‘Níl aon duine againn ar an mbord a thuigeann cás na Gaeilge’ – Cathaoirleach RTÉ

Deir Cathaoirleach Bhord RTÉ go bhfuil sé ag iarraidh ball a cheapadh ar an mbord chun an t-easnamh atá ann maidir le cúrsaí Gaeilge a líonadh agus go dtacaíonn sé le hacmhainní cuí a chur ar fáil do Raidió na Gaeltachta

‘Níl aon duine againn ar an mbord a thuigeann cás na Gaeilge’ – Cathaoirleach RTÉ

Tá géillte ag Cathaoirleach RTÉ nach bhfuil aon duine a bhfuil tuiscint acu ar chúrsaí Gaeilge ar bhord na heagraíochta i láthair na huaire ach go bhfuil sé ag iarraidh é sin a chur i gceart.

Agus é ag labhairt i dTeach Laighean le gairid, d’admhaigh Terence O’Rourke, a ceapadh mar Chathaoirleach ar Bhord RTÉ san earrach, gur easnamh a bhí ann nach raibh duine ag a mbeadh taithí ar chás na Gaeilge ar an mbord.

Is ag trácht ar an riar scileanna a bhí ag baill an bhoird a bhí O’Rourke nuair a thagair sé do cheist na Gaeilge agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Meán.

“Ó mhí an Mheithimh seo caite, tá 16 comhalta ar an mbord. Tá leath den bhord tagtha isteach le bliain anuas, agus tá bord maith againn anois agus déanfaidh muid é a neartú tuilleadh. Tá muid ag breathnú ar ár riar scileanna,” a dúirt O’Rourke.

“Aithním, mar shampla, nach bhfuil aon duine againn ar an mbord reatha le tuiscint mhaith ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge. Ba mhaith liom duine eile a thabhairt isteach ar an mbord chun é sin a réiteach mar is rud é atá in easnamh faoi láthair.”

Dhá dhuine déag atá ar Bhord RTÉ i láthair na huaire. Ceapadh cúigear acusan ó thús na bliana, an Cathaoirleach Terence O’Rourke ina measc.

D’éirigh iarchathaoirleach an bhoird, Siún Ní Raghallaigh, as an ról sin mí Feabhra seo caite tráth a raibh conspóid ann faoi phacáistí scoir in RTÉ. In agallamh teilifíse, chuir Aire na Meán Catherine Martin in iúl go raibh eolas míchruinn faighte aici ó Ní Raghallaigh maidir leis na pacáistí agus dhiúltaigh an tAire muinín a léiriú san iarchathaoirleach. Agus í ag éirí as an ról an oíche chéanna, dúirt Ní Raghallaigh, cainteoir líofa Gaeilge agus iarchathaoirleach ar TG4, go raibh an t-eolas cruinn tugtha aici d’oifigigh na Roinne ach gur fhág caint an Aire nach raibh aon rogha ach éirí as an gcathaoirleacht.

Le linn a cathaoirleachta, dúirt Ní Raghallaigh go raibh dul chun cinn déanta ag RTÉ i leith na teanga ach go raibh “níos mó le déanamh”. Ní gá ach labhairt le daoine i bpobal na teanga lena thuiscint gur gá cur leis an soláthar Gaeilge, a dúirt sí anuraidh.

Cuntasóir cairte agus iarchomhpháirtí bainistíochta le KPMG é Terence O’Rourke, arb as contae Muineacháin dó.

Ceistíodh Cathaoirleach reatha RTÉ faoin tacaíocht a chuirtear ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é i dTeach Laighean. D’fhiafraigh an Teachta Dála Brendan Griffin ó Fhine Gael ar aithin O’Rourke an tábhacht a bhain le RnaG sna ceantair Ghaeltachta agus an mbeadh réiteach na bhfadhbanna atá ag cur as don stáisiún mar thosaíocht aige, earcú foirne ach go háirithe.

“An gcinnteofar go mbeidh foireann chuí sna stáisiúin ar fud na Gaeltachta, go háirithe? Tá s’agam go raibh roinnt mhaith daoine a d’imigh ar scor le blianta beaga anuas agus nár tháinig aon duine ina n-áit,” a dúirt an Teachta Griffin.

“Braitear i bpobail na Gaeltachta nach bhfuil acmhainní go leor á gcur ar fáil dá stáisiúin áitiúla in ainneoin go gcuireann siad seirbhís thar a bheith tábhachtach ar fáil dá bpobail.”

Dúirt O’Rourke go raibh ráite ag Coimisiún na Meán go gcaithfidh RTÉ maoiniú cuí a chur ar fáil don chraoladh seirbhíse poiblí a dhéanann an stáisiún trí Ghaeilge agus gur aithin sé go gcuireann Raidió na Gaeltachta “seirbhís ar leith” ar fáil.

Dúirt O’Rourke go dtacódh sé le “pé acmhainní a theastaíonn do Raidió na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar bun aige”.

Fág freagra ar '‘Níl aon duine againn ar an mbord a thuigeann cás na Gaeilge’ – Cathaoirleach RTÉ'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ach céard a bheifí ag súil leis i dtír nach bhfuil focal Gaeilge ag Taoiseach na tíre! Scaipeann an lobhadh ó bhonn is ó bharr. Tá sé thar am fréamhacha an chur-i-gcéilleachais a ghearradh!

  • Proinsias

    Bearna amháin i seirbhísi nuachta RnaG ná nach bhfuil Nuacht an Iarthair (an réigiún Gaeltachta is mó) ar fáil i bhfoirm scríofa ar an idirlín a thuilleadh.
    Bíonn Nuacht an Deiscirt agus Nuacht an Tuaiscirt ar fáil i bhfoirm scríofa i gcónaí.

    Is iomaí duine gur tábhachtaí dóibh an nuacht áitiuil Gaeltachta ná clár ar bith eile ar RnaG.