‘Ní thuigimid conas atá an Rialtas ag séanadh deis freastal ar Ghaelcholáiste ar an 200,000 duine inár gceantar’

Bhí breis is céad dalta ó chúig Ghaelscoil atá lonnaithe i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath i mbun léirsithe lasmuigh de Theach Laighean arís agus iad ag iarraidh ar an Aire Oideachais Norma Foley cinneadh a dhéanamh maidir le Gaelcholáiste nua a thógáil sa cheantar

‘Ní thuigimid conas atá an Rialtas ag séanadh deis freastal ar Ghaelcholáiste ar an 200,000 duine inár gceantar’

Freya O'Donnell agus daltaí ó Ghaelscoil Lios na nÓg. Pic: Conor McCabe Photography

Bhí daltaí bunscoile i mbun agóide lasmuigh de Theach Laighean arís ar maidin agus iad ag éileamh go dtógfar iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath.

Bhí breis is céad dalta ó chúig Ghaelscoil atá lonnaithe sa scoilcheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 i mbun an léirsithe agus iad ag iarraidh ar an Aire Oideachais Norma Foley cinneadh a dhéanamh maidir le Gaelcholáiste nua a thógáil sa cheantar “gan a thuilleadh moille nó leithscéal ar bith eile”.

Deir an lucht feachtais go bhfuil foirgneamh iomlán nua tógtha le gairid do Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí, áit a bhfuil daonra 23,000 duine ann, ach nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann chun freastal ar an 200,000 duine a bhfuil cónaí orthu i gceantair BÁC 2, 4, 6, agus 8.

“Cé go bhfuil ár bhfeachtas thar a bheith sásta do Thrá Lí, le daonra 23,000, go bhfuil foirgneamh nua saintógtha dá Ghaelcholáiste oscailte le déanaí, ní thuigimid conas atá an Rialtas seo ag séanadh na rochtaine céanna ar an ghaelscolaíocht a chur ar fáil don 200,000 duine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8 inár scoilcheantar féin,” a dúirt Victoria McQuaid, Príomhoide Bhunscoil Synge, atá ar cheann de na cúig Ghaelscoil sa cheantar.

Julian de Spáinn, cathaoirleach an fheachtais BÁC 2,4,6,8 le daltaí ó ghaelscoileanna an cheantair. Pic: Conor McCabe Photography

“Is mór an frustrachas dúinne inár scoileanna go bhfuil dul chun cinn ollmhór á dhéanamh againn leis na daltaí le linn a gcuid ama linn ag cinntiú go gcuirtear oideachas dátheangach orthu ach ansin níl aon mheánscoil lán-Ghaeilge inár gceantar scoile dóibh le freastal uirthi,” a dúirt McQuaid.

Cé go bhfuil 44 iarbhunscoil lán-Bhéarla sa scoilcheantar ina bhfuil na cúig Ghaelscoil, níl aon ghaelcholáiste ann. Fágann sin go mbíonn ar chuid mhaith daltaí a fhaigheann a mbunoideachas trí mheán na Gaeilge freastal ar iarbhunscoil lán-Bhéarla ina dhiaidh sin.

Is iad Scoil Bhríde; Gaelscoil Lios na nÓg; Gaelscoil Eoin agus Gaelscoil Inse Chór na Gaelscoileanna eile atá ag éileamh iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar agus bhí daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí ón chúig scoil i láthair ag an agóid inniu. Is é seo an ceathrú huair ó dheireadh 2021 go raibh na scoileanna i mbun agóide lasmuigh de Theach Laighean.

Daltaí ó Ghaelscoil Lios na nÓg: Éabha Morrow, Freya McKeon, Robin Coyle,  Joely Coffey, Genevieve Barry, Hannah Sweeney agus Daniel Boyle (age 12). Pic: Conor McCabe Photography

 

Joely Coffey agus Hannah Sweeney ó Ghaelscoil Lios na nÓg. Pic: Conor McCabe Photography.

 

Joely Coffey, Hannah Sweeney, Dylan McGettigan, Moanalei Leyden, Paddy Kirby, Aoileann Ní Shé agus Freya McKeon ó Ghaelscoil Lios na nÓg. Pic: Conor McCabe Photography.

Fág freagra ar '‘Ní thuigimid conas atá an Rialtas ag séanadh deis freastal ar Ghaelcholáiste ar an 200,000 duine inár gceantar’'

  • Sibéal

    An fiú an tairbhe an trioblóid?
    Gaelcholáisti (mar dhea) agus gan an Ghaeilge á labhairt idir na scoláirí.