a raibh cumas eitilte acu ann le linn ré na ndineasár

Thángthas ar shuíomh sa tSín ina raibh líon mór teirseasár buanaithe a léiríonnn gur mhair siad i mullach a chéile cosúil leis na héanacha sa lá atá inniu an.

NOD DON EOLAÍ: Bhí ealtaí reiptílí a raibh cumas eitilte acu ann le linn ré na ndineasár

Sa lá atá inniu ann, beireann an chuid is mó de na reiptílí uibheacha.  Ainmhithe neamhfhorbartha a bhíonn istigh iontu ar dtús.  De réir a chéile briseann na créatúir óga amach as na huibheacha nuair a bhíonn siad lánfhorbartha.

Le nócha bliain anuas tuigeadh go mbíodh uibheacha ag na dineasáir – grúpa faoi leith reiptílí – a chuaigh in éag thart ar 66 milliún bliain ó shin.  Tá fianaise ann go mbíodh blaoscanna crua thart ar na huibheacha seo, cosúil le huibheacha na n-éan sa lá inniu.

Bhí grúpa reiptílí eile – na hiochtasáir – a bhíodh forleathan san fharraige, sna haibhneacha agus sna lochanna ag an am céanna.  Bhí cruth an éisc ar bhaill den ghrúpa seo.  Ag deireadh an chéid seo caite tháinig sé chun solais gur saolaíodh na hiochtasáir agus iad lánfhorbartha cosúil le míolta móra. Ní raibh aon uibheacha i gceist.

Ach bhí reiptílí cáiliúla ann a raibh cumas eitilte acu – na teireasáir.  Cé gur thángthas ar iontaisí na dteireasár breis agus 200 bliain ó shin, ní raibh a fhios go dtí 2004 an mbíodh uibheacha acu.

An uair sin tháinig sé chun solais go mbíodh uibheacha ag na teireasáir, ach is beag eolas thairis sin a bhí ar fáil fúthu.

Ag deireadh 2017 foilsíodh alt san iris Nature a thugann léargas dúinn faoin chéim seo i saol na dteireasár.

Rinne taighdeoirí cur síos ar láthair ina raibh coilíneacht teireasár buanaithe in Xinjiang, in iarthuaisceart na Síne. 

Ó bhí 2004 ann bhíothas tar éis teacht ar chorr-ubh a caomhnaíodh aisti féin, ar shiúl ó uibheacha eile.  Ach sa suíomh seo bhí lear mór uibheacha san aon áit amháin.  De réir dealraimh, tháinig deireadh tubaisteach tobann leis an gcoilíneacht agus bhí na hainmhithe agus a gcuid uibheacha le chéile sa láthair inar mairidís.

Bunaithe ar an leagan amach a bhí ar an áit ina raibh siad ina gcónaí, maíonn na húdair go mbíodh uibheacha á mbreith ag na teireasáir ar mhullach a chéile.  Bíonn go leor éanacha ag cruinniú in aice lena chéile ina n-ealtaí móra i bhfeighil uibheacha sa dóigh chéanna inniu.  Cuir is gcás, bailíonn gainéid ar aillte agus piongainí ar an leac oighir san am sin den bhliain a mbíonn uibheacha á mbreith acu.

I ndiaidh do na taighdeoirí anailís a dhéanamh ar na blaoscanna, tá an chuma ar an scéal gur craiceann bog a bhíodh orthu. Blaoscanna boga a bhíonn ag na nathracha sa lá atá inniu ann, cé go mbíonn blaoscanna crua ar uibheacha na n-éan.

Cad ina thaobh nár thángthas ar iontaisí na mblaoscanna boga go dtí seo?

Caomhnaítear blaoscanna crua mar iontaisí go héasca.  Tá an bhlaosc lán le cailc chrua cheana féin agus ní chailleann sí a cruth go luath.  Dá bharr sin chítear iad go minic sa taifead iontaiseach.

Ach bheadh sé i bfhad níos deacra ubh a mbeadh blaosc bhog uirthi a chaomhniú.  Thitfeadh an t-ábhar bog as a chéile sula gcaomhnófaí é.  Dá bharr sin bheadh iontaisí de na huibheacha a raibh blaoscanna boga orthu gann i dtaifead na gcarraigeacha.

B’fhéidir gurbh é sin an fáth nach raibh an t-eolas faoin gcéim seo i saol na dteireasár ar fáil – creimeadh na mblaoscanna boga sular caomhnaíodh iad.

Bunaithe ar an bhfianaise nua, measann na húdair go dtagadh na teireasáir le chéile ina n-ealtaí móra chun uibheacha boga a bhreith.

Má bhídís ag teacht le chéile tá seans ann go mbíodh na teireasáir fásta ag gor ar na huibheacha, mar a dhéanann na héanacha sa lá atá inniu ann. Bíodh geall go bhfuil mionscagadh á dhéanamh ar an suíomh  in Xinjiang chun an cheist sin a fhreagart.

– Is Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford é Liam Ó Dúbhláin

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Bhí ealtaí reiptílí a raibh cumas eitilte acu ann le linn ré na ndineasár'