Níl an dóchas sa dúchas agam ach tá leabhrán álainn Gaeilge agam a foilsíodh an bhliain a rugadh mé

Tháinig mé, gan choinne, ar leabhrán ar na mallaibh, leabhrán ar pléisiúr é a léamh agus imeacht leat ar turas, ar chamachuaird, ar dhúiche nach eol duit

Níl an dóchas sa dúchas agam ach tá leabhrán álainn Gaeilge agam a foilsíodh an bhliain a rugadh mé

Níl an dóchas sa dúchas agam. Níl neart agam air. Ach tugann ócáidí agus imeachtaí agus leabharthaí dóchas dom anois agus arís. Tháinig mé, gan choinne, ar leabhrán ar na mallaibh: An Chamachuaird Laisteas den tSionainn le Gearóid Mac Spealáin, M.A.

Thóg mé é de charn leabhar athláimhe agus cheannaigh láithreach é. Ní raibh aithne agam ar an údar ná eolas agam ar an ábhar. Ba é dáta foilsithe an leabhair an rud ar chuir mé sonrú ann – 1965, an bhliain a tháinig mé ar an tsaol agus, sea, tá na trí scor bainte amach agam. Ná fiafraigh díom cad é mar a tharla sin. Níl a fhios agam féin.

Spreag dáta foilsithe an leabhair mé. Seo leabhrán, agus leabhrán an-mhaith, a foilsíodh agus mé go díreach i ndiaidh teacht ar an tsaol. Rinne mé rud beag taighde ar Mhac Spealáin ar an tsuíomh iontach sin, ainm.ie. Ba de bhunadh Luimnigh é (1904-1975) agus d’fhoghlaim seisean a chuid Gaeilge leis na Bráithre Críostaí mar a d’fhoghlaim mise mo chuidse leis na Bráithre Críostaí i mBéal Feirste. Agus bhí Dubhghlas de hÍde mar ollamh aige le linn dó a bheith i mbun a BA i mBaile Átha Cliath. Is mór is fiú an iontráil uilig a léamh nó is léir gur duine eisceachtúil a bhí ann.

Ach ba é foghlaim na Gaeilge leis na Bráithre Críostaí an rud is mó a chuir tocht orm. Níl a fhios agam cad chuige; mé ag mothú thar a bheith maoithneach mar gheall ar an lá breithe áirithe sin, bíodh geall.

Rinne Mac Spealáin mórán agus é i mbun pinn; tá drámaí dá chuid féin; gearrscéaltaí agus aistí agus mórán aistriúchán luaite leis ag tús an leabhráin. Iomrá ná iomrá níor chuala mé orthu. Ach seo an mhíorúilt a tháinig slán ó dhíchuimhne.

Le cuidiú ó Chomharchumann Íde Naofa a cuireadh i gcló an leabhrán agus is é atá scríofa go healaíonta. Bhí bua na bhfocal ag Mac Spealáin: ‘Ní leabhar lom-staire é seo … Ní scéal leanúnach ná mion-tuairiscí ar eachtraí móra atá sa leabhar. Ní hea, ach smaointe fánacha den tsord a rithfeadh in aigne duine agus é ina shuí go seascair fán ngréin i ndúthaigh aoibhinn lá breá samhraidh ag breathnú ar pheidhl’acán gealdathach ag eitilt ó bhláth go bláth.’

Agus sin mé, dalta de chuid Bhráithre Bhéal Feirste ag léamh dalta de chuid bhráithre Luimnigh agus na seantuisil ag tumadh ar ais – ‘faoin ngréin’ agus ‘i ndúthaigh’.

(Chuala mé daoine i mBéal Feirste agus mé ag óg a chuaigh chun cainte ‘le mnaoi’. Déanadh tú féin an taighde ar an cheann sin.)

Á, a thuisil thabharthaigh, is bocht do chás ar na saolta seo.

Leabhrán breá dea-scríofa eolach. Leabhrán ar pléisiúr é a léamh agus imeacht leat ar turas, ar chamachuaird, ar dhúiche nach eol duit, ag cur eolas ar logainmneacha agus áiteacha agus ag cur aithne ar dhaoine a d’éag fadó fadó.

Dóchas? Sea, níl an dóchas sa dúchas agam. Ach, anois agus arís, spreagann an saol mé ina ainneoin sin. Tá leabhrán ar an tseilf agam, a foilsíodh an bhliain a tháinig mé ar an tsaol. Tá sé scríofa i nGaeilge álainn agus tá saineolas agus grá taobh thiar den uile fhocal di. Rinne an té a scríobh a chuid bheag féin ar son na teanga; thug Comharchumann Íde Naofa lámh chúnta dó an saothar a chur i gcló.

Tá focal beag ón údar ag tús an tsaothair. Maith dom é má chuirim cúpla líne seo Mhic Spealáin romhat arís, focal ar fhocal: ‘Bheirim buíochas óm chroí do na cáirde cineálta go léir laistigh den Chomhar-Chumann agus lasmuigh dhe, a chuidigh liom go fonnmhar fáilteach chun an tráchtas seo a chur i dtoll a chéile Mura mbeadh a gcabhair agus a gcomhairle, is lán-deimhin ná tiocfadh mo shaothar fá shúile léitheoirí go bráth. Rath Dé agus Mhuire agus ‘Bhríde na Mumhan’ orthu féin agus ar gach a mbaineann leo choíche.’

Paidir í sin, nach ea, paidir údair; paidir a dúradh trí scór bliain ó shin agus a chualathas in iarthar na hÉireann in oirthear na hÉireann, paidir ‘fá shúile léitheoirí’ arís.

Bhéarfadh sé dóchas duit faoi chumhacht na scríbhneoireachta, bláth fiáin sin na teanga a fhásann gan choinne as coincréit na linne seo.

Níor phós Mac Spealáin ariamh ach seo mac páipéir dá chuid faoi mo chúram anois. Sin agat ábhar dóchais don bhliain atá romhat, más scríbhneoir thú.

Fág freagra ar 'Níl an dóchas sa dúchas agam ach tá leabhrán álainn Gaeilge agam a foilsíodh an bhliain a rugadh mé'

  • Machaire

    Go raibh maith agat as an alt sin. Go leor scríofa ag Mac Spealáin faoi stair agus faoi dhúchas Luimnigh. Is cosúil gur ag tarraingt ó shaothar TJ Westropp a bhí sé nuair a scríobh sé faoi chaisleáin agus sean-shéipéil Luimnigh (nach gá dúinn go léir brath ar an bhfathach siúd!). Mar sin fhéin is cinnte nach bhfuair Mac Spealáin dóthain aitheantais as a chuid scríbhneoireachta staire trí mheán na Gaeilge.