Níl aon dul siar ar chinneadh fáil réidh le scrúdú cainte Gaeilge an Teastais Shóisearaigh – McHugh

Fiafraíodh sa Dáil den Aire Oideachais an raibh sé i gceist aige athmhachnamh á dhéanamh ar cheist an scrúduithe cainte Gaeilge  i bhfianaise an athbhreithnithe a d’fhógair sé le déanaí ar an gcinneadh ábhar roghnach a dhéanamh den stair

Níl aon dul siar ar chinneadh fáil réidh le scrúdú cainte Gaeilge an Teastais Shóisearaigh – McHugh

Níl sé i gceist ag an Aire Oideachais nua Joe McHugh dul siar ar an gcinneadh conspóideach fáil réidh leis an scrúdú cainte Gaeilge don Teastas Sóisearach.

D’fhiafraigh an Teachta Dála neamhspleách Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna an raibh sé i gceist aige athmhachnamh a dhéanamh ar cheist an scrúdaithe cainte i bhfianaise an athbhreithnithe a d’fhógair sé le déanaí ar an gcinneadh ábhar roghnach a dhéanamh den stair don Teastas Sóisearach.

Mar fhreagra ar an gceist Dála sin, dúirt an tAire McHugh nach mbeadh “an scrúdú béil roghnach sa Ghaeilge ar fáil a thuilleadh agus nach bhfuil sé i gceist an cinneadh seo a athrú”.

Dúirt sé áfach gur “cuid dhílis den eispéireas foghlama teanga iomlán é measúnacht scileanna teanga ó bhéal” agus mhaígh sé go ndéanfaí an mheasúnacht sin i “roinnt slite éagsúla i sonrúcháin nua na Sraithe Sóisearaí”.

Dhéanfaí “scileanna teanga ó bhéal” a thástáil i Measúnacht seomra-ranga-bhunaithe sa tríú bliain feasta, a dúirt an tAire.

Bheadh nasc idir an cur chuige nua agus an obair ranga agus dá bhrí sin bheadh sé ina léiriú “níos údaraí ar shuimeanna agus leibhéil chumais na ndaltaí”, a mhaígh an tAire.

Beidh ar dhaltaí cur i láthair a dhéanamh sa rang ar óráid nó dán nó a leithéid chomh maith, a dúirt sé.

D’iarr Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais anuraidh ar an iar-aire oideachais Richard Bruton an cinneadh deireadh a chur leis an scrúdú roghnach Gaeilge don Teastas Sóisearach a chur siar ar feadh bliana le go bhféadfaí an cás a phlé.

Scrúdú roghnach a bhí sa scrúdú cainte a chuirtí ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach agus b’fhiú 40% den scrúdú iomlán é don té a dhéanfadh é.

Rinne eagraíochtaí teanga agus lucht gaeloideachais cáineadh láidir ar an gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú.

Dúirt cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Catherine Connolly, anuraidh gur chuir a raibh le rá ag múinteoirí, a bhí os comhair an choiste chéanna, faoin gcinneadh “iontas” uirthi agus nach raibh ciall ar bith leis mar chinneadh. 

Fág freagra ar 'Níl aon dul siar ar chinneadh fáil réidh le scrúdú cainte Gaeilge an Teastais Shóisearaigh – McHugh'

  • Beatha teanga í a labhairt

    Ní mór béalscrúdú Gaeilge le scrúdaitheoir seachtrach do bheith ann chun cumas cainte na ndaltaí a mheas go hoibiachtúil. Jóc is ea measúnú inmheánach.
    Is chun airgead a shábháil a cuireadh deireadh leis an scrúdú béil.

  • Liam Mac Lochlainn

    Tá ord nádúrtha i bhfoghlaim teanga. Tagann an éisteacht agus an chaint ar dtús; cuireann an léamh agus an scríobh leis na scileanna sin. Na modhanna teagaisc atá fóirsteanach don Laidin, níl siad foirsteanach don Ghaeilge.

  • Deirdre

    Alt inniu faoi na díolúine uilig atá ann don Ghaeilge, agus formhór acu ceadaithe ar bhun scór a fhaigheann an dalta i scrúdú sa Bhéarla. Ni bheadh aon ghá le díolúine dá mbeadh an bhéim ar scileanna labhairt agus éisteacht na Gaeilge ag leibhéal an Teastas Shóisirigh. Curaclam na bunscoile scoile bunaithe ar an nGaeilge ó bhéal ó 2000.