Niamh Ni Chriomhthain Uí Laoithe, duine de na Blascaodaigh dheireanacha, ar shlí na fírinne

Dála a lán de mhná an Bhlascaoid Mhóir bhí Niamh Ni Chriomhthain Uí Laoithe tréan i meon agus i bpearsa

Niamh Ni Chriomhthain Uí Laoithe, duine de na Blascaodaigh dheireanacha, ar shlí na fírinne

Is féidir a rá go raibh an Blascaod Mór agus ar bhain leis go smúsach i Niamh Ní Chriomhthain Uí Laoithe, a d’éag an deireadh seachtaine seo caite agus í blianta beaga in éineacht leis na ceithre fichid.

Dála a lán de mhná an Bhlascaoid Mhóir do bhí sí tréan i meon agus i bpearsan. Bean mhacánta mhuinteartha ba ea í leis agus bhí a ceann agus a háitreabh i mBaile an Lochaigh lán go barra le heolas mar gheall ar an mball ab ansa léi ar domhan – An tOileán Tiar agus a phobal.

Bhí sí ar  dhuine de na daoine ba ghníomhaí maidir le scéal an Bhlascaoid a chur os comhair an tsaoil mhóir agus ball dílis d’Fhondúireacht an Bhlascaoid ba ea í ó bunaíodh an t-eagras sin sna hochtóidí den gcéad seo d’imigh tharainn.

Thaispeáin pobal an Bhlascaoid ar fad a urraim dí nuair a roghnaíodh í, cúig bliana fichead ó shin trátha an ama seo, chun Ionad An Bhlascaoid Mhóir a d’oscailt go hoifigiúil in éineacht le hAire Airgeadais na linne – Bertie Ahern.

Niamh agus an tAire Airgeadais ag an am, Bertie Ahern, ag oscailt oifigiúil Ionad an Bhlascaoid i 1994 – 25 bliain ó shin

Bhí Niamh Ní Chriomhthain ar an liosta scáinte de Bhlascaodaigh a bhí fós ar marthain, liosta nach bhfuil ach ceathrar fágtha air anois ina héis.

Ar an mBlascaod a saolaíodh tuismitheoirí Niamh. Ba iad sin Seán Thomáis Dhomhnail Ó Criomhthain agus Eibhlís (‘Lís)  Sheáin Mhicil Ó Súilleabháin, nó Lís Mhicil, mar a thugtaí uirthi coitianta.  Údair ba ea lán na beirte acu siúd. Scríbhneoir den scoth ba ea Seán Ó Criomhthain, dála a athar, Tomás. Orthu siúd a thug ardmholadh dá leabhar dírbheathaisnéise, Lá dar Saol, a foilsíodh in 1969, do bhí an file iomráiteach, Seán Ó Ríordáin.

Ba í Lís Mhicil údar Letters from the Great Blasket,  nár foilsíodh go dtí 1978, an t-aon leabhar as Béarla a tháinig ó aon údar Blascaodach. Is é rud atá ann ná litreacha i mBéarla i dtaobh a saoil san oileán agus ar an míntír a chuir sí in imeacht fiche bliain go dtí George Chambers, Sasanach a thug cuairt ar an oileán i 1931 agus arís i 1938. Tuigtear go raibh an-chion ag Eibhlís agus ag Chambers ar a chéile.

I 1933 sea do pósadh Eibhlís agus Seán agus, in earrach na bliana 1937, agus í ar tí dul ar a leaba luí seoil, b’iúd le hEibhlís amach ar an míntír, go dtí daoine muinteartha léi, chun a leanbh a shaolú.

Saolaíodh an leanbh sin, Niamh, i mí an Aibreáin, 1937 agus i gceann tamaill de laethanta do thug an mháthair a leanbh léi isteach ‘on oileán.  Is cinnte go raibh muintir an oileáin leáite anuas ar an ngearrchaile beag agus í ag fás suas ina measc, mar na raibh a leithéid eile san oileán ag an am sin.

Buaileadh buille tubaisteach ar phobal an Bhlascaoid nuair a dúnadh an scoil náisiúnta ansin de phreib sa bhliain 1941. Go rímhaith a thuig tuismitheoirí Niamh ansin ná raibh aon dul as acu ach aistriú amach chun na míntíre chun saol níos fearr a thabhairt dá leanbh agus chun oideachas a chur uirthi. D’ardaíodar a seolta chun na míntíre an bhliain dár gcionn, 1942, agus chuadar chun cónaithe ar an Muirígh.

Saolaíodh iníon eile díobh, Cáitín, tamall tar éis aistriú amach. Nuair a tháinig an t-am chuige sin, do chuaigh Niamh ar imirce go Meiriceá agus thug sí roinnt blianta ag obair in Hartford, Connecticut agus cuid mhaith de mhuintir an Oileáin Tiar ina timpeall.

Niamh ag dealbh a seanathar, Tomás Dhomhnaill Criomhthain, lasmuigh d’Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Tháinig Niamh abhaile ansin agus phós sí feirmeoir ó Bhaile An Lochaigh, Tomás Ó Laoithe,  agus mhaireadar agus thógadar a n-ál ansin faoi scáth Chnoc Bréanainn. Is minic a bhíodh daoine ag teacht chun an tí chucu chun eolas éigin mar gheall ar an oileán a fháil uathu, eolas a dáileadh orthu go fonnmhar. Thug Niamh cuntas ar a saol sa chlár faisnéise teilifíse Deireadh An Áil, a léirigh Breandán Feiritéar.

