Níl trácht ar bith sa mBíobla ar an Nollaig

Shocraigh na Críostaithe go mbeadh féile dá gcuid féin acu agus go ndearbhóidís go sollúnta an tráth den bhliain ar rugadh Críost

Níl trácht ar bith sa mBíobla ar an Nollaig

Níl trácht ar bith sa mBíobla ar an Nollaig. Cén chaoi a mbeadh nuair nár thosaigh na Críostaithe ag comóradh na Nollag go dtí trí chéad bliain tar éis an Tiomna Nua a bheith scríofa.

An comóradh a bhíodh ag na págánaigh ag an am a bhí ag déanamh imní dóibh.

B’fhada féile den sórt sin a bheith ag na págánaigh. Bhí a leithéid d’fhéile ag na Rómhánaigh, ag na hÉigiptigh agus ag na Sínigh. Shocraigh na Críostaithe go mbeadh féile dá gcuid féin acu agus go ndearbhóidís go sollúnta an tráth den bhliain ar rugadh Críost.

Ar ndóigh ní raibh mórán bunúis leis an dáta a roghnaigh siad. Ar éigean a bheadh na haoirí úd amuigh ag tabhairt aire dá gcuid caorach i lár an gheimhridh nuair a bhíonn drochaimsir in Judea.

Cineál buailteachas a bhí ar bun acu is dócha, mar a bhí againne in Éirinn fadó nuair a thugtaí na beithígh amach ar na cnoic sa samhradh agus go dtugtaí abhaile iad le teacht na doininne.

Cén mhí den bhliain ar rugadh Críost mar sin? arsa tusa. Ceapann scoláirí a dhéanann staidéar géar ar an mBíobla go bhfuil leide soiléir faoi sin sa dáta ar rugadh Eoin Baiste. Deir siad gur i mí an Mheithimh a gineadh Eoin, gur gineadh Íosa sé mhí dár gcionn agus gur dócha dá réir sin gur i mí Lúnasa a rugadh Íosa.

Maidir le ‘fíricí’ eile faoi bhreith Chríost tugadh le tuiscint dúinne i gcónaí gur rugadh é an oíche ar shroich Seosamh agus Muire Beithil agus ar cuireadh amach i stábla iad. Ní mar sin go baileach atá ráite sa mBíobla. Seo mar a chuirtear é: “Agus tharla le linn dóibh a bheith ann gur tháinig a hionú agus rug sí a céadghin mic.”

D’fhéadfadh sé go raibh siad laethanta, nó fiú amháin seachtain, i mBeithil nuair a tharla sé.

Níl aon chaint sa mBíobla ar stábla. Luaitear mainséar ceart go leor ach bhíodh seomra faoi leith a mbíodh beithígh ann i gcuid de na tithe i mBeithil ag an am sin. Cuimhnigh nach bhfuil sé i bhfad siar sa stair ó bhíodh beithígh againne sna tithe freisin.

D’fhéadfadh sé gur i gceann de na seomraí sin a cuireadh Seosamh agus Muire de bharr go raibh a ndóthain cuairteoirí sa gcuid eile den teach.

Cá bhfios nach raibh gaol acu le muintir an tí? Cuimhnigh gurbh as Beithil Seosamh agus go bhfuil sé beagnach cinnte gurbh as an taobh sin Muire freisin.

B’fhéidir gur ag na Glasaigh a bhí an ceart nuair a choinnigh siad an bhó, an t-asal agus an gabhar as an mainséar ag Teach an Ardmhéara. Ní ainmnítear sa mBíobla na hainmhithe a bhí ag ithe as an mainséar i mBeithil.

Ceapann cuid de na daoine go bhfuil tagairt sa mBíobla do chrann Nollag. Sliocht atá ann faoi fhear a théann chun na coille, a leagann crann, a thugann abhaile é agus a mhaisíonn é le hairgead agus le hór.

Ní crann Nollag a bhí i gceist beag ná mór.

Bagairt a bhí á déanamh in aghaidh an íoladhartha. Treoir a bhí inti a tugadh i bhfad roimh aimsir Chríost.

Fág freagra ar 'Níl trácht ar bith sa mBíobla ar an Nollaig'

  • Seán Mac Bhriain

    Bearnaí go leor sa gcuntas seo.
    Ar an gcéad dul síos, má dhéantar trácht ar “scoláirí” inis cé hiad. Cuir nasc idirlín suas nó tagairt do leabhar.
    Níl mo chuimhne chomh maith na laethanta seo, ach sílim gur i soiscéal Lúcáis amháin a luaitear máinséar. Tá trí shoiscéal oifigiúil eile ann. I soiscéal (neamhoifigiúil) Shéamais, is uaimh a bhí ann.
    Ní cheapfainn gur féachadh riamh le “teastas breithe” a scríobh amach do Chríost, ach gur socraíodh lá comórtha. Mar a rinneadh le Bríd, Pádraig srl. Agus cén dochar sin?