Níl a ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh ag formhór na stáisiún raidió i gcontaetha Gaeltachta – taighde nua

Ní bhíonn ach ‘giotaí beaga Gaeilge’ á gcraoladh ag cuid de na stáisiúin atá lonnaithe sa seacht gcontae Gaeltachta

Níl a ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh ag formhór na stáisiún raidió i gcontaetha Gaeltachta – taighde nua

Léiríonn tuarascáil taighde nua nach bhfuil a ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh ag formhór na stáisiún raidió a bhfuil Gaeltacht ina gceantar saincheadúnais.

Deir údair na tuarascála nua ‘Taighde ar úsáid na Gaeilge ar an raidió (Céim a Dó)’  nach mbíonn ach “giotaí beaga Gaeilge” á gcraoladh ag cuid de na stáisiúin atá lonnaithe sa seacht gcontae Gaeltachta.

I gCorcaigh, ní chraoltar ar C103 ná 96FM aon chlár iomlán Gaeilge. Craolann Red FM uair is ceathrú d’ábhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine, nó 1% dá sceideal. Craolann Spin Southwest, a bhíonn ag freastal ar cheantair Ghaeltachta Chorcaí agus Chiarraí, naoi n-uaire an chloig i nGaeilge in aghaidh na seachtaine, nó 5.3% dá sceideal.

chraolann Radio Kerry ach trí uaire an chloig i nGaeilge gach seachtain, timpeall 2% dá sceideal. Ní chraolann Galway Bay FM, a bhíonn ag freastal ar ar an gceantar Gaeltachta is láidre sa tír, ach dhá uair an chloig agus trí cheathrú d’ábhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine, nó 1.5% dá sceideal. Ní chuireann Connemara Community Radio, a bhfuil cuid dá cheantar saincheadúnais sa Ghaeltacht, ach thart ar dhá uair go leith d’ábhar Gaeilge ar fáil gach seachtain, nó 3.5% dá sceideal.

I Maigh Eo craolann Midwest Radio uair an chloig is ceathrú d’ábhar Gaeilge gach seachtain, nó timpeall 2% dá sceideal. Ní chraoltar ar Highland Radio I nDún na nGall ach beagán sa bhreis ar trí uair go leith d’ábhar Gaeilge gach seachtain, timpeall 2% den sceideal. Tá Gaeltacht mhór i nDún na nGall. Ní chraoltar ar Ocean FM, a bhíonn ag soláthar do Dhún na nGall theas ach leathuair an chloig d’ábhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine, timpeall 0.25% dá sceideal.

I gcás Ghaeltacht na Mí ní chraoltar ar LMFM ach thart ar dhá uair a chloig is trí cheathrú d’ábhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine, thart ar 1.5% den sceideal. Ní chraoltar ar WLR I bPort Láirge leathuair an chloig d’ábhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine timpeall 0.25%. Craoltar ar BEAT 102-103 beis is ceithre uair go leith de chláracha Gaeilge in aghaidh na seachtaine, nó 2.7% den iomlán.

Deir údair na tuarascála go bhfuil na forálacha a bhaineann le stáisiúin atá ag craoladh i gceantair Ghaeltachta níos déine ó thaobh na Gaeilge de mar gur gá do Choiste um Dheonú Conarthaí an BAI “aird ar leith” a bheith aige ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge i gcás na stáisiún sin.

“Mura bhfuil ach giotaí beaga Gaeilge á gcraoladh ag stáisiún, is deacair an cás a dhéanamh go bhfuil siad ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga labhartha sa Ghaeltacht.

“Ba chóir go gcuirfeadh stáisiúin le limistéir Ghaeltachta ina gceantair shaincheadúnais i bhfad níos mó cláracha Gaeilge ar fáil ná mar a chuireann stáisiúin eile. Is féidir deimhin a dhéanamh de seo má chuirtear cuóta sa reachtaíocht do na stáisiúin seo. Mar aitheantas dá ngealltanais reatha sna conarthaí, ba chóir do na stáisiúin aghaidh a thabhairt ar an easnamh seo ina sceidil.”

Deir na húdair, , an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr Rosemary Day, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh agus an Dr Philip Fogarty, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur díol
suntais a laghad Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar na stáisiúin sna contaetha Gaeltachta i bhfianaise an líon mór éisteoirí atá acu i gceantair Ghaeltachta de réir suirbhéanna JNLR.

Cuireann an stáisiún réigiúnach iRadio céatadán ard cláracha Gaeilge ar fáil.

Ba choir, a deir na húdair, d’Údarás Craolacháin na hÉireann machnamh a dhéanamh ar ‘chuóta Gaeilge’ a chur sna conarthaí craolacháin a aontaítear le stáisiúin raidió atá lonnaithe i gcontaetha Gaeltachta.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith go mbíonn “aschur an-íseal” Gaeilge ar sheirbhísí raidió RTÉ, cé is moite de RTÉ Raidió na Gaeltachta. Timpeall dhá uair an chloig go leith d’ábhar Gaeilge in aghaidh na seachtaine a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ Radio One, uair is trí cheathrú a bhíonn ar RTÉ 2fm agus ní bhíonn ach 15 nóiméad de Ghaeilge ar RTÉ lyric fm gach seachtain.

De réir na tuarascála taighde bíonn  níos mó Gaeilge le cloisteáil ar chuid de na stáisiúin tráchtála agus pobail ná mar a bhíonn ar sheirbhísí an chraoltóra náisiúnta.

Fág freagra ar 'Níl a ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh ag formhór na stáisiún raidió i gcontaetha Gaeltachta – taighde nua'