Níl sos ná scíth i ndán do na Muimhnigh

An aon ionadh é go dtugtar ‘grúpa an bháis’ ar an ngrúpa a chuimsíonn trí fhoireann a d’imir i gcluichí leathcheannais an chomórtais an séasúr seo caite

Ian Keatley kicks a drop goal to win the game 18/10/2014
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

I bhfad Éireann chun tosaigh ar aon staitistic eile i ndiaidh chluichí chéadbhabhta Chorn na gCuradh Eorpach a imríodh an deireadh seachtaine seo caite, seasann fíric amháin amach.

Is iad na Muimhnigh an t-aon dream sa chéadbhabhta de Chorn na gCuradh Eorpach an tseachtain seo caite ar éirigh leo an bua a fháil agus iad ag imirt as baile.

Mura raibh d’fharasbarr ag Mumhain ach pointe amháin ar Sale, ba leor é agus ba ríleor é.

Is cuma faoi líon na n-úd a scóráladh agus na céatadáin seilbhe.

Agus is ríchuma faoin méid uaireanta a iompraíodh an liathróid agus an t-achar talaimh a clúdaíodh.

Dá thábhachtaí an t-eolas sin ar fad, ní fhanfaidh sé i gcuimhne daoine agus iad ag smaoineamh siar ar an taispeántas éachtach a thug na Muimhnigh uathu sa dara leath Dé Sathairn seo caite.

Murach preabchúl Keatley ag fíordheireadh an chluiche, bheadh olagón agus géarchaoineadh ann go siúráilte i Luimneach agus ar fud an chúige.

“Móimint speisialta”, a dúirt Anthony Foley, cóitseálaí na Mumhan, agus é ag tagairt don phreabchúl céanna, móimint a thabharfaidh faoiseamh, agus fuascailt b’fhéidir, don ghrúpa.

“Bhíomar socair go maith ag leath ama,” arsa Foley in ainneoin go raibh Mumhain sé phointe dhéag taobh thiar (23-7).

“Ba léir dúinn na lochtanna agus bhí tuairim mhaith againn céard ba cheart a dhéanamh chun na fadhbanna a réiteach.”

Tháinig siad slán Dé Sathairn ach tá foirne eile sa ghrúpa nach mbeidh chomh scaoilte céanna is a bhí Sale sa dara leath.

Go deimhin, ní bheidh sos ná scíth ag na Muimhnigh agus cluiche acu in aghaidh Saracens i Staid Thuamhan amárach.

Tá fios maith ag fir Foley freisin nach fiú faic an bua ar Shiorcanna Sale, agus na ceithre phointe dá bharr, má theipeann orthu ina gcéad chluiche baile sa chomórtas.

Go leor déanta, d’fhéadfaí a rá, ach go leor fós le déanamh.

Bunriachtanas é buachan sa bhaile má tá foireann ag súil le cáilíocht a bhaint amach don bhabhta ceathrú ceannais. É sin agus corrphointe a sciobadh thall is abhus as baile.

Údar imní é, áfach, go bhfuil dhá chluiche sraithe caillte ag na Muimhnigh i Staid Thuamhan le sé seachtaine anuas. Buille marfach a bheidh ann má theipeann orthu i gcoinne Saracens.

An aon ionadh é go dtugtar ‘grúpa an bháis’ ar an ngrúpa a chuimsíonn trí fhoireann a d’imir i gcluichí leathcheannais an chomórtais an séasúr seo caite, is iad sin Mumhain agus Saracens mar aon le Clermont?

Shamhlóinn nach n-éireodh ach le foireann amháin cáiliú as an ngrúpa. Buntáiste ag na Muimhnigh faoi láthair de bharr a mbua as baile.

Tuar dóchais é freisin nach bhfuil ach ocht n-úd, idir an tsraith agus an corn, scaoilte isteach ag na Muimhnigh ó thús an tséasúir. Sé úd déag atá géillte ag fir Saracens sa tréimhse chéanna agus an líon céanna cluichí imeartha acu, bíodh sé san Aviva Premiership nó sa Chorn, is atá imeartha ag na Muimhnigh.

Is iad Saracens rogha na coitiantachta le cáiliú as an ngrúpa.

Neart airgid ag an gclub agus imreoirí móra dá réir. As Sasana leis. Mura gcuireann sé sin spreagadh sna Muimhnigh, ní lá fós é.

Fág freagra ar 'Níl sos ná scíth i ndán do na Muimhnigh'