Níl aon chúis nach gcinnteodh Éire an chraobh in Twickenham

Má imríonn foireann Andy Farrell mar a rinne siad ó thús an chomórtais seo, is beag seans ar chor ar bith go mbeidh an bua ag foireann an bhaile

Níl aon chúis nach gcinnteodh Éire an chraobh in Twickenham

Conor Murray. Pictiúr: Dan Sheridan/Inpho.ie

In ainneoin go bhfuil dhá bhabhta fós le n-imirt i gcomórtas Sé Náisiún na bliana seo, is ag Éirinn a bheas an chraobh má éiríonn leo bua le ceithre úd a fháil i gcoinne na Sasanach inniu.

Ó tharla gur éirigh le foireann na hÉireann trí bhua le trí phointe bónais a shlánú cheana féin, fiú agus cluiche amháin eile fós le n-imirt i gcoinne na hAlban faoi cheann seachtaine, tá seans iontach acu an chraobh a chinntiú inniu.

Anois, is fusa sin a rá ná a dhéanamh!

I dtosach báire, is i Twickenham a bheas an cluiche seo. Ní hamháin sin ach is fiú a mheabhrú go bhfuil dhá bhua as trí iarracht cláraithe ag na Sasanaigh i gcomórtas na bliana seo. Bhí an lámh in uachtar acu ar an Iodáil agus ar an mBreatain Bheag, ach chaill siad as baile in Murrayfield coicís ó shin. Ciallaíonn sin nach bhfuil seans na ngrást acu greim a fháil ar an gcraobh, iad seacht bpointe taobh thiar d’Éirinn, foireann atá ar bharr an tábla.

Mar sin féin, is féidir leo dochar a dhéanamh dár gcuid iarrachtaí greim a fháil ar dhá Grand Slam le cúl a chéile.

Sin rud nár éirigh le haon fhoireann a dhéanamh ó thús na craoibhe in 2000, tráth ar tháinig na hIodálaigh isteach sa gcomórtas.

Ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu agus an spreagadh a thabharfas sé sin dóibh, is deacair comparáid a dhéanamh idir imirt agus cur chuige na Sasanach le bliain nó dhó anuas agus ardchaighdeán imeartha fhoireann na hÉireann le linn na tréimhse céanna. Má imríonn foireann Andy Farrell mar a rinne siad ó thús an chomórtais seo, is beag seans ar chor ar bith go mbeidh an bua ag foireann an bhaile. Tá na geallghlacadóirí ag fógairt go mbeidh bearna aon phointe dhéag ann i bhfabhar na hÉireann ag deireadh an chluiche.

Ach le go dtarlaíodh sin caithfidh chuile ghné d’imirt na hÉireann feidhmiú i gceart, an síneadh amach, an chlibirt, agus an imirt scaoilte. Seans maith go mbeidh na Sasanaigh ar a míle dícheall ag iarraidh cur isteach ar na patrúin cleachta ach déanfaidh siad iarracht freisin cur as do chúpla imreoir tábhachtach, leithéidí Jack Crowley, an leathchúl amuigh agus Hugo Keenan, an lánchúlaí. Tá mise cinnte go mbeidh plean ag Andy Farrell chun na himreoirí sin a chosaint. Seans freisin go bhfuil formhór imreoirí na hÉireann róchríonna d’aon chleasaíocht a bheas ar bun ag an bhfreasúra.

Bua eile d’fhoireann na hÉireann, mar sin, ach drogall orm labhairt faoin bpointe bónais.

Maidir leis an dá chluiche eile a bheas á n-imirt i mBabhta 4, roimh ár gcluiche in Twickenham tabharfaidh an Iodáil faoi Albain sa Róimh inniu. Níl aon dabht ann ach go bhfuil bua tuillte ag na hIodálaigh. Cuimhnigh gur chríochnaigh an cluiche idir iad féin agus na Francaigh ar comhscór (13-13) coicís ó shin agus nach raibh ach trí phointe idir iad féin agus na Sasanaigh i mBabhta 1 (24 -27). Ach ag an am céanna beidh Albain ar thóir bua le pointe bónais le brú a chur ar Éirinn.

Má éiríonn le hAlbain an lámh in uachtar a fháil ar an Iodáil agus má chliseann ar Éirinn i gcoinne Shasana sa dara cluiche, beidh seans ag Albain greim a fháil ar an gcraobh faoi cheann seachtaine. Tá a fhios agam go bhfuil go leor féidearthachtaí sa ráiteas sin ach léiríonn sé an spreagadh atá ag Albain tréan-iarracht a dhéanamh sa Róimh inniu.

Beidh an Bhreatain Bheag sa mbaile amárach agus iad ag cur fáilte roimh fhoireann an Fraince. Níl aon dabht ach go bhfuil an dá fhoireann seo in ísle brí faoi láthair, gan cluiche ar bith buaite ag na Breatnaigh agus gan ach bua i gcluiche amháin ag na Francaigh. Tá drogall orm toradh a thuar. Ní miste liom cén toradh a bheas ann. Ní bheidh aon tionchar ag toradh na coimhlinte seo ar imeachtaí ag barr an tábla.

Nach fada ó bharr chlár rugbaí an domhain a thit an dá fhoireann seo?

Fág freagra ar 'Níl aon chúis nach gcinnteodh Éire an chraobh in Twickenham'