Níl Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta na Roinne Oideachais ‘réadúil’ i gcás scoileanna áirithe a chuir isteach uirthi – Teachta Dála as Dún na nGall

Deir Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir go mbeidh deacrachtaí móra ag scoileanna áirithe i nDún na Gall iompú ar an tumoideachas Gaeilge agus go bhfuil imní mhór ar thuismitheoirí faoi chinneadh na scoileanna sin stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’ a lorg

Níl Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta na Roinne Oideachais ‘réadúil’ i gcás scoileanna áirithe a chuir isteach uirthi  – Teachta Dála as Dún na nGall

Pictiúr: Rollingnews.ie

Tá amhras mór léirithe ag an Teachta Dála as Dún na nGall Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir faoina réadúla is atá scéim aitheantais Gaeltachta nua na Roinne Oideachais i gcás scoileanna áirithe sa chontae sin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Gallchóir, iar-aire stáit Gaeltachta , go raibh “imní mhór” faoin scéim “ar go leor tuismitheoirí” a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar dhá cheann den 28 iarbhunscoil sa Ghaeltacht a chuir isteach ar an scéim aitheantais chun stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Thug Ó Gallchóir le fios go raibh go leor gearán faighte aige ó thuismitheoirí toisc, a dúirt sé nár tugadh “rogha ar bith” dóibh maidir le cinneadh na scoileanna  páirt a ghlacadh sa scéim a éilíonn go n-athrófaí teanga teagaisc na scoile a ó Bhéarla go Gaeilge.

Cheistigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil an tAire Oideachais, Richard Bruton, sa Dáil le déanaí faoin phróiseas inar tugadh deis do scoileanna Gaeltachta cur isteach ar an scéim aitheantais Gaeltachta agus faoin mhúnla tumoideachais a chaithfidh na scoileanna sin a chur i bhfeidhm. Thug Ó Gallchóir le fios gur chuir dhá iarbhunscoil i nDún na Gall isteach ar stádas Gaeltachta cé nach bhfuil, dar leis, tuismitheoirí ag iarraidh múnla an tumoideachais lán-Ghaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Gallchóir go bhfuil sé “báúil don Ghaeilge ach gur gá a bheith réadúil” faoin pholasaí oideachais nua i gcás scoileanna ina ndéantar formhór an teagaisc faoi Bhéarla.

“Sílim go mbeidh deacracht mhór leis an scéim. Tá go leor daltaí nach bhfuil Gaeilge líofa acu ag freastal ar scoileanna sa Ghaeltacht agus tá an baol ann go mbeidh ar thuismitheoirí a gcuid páistí a thógáil amach as scoil amháin agus a chur chuig scoil ina bhfuil rogha an Bhéarla ann,” arsa Ó Gallchóir.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh sruth ann sna scoileanna do na daoine nach bhfuil in ann gach ábhar a dhéanamh i nGaeilge agus gur gá “amharc ar an scéim arís chun an dara rogha a thabhairt do thuismitheoirí”.

Cheistigh Ó Gallchóir fosta na hacmhainní atá á chur ar fáil do scoileanna áirithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa scéim agus dúirt sé go mbeadh ceist ann freisin faoi mhúinteoirí a bhfuil conradh acu inar leagadh síos gur i mBéarla a bheidís ag teagasc.

Dúirt Ó Gallchóir go raibh cúpla scoil i nDún na Gall ar liosta an 28 iarbhunscoil Ghaeltachta a bhfuil stádas mar scoil Ghaeltachta á lorg acu a mbeadh deacrachtaí móra acu iompú ar an tumoideachas lán-Ghaeilge agus go raibh imní ar thuismitheoirí faoi chinneadh na scoileanna páirt a ghlacadh sa scéim. Dúirt an Teachta Dála nár mhaith leis a rá cérbh iad na scoileanna sin. Seacht gcinn d’iarbhunscoileanna atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i nDún na nGall.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta agus tá liosta curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais den 106 bunscoil agus an 28 iarbhunscoil a rinne amhlaidh.

