‘Níl agam faoin ábhar sin ach leabhar amháin…’ arsa fear an tsiopa

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an mbíonn leisce ar oibrithe siopaí leabhar saothair ina bhfuil carachtair LADT lárnach a mholadh do chustaiméirí?

‘Níl agam faoin ábhar sin ach leabhar amháin…’ arsa fear an tsiopa

Thug mé cuairt ar shiopa greannán an lá faoi dheireadh. Ceann fisiciúil; tá cead ag siopaí leabhar san Ísiltír, mar a bhfuil mé faoi láthair, custaiméir amháin ag an am a scaoileadh isteach má dhéanann an duine sin áirithint roimh ré.

Ceann de na deacrachtaí a bhaineann leis an gcineál sin siopadóireachta ná go mbíonn sé deacair brabhsáil ar do shuaimhneas.

‘An bhfuil aon rud faoi leith á chuartú agat?’ a d’fhiafraigh fear an tsiopa an nóiméad a shiúil mé isteach.

‘An bhfuil greannán ar bith agat faoi dhornálaíocht?’ a d’fhiafraigh mise.

D’fhan fear an tsiopa ina thost ar feadh soicind.

‘Dornálaíocht. Níl agam faoin ábhar sin ach ceann amháin.’

Bhí rud éigin faoin gcaoi a ndúirt sé ‘níl agam faoin ábhar sin ach ceann amháin’ a thug le tuiscint dom go raibh rud éigin aisteach ag baint leis an leabhar céanna. Feicfidh tú gur greannán faoi dhornálaí aerach atá ann, a dúirt glór ar chúl m’aigne, leath ag magadh. Nár bhreá sin?

Nach mór an t-iontas a bhí orm nuair a tháinig fear an tsiopa ar ais le greannán tiubh a raibh dornálaí bándearg ar an gclúdach. KnockOut! an teideal a bhí ar an leabhar, greannán leis an údar Gearmánach Reinhard Kleist.

Scéal saoil Emile Griffith a bhí faoi chaibidil, dornálaí dubh agus aerach, ó Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean a bhain cáil amach dó féin sna Stáit i ndara leath na haoise seo caite. Conspóid chomh maith le cáil: sa bhliain 1962, ag an meá roimh an gcluiche, thug an dornálaí Cúbach Benny Paret íde bhéil homafóibeach do Griffith; san fháinne, thug Griffith batráil chomh dona sin do Paret gurbh éigean Paret a thabhairt go dtí an t-ospidéal, áit a bhfuair sé bás tar éis 10 lá.

D’oscail an talamh fúm. Cén chaoi a bhféadfadh sé nach raibh cloiste agam riamh faoi Emile Griffith? Tá ceisteanna le cur, cinnte, faoin easpa airde san oideachas staire ar dhaoine aeracha dubha, agus go deimhin ar ábhar an spóirt.  Ach rith sé liom go bhfuil ceisteanna le cur freisin faoin tsuim nach mbíonn ag mórchuid daoine aeracha, mise san áireamh, ina stair féin.

Ach ábhar é sin do cholún eile. Ba í an cheist ba phráinní a rith liom tar éis dom greannán Kleist faoi Emile Griffith a cheannacht ná seo: an drogall a bhí ar fhear an tsiopa greannán an teideal sin a mholadh dom, an drogall, go deimhin, a bhí air a rá os ard gur leabhar faoi dhuine aerach a bhí i gceist.

An é go mbeadh an drogall céanna ar oibrithe shiopaí leabhar úrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile, filíocht Chathail Uí Shearcaigh nó cnuasach Chiara Ní É nuair a fhoilseofar é, nó go deimhin mo chuid leabhar féin a mholadh do chustaiméirí? Nó scríbhneoireacht Audre Lorde nó James Baldwin?

Ní hionann agus an garrfhicsean pornagrafaíoch a gheobhaidh tú ar na seilfeanna LADT sna siopaí leabhar, ní ar léitheoirí LADT amháin a bhíonn an litríocht ina bhfuil carachtair nó ceisteanna aeracha lárnach dírithe: gnáthleabhair iad, agus ba chóir, dar liomsa pé scéal é, go mbeadh an spéis chéanna ag léitheoirí díreacha iontu agus a bhíonn ag léitheoirí LADT i leabhair ina bhfuil carachtair dhíreacha lárnach.

Ach ba léir dom tar éis mo chuairte ar an siopa greannán nach bhfuil chuile dhuine in earnáil na leabhar ar aon intinn liom.

Níl leagan Béarla (nó Gaeilge) ar fáil de KnockOut! go fóill, ach má tá an bunleagan Gearmáinise, leagan i bhFraincis agus i roinnt teangacha eile ar fáil anseo  

Fág freagra ar '‘Níl agam faoin ábhar sin ach leabhar amháin…’ arsa fear an tsiopa'

  • Alex Hijmans

    Seo an nasc chuig an suíomh ar a bhfuil fáil ar KnockOut! le Reinhard Kleist: https://www.reinhard-kleist.de/comics/knock-out/ (thit an nasc amach as an alt thuas is baolach)

  • Tomás

    Ni fear aerach a bhi ann ach deghneasach a bhi se