Sa bhliain 1993 do rinne an scríbhneoir seo agallaimh le cuid mhaith de mhuintir an Bhlascaoid a bhí fós beo ag an am. Seo sliocht ghairid as an agallamh le Niamh agus i ag cur síos ar chuairteanna isteach ‘on oileán agus í ina gearrchaile óg, go dtí a seanathair Seán Mhicil Ó Súilleabháin. B’iad na Súilleabhánaigh sin an teaghlach deireanach ar fad a thréig an Blascaod, i mí na Samhna 1954.

MM:  A Niamh, an gcuirfeá síos dom anois ar d’óige féin agus cad ina thaobh go dtángamhair amach as an Oileán ar dtúis?

NNíC:  Bhuel, is é an chiall go dtána amach ar dtúis mar ní raibh fágtha ach mé féin ar scoil an uair sin. Ní thugas ach lá nó dhó ar scoil, bhí an scoil ag iamh agus bhí an bheirt nó triúr eile, Muintir Chearna, bhíodar san ag dul ar scoil amuigh ar an míntír agus á bhfágaint amuigh ar feadh  na seachtaine. Ach is dócha, ní raibh ann ach mise, is bhí fonn ar mo mháthair, toisc an aimsir agus rudaí mar sin agus go mb’fhéidir go mbéarfaí istigh (i.e. san oileán) orainn, aistriú amach go dtí an míntír.

Bhí gaolta le m’athair ar an Muirígh, muintir Chatháin agus muintir Chonchúir agus dheineadar suas a n-aigne go n-aistreoidís amach. Tá cur síos anseo ag mo mháthair [Eibhlís Ní Shúilleabháin] ina leabhar Letters from the Great Blasket tá sé ráite aici ann. Tá sé mínithe ag m’athair [Seán Ó Criomhthain] i Lá dár Saol, a leabhar féin, go dteastaigh uathu aistriú amach agus cur fúthu ar an Muirígh.

Fuaireadar láthair tí, ach aimsir an chogaidh ab ea é [1942] agus ní raibh adhmad flúirseach.

Nuair a thóg sé an tigh amuigh ar an bpaiste talún a cheannaigh sé ó mhuintir Ághas, thug sé amach ón Oileán gach aon bhlúire adhmaid de sheanthigh a bhí taobh amuigh dár dtigh féin ar  an Oileán agus sin é a chuaigh (mar dhíon) ar an dtigín beag ar an Mhuirígh. Ach an chuimhne is sia siar liomsa, ní cuimhin liom in aon chor fágaint i naoi déag daichead a dó,  ach is cuimhin liom go maith gach aon bhliain as san amach,  mar b’fhada lem mháthair go dtagadh an Samhradh chun dul siar agus chun dul isteach ‘on Oileán.  Bhímis ag súil amach do san mar bhí a gcroí san briste ar shlí, aistriú amach as an Oileán agus a muintir, muintir mo mháthar go mórmhór, bhíodar fágtha istigh fós.

Ba chuimhin léi chomh maith a bheith ag dul siar go Dún Chaoin le cairt agus capall agus ar na cuairteanna a thug sí ar oileán a dúchais.

Bhí m’aintín pósta i gCathair Scoilibín ag Mícheál Breathnach, agus sin rud eile go mbínn-se ag súil leis, dul sa chairt capaill siar go barra na haille agus bhíodh m’aintín leis, beannacht Dé lena hanam, uaireanta inár dteannta an uair sin, m’aintín Máire. Dheintí tine mhór thiar ar bharra na haille chun go gcífeadh an dream istigh í, b’fhéidir go mbeadh súil linn… go mbeadh litir fachta acu a bheith ag súil linn agus nuair a chídís an tine amuigh, thagaidís amach ag triall orainn. Bhíodh gach aon ní ullamh. D’fhanaimis, mé féin agus mo mháthair agus m’aintín,  b’fhéidir, sa tigh nua. Bhí seanthigh agus tigh nua ag mo mhuintir. Bhí tigh breá nua tógtha ar an Leacain, tigh dhá stóir, agus an t-adhmadóireacht ar fad déanta ag m’uncailí féin ann. Bhíodh cuairteoirí á choimeád ann blianta roimhe sin ag m’aintín sara bpós sí féin. Bhíodh sagart agus mná rialta agus múinteoirí agus daoine ag fanacht acu. Is cuimhin liom fós… agus tá cúpla píosa des na cupáin agus dos na fochupáin agus rudaí mar sin a úsáidtí ann agam, is cuimhin liom iad san. Is cuimhin liom scóp a bheith orm ar maidin ag éirí amach agus ag féachaint timpeall, bhíodh sé chomh difriúil ón Muirígh.

Niamh (ar chlé ar fad) le grúpa d’IarBhlascaodaigh a bhí fós ar marthain in 2010. Tá siad ar fad ar shlí na fírinne anois

Fág freagra ar 'Niamh Ni Chriomhthain Uí Laoithe, duine de na Blascaodaigh dheireanacha, ar shlí na fírinne'

  • Muiris Ó Scanaill

    Tá an-bhrón orm an droch scéal seo a chloisteáil. Ar dheis Dé go raibh a h-anam

  • Pádraig Garvey

    Bean Uasal iseal comharsa chneasta anso i mBaile an Lochaigh. Piosa brea scriobhnoireachta a Mhichil. Beannacht De le h-anam’ na Marbh.