Níl Andy Farrell ag tógáil seans ar bith

Is deacair teacht ar aon duine, sa mBreatain Bheag féin, atá ag tabhairt seans ar bith do na cuairteoirí i staid an Aviva inniu

Níl Andy Farrell ag tógáil seans ar bith

Ag Éirinn, curaidh na bliana seo caite, agus ag Sasana amháin atá seans ar an nGrand Slam anois agus dhá bhabhta de chomórtas na Sé Náisiún thart.  Tá cluiche amháin ar a laghad caillte ag an gceithre fhoireann eile agus péire caillte ag na Breatnaigh agus ag na hIodálaigh.  Fágann sin go mbeidh suim ar leith sa dá chluiche i mBabhta 3, cluichí a imreofar inniu. Éire gcoinne na Breataine Bige i Staid Aviva an chéad cheann acu sin. Is deacair teacht ar aon duine, sa mBreatain Bheag féin, atá ag tabhairt seans ar bith do na cuairteoirí, iad ar fad den tuairim, fiú ag an bpointe seo sa chomórtas, gur eatarthu féin agus an Iodáil a bheas comórtas spúnóg adhmaid na bliana seo.

Mar sin féin, is léir ón roghnú foirne atá déanta ag Andy Farrell nach bhfuil seisean ag tógáil seans ar bith agus é ag cur a chéad rogha imreoirí chun páirce, seachas an láncúlaí, Hugo Keenan atá gortaithe. Seans go bhfuil an ceart aige.  Bhí mí-ádh ar na Breatnaigh i mBabhta 2 agus iad as baile in Twickenham.  Ní raibh ach ceithre phointe iad féin agus na Sasanaigh ag deireadh an chluiche sin agus ní dóigh gur gá dom an t-aiséirí iontach a rinne siad sa dara leath de cluiche Bhabhta 1 i gcoinne na hAlban a mheabhrú daoibh.

Is cinnte go mbeidh foireann na hÉireann ar thóir bua le cúig phointe don tríú cluiche as a chéile agus is deacair a shamhlú nach dtarlóidh sé sin.  Ag an am céanna, is cinnte go mbeidh an fhoireann bainistíochta ar iarraidh cúpla laige a tháinig chun solais sa gcéad dá chluiche a cheartú, go háirithe an chlibirt agus an glanadh amach ag an gcliseadh. Má imríonn Éire mar a rinne siad sa gcéad dá chluiche, ní dóigh gur féidir bua do na Breatnaigh a thuar.

Mar sin féin, tá mé ag cur fainic ar chuile dhuine.  Bíonn bagairt ó na Breatnaigh aon uair a mbíonn Warren Gatland i gceannas orthu.

Sa dara cluiche mór amárach beidh na Sasanaigh ag taisteal go Murrayfield le tabhairt faoi Albain. Ní féidir an dúshlán a bhaineann leis an turas do na Sasanaigh a shéanadh. I dtosach báire bhuail Albain Sasana in Twickenhan anuraidh (29-23).  Cuir san áireamh ansin an cinneadh conspóideach a rinne an réiteoir ag deireadh an chluiche idir Albain agus an Fhrainc coicís ó shin. Creideann go leor go ndearna an réiteoir botún uafásach gan an t-úd a bhronnadh ar Albain agus cheil sé bua baile orthu. Bhí ár ngaolta Ceilteacha spréachta agus an ceart ar fad acu.  Beidh díoltas ar a n-intinn acu, níl aon dabht faoi sin.

An ndéanfaidh siad gar mór dúinn? Má bhíonn an bua acu beidh na Sasanaigh as an rás don Ghrand Slam, is fúinn féin amháin a bheas sé, sin dar ndóigh má bhíonn an bua againne sa gcéad cluiche!

Beidh na hIodálaigh ag taisteal go Lille amárach le tabhairt faoi na Francaigh. Fiú má imríonn na Francaigh chomh dona agus a rinne siad sa gcéad dá bhabhta, ní dóigh go gcaillfidh siad  an cluiche seo, faraor. Bua eile do na Francaigh.

Fág freagra ar 'Níl Andy Farrell ag tógáil seans ar bith'