‘Níor cheart an earnáil phríobháideach a smachtú,’ a deir Alliance faoi chonspóid Ghaeilge Bhanc na hÉireann

Dúirt Trevor Lunn, a toghadh i gCluain an Lagáin don Alliance anuraidh, nach gcabhraíonn a leithéid le cás na Gaeilge agus nár cheart cur isteach ar “chinntí príobháideacha gnó”

‘Níor cheart an earnáil phríobháideach a smachtú,’ a deir Alliance faoi chonspóid Ghaeilge Bhanc na hÉireann

Tá an raic a thóg cainteoirí Gaeilge faoi chinneadh Bhanc na hÉireann deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc an tseachtain seo caite cáinte ag MLA de chuid an Alliance Party.

Dúirt Trevor Lunn, a toghadh i gCluain an Lagáin anuraidh, nach gcabhraíonn a leithéid le cás na Gaeilge agus nár cheart cur isteach ar “chinntí príobháideacha gnó”.

Bhí baill de chuid Shinn Féin agus daoine eile ag agóidíocht taobh amuigh de Bhanc na hÉireann i mBéal Feirste, agus in áiteanna eile ar fud na tíre, Dé hAoine seo caite. Dúirt Lunn go gcuirfidh agóidí mar sin daoine ó “chúlraí neamhthraidisiúnta” in aghaidh na teanga.

“Tacaíonn Páirtí an Alliance le hAcht Gaeilge a bheadh réadúil agus cuí, a dhéanfadh ceiliúradh ar an oidhreacht roinnte chultúir atá againn, ní mar réamhchoinníoll le rialtas a athbhunú ach le cúnamh a thabhairt déabhlóid shocair a thabhairt ar ais.

“Ach téann iarrachtaí mar seo an earnáil phríobháideach a smachtú thar fóir agus ní chothóidh sé muinín i measc an mhórphobail as Acht Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach bhfeicfidh daoine taobh amuigh de shaol na Gaeilge ach “na póilíní teanga” i mbun oibre ag agóidí dá sórt agus gurbh fhearr iarracht a dhéanamh buntáistí an Achta Gaeilge a chur ar a súile do na daoine sin.

“Leanfaidh Páirtí an Alliance ar aghaidh ag cur moltaí chun cinn sna cainteanna le gach páirtí agus leis na daoine ar spéis leo an cheist, le réiteach a fháil a thabharfadh isteach Acht Gaeilge do gach duine i dTuaisceart Éireann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Níor cheart an earnáil phríobháideach a smachtú,’ a deir Alliance faoi chonspóid Ghaeilge Bhanc na hÉireann'

  • An Rógaire

    Béarla éigeanntach abú!