Níor tháinig iarratais Mhúscraí le critéir Chiste Chomóradh 1916 an Údaráis

Thug urlabhraí Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie cé go bhfuarthas roinnt iarratas ó Mhúscraí ar mhaoiniú ó Chiste Chomóradh 1916, go raibh iarratas amháin rómhall agus nár tháinig na ceanna eile leis na critéir a leagadh síos i mí Mheán Fómhair

udaras_051-1024x681

Níor thug Chiste Chomóradh Údarás na Gaeltachta aon mhaoiniú d’imeachtaí comórtha 1916 i nGaeltacht Mhúscraí toisc nár tháinig na hiarratais a cuireadh isteach leis na critéir a leagadh síos, dar le hurlabhraí de chuid an Údaráis.

Ba í Gaeltacht Chorcaí an t-aon chontae Gaeltachta nach raibh ar an liosta a d’eisigh Údarás na Gaeltachta d’imeachtaí a dtabharfar maoiniú dóibh le linn na bliana seo chugainn faoin scéim.

“Tháinig iarratas amháin ó Ghaeltacht Chorcaí isteach rómhall agus níor tháinig na ceanna eile leis na critéir a leagadh síos do thograí a lorgódh maoiniú ó Chiste Comórtha 1916 an Údaráis,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

D’fhógair an tÚdarás i mí Mheán Fómhair go dtabharfaí maoiniú suas le 80% den chostas iomlán do thograí a bheadh ag teacht le príomhthéamaí chlár Éire 2016 mar a leag an Rialtas amach níos túisce i mbliana iad: Cuimhneamh, Athmhuintearas, Láithriú, Samhlú agus Ceiliúradh. Leagadh síos coinníoll freisin go ngabhfadh an t-iarratas chun tairbhe na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Thug urlabhraí ó Chomharchumann Forbartha Mhúscraí le fios do Tuairisc.ie nach raibh sé i gceist acu aon imeacht comórtha a eagrú iad féin ach go dtabharfaí tacaíocht do ghrúpaí áitiúla a bheadh ag eagrú imeachtaí dá gcuid féin.

“Bheartaigh Comharchumann Forbartha Mhúscraí nach dtabharfaimis féin faoi aon tionsadail chomórtha a eagrú sinn féin ach go mbeimis ar fáil do choistí agus do ghrúpaí an cheantair dá mba rud é go mbeadh cúnamh uathu lena gcuid imeachtaí comórtha siúd,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá ceithre imeacht déag beartaithe do Ghaeltacht Mhúscraí mar chuid de chlár comórtha 1916 Chomhairle Chontae Chorcaí agus maoiniú faighte ag tograí atá beartaithe ag leithéidí Chumann Staire Uíbh Laoire, Coiste Shlí Ghaeltacht Mhúscraí agus Coiste Litríochta Mhúscraí.

Beidh idir thaispeántais, fhíseáin agus cheardlanna ar siúl i nGaeltacht Mhúscraí le linn na bliana seo chugainn. Anuas ar na himeachtaí sin, nochtfar cathaoir chuimhneacháin 1916 ar Shlí Ghaeltacht Mhúscraí, cruthófar Gairdín Cuimhneacháin ag Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus foilseofar irisleabhair agus eile a bhainfidh le stair réabhlóideach an cheantair.