Níl aon áit sa spórt do ghangaid, gránnacht ná suarachas

Ní hé nach bhfuil an púdar ag Cumann Lúthchleas Gael stop a chur leis an gcaint mhaslach nó gríosaitheach ar pháirc na himeartha

Níl aon áit sa spórt do ghangaid, gránnacht ná suarachas

David Clifford agus Padraig O'Hora. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Ní ar aon dul atá na tuairimí ar fad atá feicthe agam faoinar tharla idir Pádraig Ó hÓra agus David Clifford i gCluiche Ceannais na Sraithe Peile le gairid. Goilleann sé orm go bhfuil pobal réasúnta mór amuigh ansin a cheapann nach bhfuil ann ach glacadh lena leithéid.

Níor chúis iontais go bhfuil Philly McMahon ar dhuine acu sin. Ina cholún san Irish Independent an tseachtain seo caite chuir Philly an argóint chun cinn nach dtugann réiteoirí, lucht leanta ná anailísithe cothrom na Féinne do chosantóirí i gcomparáid leis an gcaoi a gcaitear le tosaithe.

Is iad is iondúla a fhaigheann gradaim ar nós ‘Laoch na hImeartha’ agus is iad a fhaigheann an tslis is mó den chíste fógraíochta. ‘It’s a forward’s world. The rest of us just live in it,’ a deir an Mathúnach.

Mmm……

Ina chuid scríbhneoireachta, níor thagair McMahon do Colm Cooper. Ní féidir mar sin féin ach go raibh an Gooch go láidir ina intinn. Ba mhinic a thug fear Chill Airne an spídiúlacht chéanna do chosantóirí Átha Cliath agus a thug Clifford do Mhaigh Eo an lá faoi dheireadh. Buacach nó caillteach, deir Gooch nár cheart go mbeadh glacadh lena leithéid de mhí-iompar ar pháirc na himeartha agus nach mbeadh aon mheas aige ar imreoir a thiocfadh ina bhun.

Ag tagairt ina bheathaisnéis do Chluiche Ceannais 2015, inar caitheadh tarcaisní béil go leor leis féin, déanann Cooper cur síos ar an am a dtáinig Mac Mathúna anall chuige agus an imirt déanta – bua faighte ag Áth Cliath más cuimhneach libh.

Níor dhúirt Philly amach díreach go mba ag gabháil leithscéil a bhí sé, ach mhínigh go mba é a ghnáthmhodh imeartha an ceann a bhí fulaingthe ag an gCúipéarach sa mbáisteach.

‘So I am just standing there, waiting for him to finish, thinking …What do you want…well done…match over…go and enjoy it with your team mates …that’s the f*****g end of it… Dublin won, I don’t need this now, I don’t need an apology…don’t come to me trying to be my friend, you’re not, move on, live in the real world.’

Sa leabhar céanna deir Cooper freisin nach mba é Philly ba mheasa acu ná baol air.

Mar dhaoine ní fhéadfá gan meas a bheith agat ar leithéid McMahon agus O’Hora.

Anuraidh lainseáil fear Mhaigh Eo táirge spóirt do dhuine aitheantais de mo chuid a mhol a chuid gnaíúlachta go hard na spéire. Oibríonn sé le daoine atá faoi mhíbhuntáiste. Tá fáilte curtha aige isteach ina theach féin roimh theifigh as an Úcráin.

Ach a bheathaisnéis féin a léamh, ní fhéadfá gan meas agus ómós a bheith agat do Philly McMahon. Ní mba ghnáth-thógáil a fuair sé, é ina chónaí i bpobal ina raibh greim ag drugaí ar go leor – ba iad ba chúis le bás a dhearthár féin. Sheachain sé na contúirtí agus is moladh amháin atá ag dul dó as a bhfuil sé a dhéanamh dá cheantar agus dá chathair dhúchais.

Faraor níl aon bhaint ag na rudaí sin ar fad le mí-iompar ar pháirc na himeartha.

Bheadh glacadh níos mó agam leis an argóint nár chuidigh sé le O’Hora a bheith fágtha ina aonar ag iarraidh súil a choinneáil ar an bpeileadóir is fearr in Éirinn – sa gcás sin ba ar a chomhghleacaithe agus ar a bhainisteoirí ba chóir dó a chuid cantail a ídiú.

Samhlaítear tréithe áirithe leis an bhfocal ‘Spórt’. Iomaíocht oscailte, fearúlacht, meas, cneastacht, ionracas, macántacht, ómós.

Níl aon áit ag gangaid, gránnacht, suarachas ná mímhacántacht ar an liosta sin agus ní féidir glacadh lena leithéid.

Ná habair liom ach an oiread go bhfuil sé ródheireanach seasamh roimhe. Uair amháin eile luafaidh mé an smacht agus an dearcadh atá i réim ar pháirceanna an rugbaí.

Ní hé nach bhfuil an púdar ag Cumann Lúthchleas Gael. Seo Riail 5.14 den Treoraí Oifigiúil:

Bagairt a dhéanamh ar chéile comhraic nó ar chomhghleacaí foirne nó caint mhaslach nó ghríosaitheach nó comharthaí maslacha nó gríosaitheacha a úsáid leis.

PIONÓS LE hAGHAIDH NA bhFEALLANNA THUAS –

(i) An duine ciontach a chur den pháirc trí Chárta Dubh a thaispeáint dó.

Níl a fhios agam arb aon sólás do Philly gur bhuaigh a leabhar féin The Choice gradam leabhair spóirt na bliana nuair a foilsíodh é in 2017, rud nach ndearna Gooch an bhliain dár gcionn.

‘Is treise an peann ná an teanga’, nó an treise?

Fág freagra ar 'Níl aon áit sa spórt do ghangaid, gránnacht ná suarachas'