Aon scoil a chuir isteach ar an aitheantas nach bhfuil ag teagasc trí mheán na Gaeilge cheana, tá orthu múnlú an tumoideachais a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton sa Dáil le déanaí go raibh “níos mó i gceist” le páirt a ghlacadh sa scéim “ná iarratas a sheoladh isteach”.

“Geallúint atá i gceist páirt a ghlacadh i bpróiseas tumoideachais agus beidh mo Roinnse ag éileamh go mbainfidh na scoileanna atá páirteach an caighdeán atá ag teastáil amach, cé go bhfuil buntáistí i gceist. Tá deontas ann, uaireanta breise [teagaisc] agus forbairt ghairmiúil leanúnach. Tá múnla do mhol ríomhfhoghlama i gceist.”

Dúirt an tAire go raibh “infheistíocht shuntasach” á déanamh ag a Roinn “chun caighdeáin i bhfad níos airde a bhaint amach i gceantair Ghaeltachta” agus toisc go raibh “imní mhór” ann go raibh caighdeán na teanga ag titim.

“Creidimid gurb é seo an bealach ceart, ach tá rogha ag scoileanna cinneadh a dhéanamh a bheith páirteach nó gan a bheith páirteach ann,” a dúirt sé.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Mícheál S Mac Donnacha, atá fostaithe ag COGG chun plé leis an pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht, nach mbeadh “an t-uafás athrú ag teacht ar an teagasc atá á fháil ag go leor daltaí atá sa chóras cheana féin”.

“Ní bheidh teanga an teagaisc ag athrú do pháiste ar bith thar oíche. Ní oibreodh sé. Is próiseas ‘céim ar chéim’ é seo,” a dúirt sé.

Dúirt MacDonnacha gur chreid sé gur teachtaireacht í seo “nach ndeachaigh amach go soiléir” ag tús an phróisis ar fad.

“Tuigim go bhféadfadh tuismitheoirí a bheith buartha in aon cheann de na scoileanna nach mbíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ach tógann aon phróiseas athrú teanga achar fada.

“Ní bheith go leor de na scoileanna sin ach ag tús an phróisis faoi 2022,” a dúirt Mac Donnacha.

 

Fág freagra ar 'Níl Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta na Roinne Oideachais ‘réadúil’ i gcás scoileanna áirithe a chuir isteach uirthi – Teachta Dála as Dún na nGall'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Iarbhunscoltacha ag feidhmiú trí Bhéarla sa Ghaeltacht??! Dochreidthe! Ionadaí poiblí eile ag cuir a spág isteach le tuilleadh creimeadh agus meath a chuir ar an Ghaeilg sa Ghaeltacht!

    Cinnte má tá tú chun cónaí a dhéanamh agus clann a thógáil sa Ghaeltacht bheifea ag dréim le seirbhís oideachais TRÍ MHEÁN NA GAEILGE?

    Sruth Béarla i scoil Gaeltachta? Cá háit eile a bhfaighfea a leithéid??

    Nach bhfuil cúpla meánscoil ‘Gaeltachta’ ann agus ‘sruth Gaeilge’ acu….ceap magaidh don Ghaeltacht.

    Ní mhairfidh an ‘Ghaeltacht’ má leanann ionadaithe poiblí ar aghaidh leis an cineál seo iompar.

  • Fidelma

    Seo fianaise den chur i gcéill a bhaineann le céard is Gaeltacht agus scoil Ghaeltachta ann i ndeireadh an lae. Iad siúd nach mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí, tá sé in am acu géilleadh nach ceantar Gaeltachta an ceantar a bhfuil siad lonnaithe ann agus diúltú don stádas Gaeltachta sin a ghabhann lena gceantar, agus d’aon bhuntáiste a ghabhann le stádas Gaeltachta, má ghabhann.