Níl caint ar bith ar chomhráite síochána, ach socrú an deireadh a bhíonn le chuile chogadh

Nach gceapfá gur á dtairiscint féin le réiteach a dhéanamh idir an Rúis agus an Úcráin a bheadh Rialtas na hÉireann?

Níl caint ar bith ar chomhráite síochána, ach socrú an deireadh a bhíonn le chuile chogadh

“Bheadh imní orm faoi chogadh fada,” a dúirt iarcheannaire Fhine Gael Alan Dukes agus é ag caint faoi chogadh na hÚcráine ar an gclár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta. B’fhacthas dó gur fearr a bheadh na Rúisigh in ann leanacht leis an gcogadh ná a bheadh na hÚcránaigh in ann é a dhéanamh.

Léirmheas é nach gcloisfeá go minic ó na tráchtairí ar mó acu cuidiú le Zelensky ná teacht ar an bhfírinne.

De réir na dtráchtairí sin tá fórsaí na hÚcráine ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile agus tá Putin i dtrioblóid.

Is cinnte go bhfuil na hÚcránaigh ag gabháil réimsí tíre ar ais ó na Rúisigh ach caithfear a chur san áireamh ina aghaidh sin go bhfuil siad ag cailleadh fear as éadan dá bharr.

Caillfidh siad i bhfad níos mó acu i rith an gheimhridh más fíor tuairiscí go bhfuil sé i gceist ag na Rúisigh frithionsaí fíochmhar a dhéanamh go ríghairid. Tá sé i gceist acu na mílte saighdiúir breise a chur ar pháirc an chatha in oirthear agus in oirthuaisceart na hÚcráine.

Idir an dá linn leanfaidh siad orthu ag déanamh ionsaithe ón aer ar fud na hÚcráine ar fad. Féach a ndearna siad de scrios ar na stáisiúin leictreachais agus ar na córais uisce leis na dróin le gairid.

Idir an dá linn níl caint ar bith ar chomhráite síochána.

Tá trí dhream ag iarraidh an cogadh a choinneáil ar bun—na hÚcránaigh, na Meiriceánaigh agus na Rúisigh.

De réir mar is léir d’fhórsaí na hÚcráine an scéal tá siad ag troid ar son chuile orlach dá dtír a ghabháil ar ais ó na Rúisigh.

Feileann an cogadh do Mheiriceá agus do NATO mar gur deis é leis an Rúis a lagan.

Níl le déanamh acu ach neart diúracán a choinneáil leis na hÚcránaigh. Ní gá dóibh saighdiúir ar bith dá gcuid féin a chur ar pháirc an chatha. ‘We will fight the Russians to the last Ukrainian soldier,’ a dúirt gríosóir cogaidh amháin de chuid Mheiriceá.

Maidir leis na Rúisigh tá an-imní orthusan faoi fhórsaí NATO a bheith i mbéal an dorais acu. Thuigfeá dóibh. Dá mbeadh diúracáin ag na Rúisigh i Meicsiceo agus iad dírithe ar Washington céard a cheapfadh na Meiriceánaigh?

Ansin aríst tá an cheist faoin Donbas ann. Bhí cara liomsa ansin sular thosaigh an cogadh. An tromlach atá dílis don Rúis meas cladhaire a bhí acu ar Phutin. Dúirt siad go raibh na hÚcránaigh dá n-ionsaí féin le hocht mbliana agus nach raibh sé de mhisneach ag Putin iad a chosaint.

Tá rud amháin cinnte mar sin féin agus is é sin go ndéanfar síocháin luath nó mall. Socrú an deireadh a bhíonn le chuile chogadh.

Tús maith a bheadh ann filleadh ar an réiteach úd a rinneadh cheana i Minsk. Tabhair faoi deara gur gealladh de réir Minsk 11 go dtabharfadh na hÚcránaigh féinrialtas do cheantair áirithe sa Donbas.

‘Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu,’ a dúirt Críost ar an sliabh.

