Níor mhór do Chúige Mumhan a bheith san airdeall, ach beidh an lá leo

Inniu a imreofar babhtaí ceathrú ceannais an Pro 14 agus Cúige Mumhan ag súil le háit a bhaint amach i gcoinne Chúige Laighean sna babhtaí leathcheannais

Níor mhór do Chúige Mumhan a bheith san airdeall, ach beidh an lá leo

Cé gur chaill Cúige Laighean agus Glaschú i mBabhta 21 den Pro 14 Dé Sathairn seo caite, níor chuir sin as dá gcuid iarrachtaí sa gcomórtas. Tá an dá fhoireann cáilithe do na cluichí leathcheannais rud a chiallaíonn go bhfuil scíth acu an deireadh seachtaine seo nuair a bheas na foirne a bhí sa dara agus sa tríú háit i ngrúpaí A agus B ag imirt a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais.

Is cinnte go mbainfidh Cúige Laighean chuile leas as an scíth sin agus iad ag réiteach don chluiche ceannais Chorn na gCuradh, cluiche a bheas á imirt in Bilbao faoi cheann seachtaine. Beidh tuilleadh againn faoin scéal sin an tseachtain seo chugainn.

Idir an dá linn, is ag an dá fhoireann a bhí sa dara háit i ngrúpaí A agus B, Cúige Mumhan agus na Scarlets atá buntáiste an bhaile sna cluichí ceathrú ceannais inniu, Dé Sathairn.

Cúige Mumhan is túisce a bheas ag cur chun páirce ar fhód Thuamhan, agus fáilte á cur acu roimh Dhún Éideann do chluiche a shocróidh cé a bheas i gcoinne Chúige Laighean sna babhtaí leath ceannais faoi cheann coicíse. Is iad na Muimhnigh rogha na coitiantachta, ach mar sin féin caithfidh siad a bheith san airdeall. Tá borradh faoi Dhún Éideann faoi láthair. Bhí an lámh in uachtar ag na hAlbanaigh (12 – 6) nuair a chas an dá fhoireann seo ar a chéile i mBabhta 17 i lár mhí an Mhárta, ach is i nDún Éideann a d’imir siad a chéile an babhta sin. Níl ar a mhéad ach trí chluiche fágtha ag na foirne seo an séasúr seo ag an dá fhoireann seo, sin má éiríonn leo an cluiche ceannais an Pro 14 a bhaint amach. Seans dá bhrí sin go mbeidh an bhainistíocht ag cur a gcéad rogha imreoirí chun páirce as seo amach. Tá mise ag tuar bua do fhir an bhaile dá bhrí sin, agus beidh áit dá réir acu i gcoinne Chúige Laighean san RDS sna babhtaí leath ceannais faoi cheann coicíse.

Tá mé ag tuar bua baile freisin do na Scarlets agus iadsan i gcoinne na Cheetahs sa gcluiche ceathrú ceannais eile. Sílim go mbeidh foirne na Breataine Bige ró-láidir do na cuairteoirí ón Afraic Theas. Ní hamháin sin ach seans maith go mbeidh na Scarlets fós ar thóir maithiúnais óna lucht leanta féin mar gheall ar an ngreadadh a fuair siad ó Chúige Laighean coicís ó shin. Áit sna babhtaí leath ceannais, i gcoinne Ghlaschú atá i ndán dóibhsan freisin ach is i nGlaschú a bhéas an cluiche sin á imirt.

Fág freagra ar 'Níor mhór do Chúige Mumhan a bheith san airdeall, ach beidh an lá leo'