Níos mó ná an cúigiú cuid de speicis imirceacha i mbaol a ndíothaithe – tuarascáil nua

Téann na billiúin ainmhí ar aistir de réir na séasúr, ar muir, ar tír agus trasna na spéire, agus tá go leor acu i mbaol mar gheall ar scaipeadh speiceas ionrach, truailliú na timpeallachta agus an ghéarchéim athraithe aeráide

Níos mó ná an cúigiú cuid de speicis imirceacha i mbaol a ndíothaithe – tuarascáil nua

Tá níos mó ná an cúigiú cuid de speicis imirceacha i mbaol a ndíothaithe, de réir tuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe, an chéad tuarascáil dá leithéid.

Téann na billiúin ainmhithe ar aistir de réir na séasúr, ar muir, ar tír agus trasna na spéire, agus tá go leor acu i mbaol mar gheall ar scaipeadh speiceas ionrach, truailliú na timpeallachta agus an ghéarchéim athraithe aeráide.

De réir na tuarascála nua ón gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, tá 22% den 1,189 speiceas atá liostaithe ag an gcoinbhinsiún i mbaol a ndíothaithe.

Ag dul i laghad atá líon na speiceas i gcás 44% acu agus go leor acu faoi bhrú mór ag caillteanas gnáthóige agus ag an róshaothrú. 97% de na siorcanna, an bradán fearna agus roic atá i gcontúirt mhór agus laghdú ar a líon ó na 1970idí.

Déanann cuid de na speicis imirceacha aistir na mílte míle thar ilchríocha le síolrú agus le hiad féin a bheathú. Bíonn siad riachtanach do chaomhnú éiceachórais na cruinne mar déanann siad cothaithigh a iompar, plandaí a phailniú, srian a chur le lotnaidí agus carbóin a stóráil.

Tá ardú ag teacht ar líon na speiceas imirceach atá i mbaol a ndíothaithe ar fud an domhain, idir na speicis atá ar liosta an choinbhinsiúin agus iadsan nach bhfuil. Tá 399 speiceas imirceach ann atá i mbaol ach nach bhfuil ar an liosta.

Níl stádas caomhnaithe ag 51% de na ceantair bhithéagsúlachta is tábhachtaí do na speicis ar liosta an choinbhinsiúin agus deirtear nach bhféadfadh 58% de na na ceantair thábhachtacha sin seasamh leis an mbrú atá orthu mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh ag daoine.

Thart ar 75% de na speicis atá ar liosta an choinbhinsiúin atá thíos leis an gcaillteanas gnáthóige, arb é an duine is cúis leis, agus tá an róshaothrú ag cur as do thart ar 70% díobh.

Moltar sa tuarascáil nua gur chóir iarracht níos mó a dhéanamh dul i ngleic le gabháil speiceas imirceach agus le ceantair bhithéagsúlachta a chaomhnú.

Deirtear go gcaithfear iarracht tarrthála a dhéanamh láithreach bonn ar na speicis is mó atá i mbaol a ndíothaithe.

Caithfear cur chomh maith leis na hiarrachtaí atá ar bun dul i ngleic leis an athrú aeráide, leis an truailliú solais, fuaime, ceimice agus plaisteach, a deirtear.

Fág freagra ar 'Níos mó ná an cúigiú cuid de speicis imirceacha i mbaol a ndíothaithe – tuarascáil nua'