Teagasc é nach dtugann an dream atá i gceannas ar ár dtír féin aon aird air. Cuimhnigh ar an díbliú a rinneadh ar Shaidhbhín Uí Uigínn, bean an Uachtaráin, nuair a mhol sí gur cheart oibriú ar son na síochána san Úcráin.

Tá Éire in ainm is a bheith ina tír neodrach. Tá cáil ar rialtais de chuid na hÉireann faoi na hiarrachtaí a rinne siad leis an tsíocháin a chur i réim i dTuaisceart Éireann.

Nach gceapfá gur á dtairiscint féin le réiteach a dhéanamh idir an Rúis agus an Úcráin a bheidís in áit a bheith ag gríosú na nÚcránach leis an troid a choinneáil ar bun?

Tá rialtas na Tuirce sásta cruinnithe síochána a eagrú cé gur tír í an Tuirc atá i NATO. Sea ach tá intinn dá gcuid féin ag ceannairí na Tuirce rud nach bhfuil ag an dream sin againne.

Fág freagra ar 'Níl caint ar bith ar chomhráite síochána, ach socrú an deireadh a bhíonn le chuile chogadh'

  • jpmorley0@gmail.com

    “Tá trí dhream ag iarraidh an cogadh a choimeád ar bun…” Ach cad mar gheall ar an gceathrú dream, an dream is tábhachtaí ar fad b’fhéidir, an dream a bhfuil saibhreas thar meon á dhéanamh acu as an gcogaìocht, an dream a bhíonn ag obair go síoraí seasta ar chúla téarmaí agus, déarfadh daoine áirithe, a mbíonn rialtaisí Mheirceá go leanúnach ina bpócaí acu? An coimpléacs míleata-thionsclaíoch, adeirim, dream a sholáthraíonn armra agus trealamh cogaidh don stát agus ar thug Roosevelt rabhadh is foláireamh ina dtaobh nuair a bhí a ré mar Uachtarán ag teacht chun deiridh. $50 billiún atá gnóthaithe acu as cogadh na hÚcráine go nuige seo. Mhaígh ionadaí amháin dá gcuid:
    “Is ionann cogadh agus gnó dúinne, sin é ár ngnó.” Agus gnó is ea gnó. Dá mhéid agus dá fhaid é an cogadh ‘sea is mó an speilp a bheidh orthu. Ní spéis leo mion-chogaíocht neafaiseach san Afraic nó in Yemen srl níos mó ach na holl-chumachtaí; an Rúis, an tSín & SAM a chur i bpíobáin a chéile. Cén mhaith dóibh an t-armra niamhrach gléghlan sin ar fad ar fad a bheith ag bailiú meirge cheal úsáidte? Cheal spáis? Agus an fhostaíocht go léir a bhaineann leis na táirgí gléineacha seo, cuid de dhlúth is d’inneach gheilleagar SAM? Nach sa léirscrios, sa bhfuilteacht, i ngol na mban san ár, san éigniú, sa mharú atá an saibhreas le déanamh a dhonáin? Tá a thrí oiread gunnaí i SAM ná daoine. Trí oiread! Is fusa gunna a cheannach i stáit áirithe ná pionta a fháil thar an gcuntar… mar a n-iarrtar ort teastas a ‘speáint. Féadfaidh tú talamh slán a dhéanamh de go bhfuil gunna nó dhó…nó trí ..
    ag gach duine beo atá ag siúl na sráide taobh leat. Comhairle do leasa dhuit: ná hadhain argóint ná troid le haon diabhal duine acu. (Sé sin muna bhfuil ‘siútar’ agat féin!). Lig do gach duine a cheart féin a bheith aige le linn duit a bheith sna Stáit neamh-Aontaithe sin. Is barbarthaigh atá i réim agus i gceannas sa domhan anois agus fonn cogaidh orthu. Agus tá fear na gcrúb agus lán an domhain mhóir faoi. Agus é lán dá lán féin, ar chuma Putin agus Jin Xiping agus tuilleadh nach iad. Tá an Diabhal ar an Ego. Ach ní ghéilltear sa phisreogacht sin a thuilleadh.

