Cuireadh oideachas ar Ambasadóir na Breataine, Christopher Meyer, an chéad bhliain a raibh sé in Washington DC le linn na Féile Pádraig. B’údar iontais dó go raibh an oiread sin de dheis ag muintir na hÉireann teagmháil a dhéanamh leis an Uachtarán agus leis na daoine ab airde céim i bpríomhchathair na Stát Aontaithe. Ghlac, a deir Meyer, Éireannaigh agus a sliocht seilbh ar Washington i lár an Mhárta. Níorbh eol dó, a deir sé, go raibh tír ar bith eile ann a fuair an oiread sin aitheantais sa Teach Bán.
Rinne sé cur síos air sin ina leabhar DC Confidential, a bhain lena thréimhse mar Ambasadóir na Breataine in Washington idir 1997 agus 2003. Leanann Meyer – Sir Christopher Meyer anois – lena chuid scríbhneoireachta faoi chúrsaí polaitíochta agus cúrsaí idirnáisiúnta i nuachtáin éagsúla go dtí an lá atá inniu ann. Ach, d’fhéadfaí an cheist a chur: cén chaoi a ndeachaigh Ambasadóir na Breataine go Washington gan fios a bheith aige faoi thábhacht an loirg atá fágtha ag muintir na hÉireann agus a sliocht ar Stáit Aontaithe Mheiriceá?
B’fhéidir nach raibh mórán tráchta air sin san oideachas a cuireadh ar Christopher Meyer in Peterhouse in Ollscoil Cambridge.
Tá cos i dtaca go láidir ag Éirinn i gcónaí i Meiriceá agus sin é an rud a thugann cumhacht dúinn nach bhfuil ag na scórtha tíortha beaga eile ar fud na cruinne.
Is díol spéise é gur tharraing Joe Biden, iarrthóir na nDaonlathach i dtoghchán na hUachtaránachta aird aríst ar chúrsaí na tíre seo le ríghairid. Ní bheidh socrú trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain faoina réimeas siúd, a deir sé, má dhéanann na Briotanaigh beart ar bith a dhéanfadh lagan ar shocruithe Aoine an Chéasta in Éirinn.
Dúirt sé freisin go “réiteofaí cosán i dtreo saoránachta” do mhuintir na tíre seo nach bhfuil stádas dleathach acu sna Stáit.
Níl Donald Trump chomh glórach sin ach san am céanna, bíonn an t-ionadaí atá ag an Uachtarán i gcúrsaí thuaisceart na tíre seo, an Feisire Comhdhála Mick Mulvaney, le cloisteáil agus bíonn sé feiceálach. Ar ndóigh, tarlaíonn sé go bhfuil ainmneacha Éireannacha an-fhairsing le ceithre bliana i Rialtas Trump.
Fágann glór na hÉireann i Meiriceá go bhfuil sé de chiall ag an mBreatain súil a choinneáil sall ar pholaitíocht Washington DC ar fhaitíos go dtiocfadh brú anall ó pholaiteoirí Gael-Mheiriceánacha. Is iontach an cúltaca é sin. Ní dóigh go dtuigeann muid go hiomlán an luí sin atá le hÉirinn i Meiriceá. Ar ndóigh, tá sé de cheart againn cáineadh a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, ach is cosúil go bhfuil an cáineadh sin ina chineál caitheamh aimsire – ag aicmí áirithe.
Is minic nach mbactar leis an bpictiúr mór, iomlán. Cuir i gcás an lear tionscal agus gnóthaí as Meiriceá atá sa tír seo anois agus a thábhachtaí agus atá
cúrsaí cógaisíochta agus ríomhaireachta d’eacnamaíocht na hÉireann sa gcruóg ina bhfuil muid faoi láthair.
An tráth seo bliana, an fhaid agus atá Christopher Meyer ag scríobh faoi chúrsaí idirnáisiúnta, is nós le cuid againn a bheith ag réiteach leabhar bliantúil Iorras Aithneach, ceantar Charna agus Chill Chiaráin, in iarthar Chonamara. Is minic liom cuimhneamh, agus mé féin agus an coiste i mbun na hoibre sin, ar chás na ndaoine a d’imigh ar imirce go Meiriceá le cúpla céad bliain. Is nós linn a gcuid scéalta siúd a shníomh isteach sa leabhar chuile bhliain. Ba dheacair agus b’uaigneach agus ba threampánach an cosán a bhí rompu. Rinneadar níos mó ná a gcion féin ar an taobh eile den Atlantach agus chuidigh siad lena muintir sa mbaile. Ach i ngan fhios dóibh féin, bhí na himirceoirí seo ag leagan na bunchloiche don chumhacht Éireannach a bhain stangadh as Christopher Meyer in Washington fiche bliain ó shin.
Sin í an chumhacht a léiríodh aríst le roinnt seachtainí nuair a bhagair Cathaoirleach Theach na nIonadaithe agus polaiteoirí Gael-Mheiriceánacha ar an mBreatain nach nglacfaí le haon ionsaí ar chuid ar bith de shocruithe Aoine an Chéasta. Sin í an chumhacht a thug ar Joe Biden agus ar Mick Mulvaney (thar ceann a cheannaire, Donald Trump), Éire agus Éireannaigh a tharraingt anuas sa bhfeachtas Uachtaránachta i Meiriceá.
I bhfad siar, thosaigh an teitheadh ollmhór trasna an Atlantaigh in aimsir an Ghorta Mhóir, cé go raibh roinnt ag dul go Meiriceá i bhfad roimhe sin. Bhí beagnach cúig mhilliún Éireannach gaibhte ar imirce go Meiriceá faoi lár na 1960idí nuair a cuireadh Acht na hImirce 1965 i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe. (Thug an tAcht seo buntáiste mór do mhuintir na hÁise agus Mheiriceá Theas sa gcóras inimirce sna Stáit). Ní raibh ach tír amháin sa domhan a chuir níos mó imirceach ná sinne go Meiriceá agus b’in í an Ghearmáin. Bhí an Bhreatain mórán ar an líon céanna imirceoirí le hÉirinn ach go raibh an líon sin le roinnt idir an Bhreatain Bheag, Sasana agus Albain.
Idir 1850 agus 1860 ba mhó a chuaigh Éireannaigh go Meiriceá; bhíodar beo bocht agus iad ag éalú ón nGorta agus ón anó a bhí sa tír seo.
Anuraidh ag comhdháil staire i gCarna d’airigh mé an tOllamh Christine Kinealy, Stiúrthóir Institiúid an Ghorta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac in Connecticut, ag míniú go soiléir gur loic Rialtas Shasana go tubaisteach ar Éirinn in aimsir an Ghorta Mhóir. Ligeadar do dhaoine bás a fháil an fhaid agus a bhí beatha á sheoladh amach as an tír.
Dá ndéanfadh Rialtas na Breataine an eachtra thubaisteach sin i stair na hÉireann a láimhsiú níos daonna agus níos cirte, ní dóigh go mbeadh an imirce chomh dona. Seans dá réir gur lú cumhacht a bheadh ag an tír seo in Washington inniu.
Chuile sheans gurb í an Bhreatain féin – ag leibhéal Rialtais agus ceannais – a chuir síol an chrainn taca atá ag Éirinn in Washington sa lá inniu.
Fág freagra ar 'Níl glór na hÉireann i bpolaitíocht Mheiriceá tachta fós'