  • Ciarán

    É ráite go maith ag Seosamh san alt seo.

  • Tony

    Seans go mbeidh sé deacair agat a chreidiúint, ach ní ritheann gach duine amu nuair a bhíonn ionróir fíochmhar rompu. Thairg na Meiriceánaigh cabhrú leis an Uachtarán Zelensky imeacht ach d’fhan sé ag troid agus ag spreagadh na tíre chun dul i gcoinne na Rúise. Tá do thuairimí náireach agus ní chuireann siad ach gníomhartha Putin chun cinn.

  • Eoghan Ó Néill

    Is matalang é an cogadh crua seo don phobal bocht in Iarthar, lár agus Oirthear na hUcráine agus ag leibhéal eile do phobal na Rúise chomh maith. Le cuidiú Dé go dtioca idirghabhálaí éigin go luath chun na taobhanna a chur ag caint le chéile chun iarracht ar bhealach na síochána a aimsiú agus cúiteamh cuí ar an scriosadh ó chogadh ar an tír ó 2014 ar aghaidh.

  • Antóin

    An-ráite agat a Sheosaimh.

    “Feileann an cogadh do Mheiriceá agus do NATO mar gur deis é leis an Rúis a lagan” An ceart ar fad agat. Déarfainn go dtuigeann muintir na Gearmáine é sin anois freisin

    “Sea, ach tá intinn dá gcuid féin ag ceannairí na Tuirce rud nach bhfuil ag an dream sin againne” An ceart ar fad arís. Scata maidríní lathaí atá againn sa rialtas.

    “Tá Éire in ainm is a bheith ina tír neodrach” An ceart ar fad agat arís.

    Ach coinneoidh Fine Gall, na Fealltóirí Fáil agus gach páirtí eile orthu ag iarraidh aigne an phobail a mhúnlú ar a ndóigh féin. Tá a fhios againn cad is brí leis an bhfocal ‘neodracht’ in aigne Simon Coveney. Is ionann a bhrí agus an bhrí is mian leis a thabhairt dó

    Agus é ag caint sa Dáil 10 Márta 2022, dúirt sé “Neutrality for me….means we decide when and where Ireland intervenes, who we partner with, what side we take on debates, in conflicts and so on….”

    Maidir le an gcogadh san Úcráin dúirt sé “we are not neutral, we have made it very clear that we’re taking sides here both from a humanitarian point of view and also from a military support point of view……”

    Agus na focail seo ó Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne le déanaí arna dtuairisciú ag RTÉ 14 Deireadh Fómhair 2022 ‘ the public is seeing now that defence is different to offence” agus “ In Ireland we probably need a new conception of what defence is, a new concept” Is ionann a bhrí arís agus an bhrí is mian leis a thabhairt dó. Fáilte go Tír na nIontas!

    Agus ná dearúd fimíneacht na Stickies Féin a bhí ag iarraidh an ruaig amach as an tír a chur ar Ambasadóir na Rúise le déanaí ach a bhí buartha faoi neodracht na tíre nuair a ruaigeadh taidhleoir ón Rúis amach as an tír in 2018.

    Agus an chéad chéim eile? Tionól Saoránach chun an bealach a dhéanamh réidh. Aoichainteoirí ón Úcráin dár moladh go hard na spéire. Agus slán go deo leis an neodracht.

    Agus nuair a thiocfaidh an lá sin beidh na focail seo i mbéal cáich.

    ‘Do chuala scéal do chéas gach ló mé
    Is do chuir san oíche i ndaoirse bróin mé,
    Do lag mo chreat gan neart mná seólta
    Gan bhrí gan mheabhair gan ghreann gan fhónamh’

  • Éamonn Ó Gribín

    Bíodh reifreann againn ar cheist na neodrachta. Bheinn ag súil go mbeadh tromlach i bhfabhar na neodrachta.

  • Séamus Mac C.

    Sách-ráite. Cúis náire é a shásta is atá cuid den aicme pholaitiúil Úcránaigh a íobairt d’fhonn an cogadh a choinneáil ag imeacht.