Ní theastaíonn uaim go mbeidh ar m’iníon dul chun troda faoi na ceisteanna céanna

Tá mná agus a gcuid páistí ag fulaingt go géar le linn na paindéime agus tá obair mhór le déanamh i gcónaí ar son chearta na mban

Ní theastaíonn uaim go mbeidh ar m’iníon dul chun troda faoi na ceisteanna céanna

Tá a fhios againn an tionchar ollmhór a bhíonn ag an bpaindéim ar mhná ar fud an domhain, an tír seo san áireamh. Is í an ghné is measa den tionchar sin ná na rátaí foréigin teaghlaigh atá fíor-ard faoi láthair. Tá mná agus a gcuid páistí ag fulaingt go géar. Ina theannta sin, is mó bean a bhíonn ag obair in earnáil na seirbhísí, sa tionscal miondíola agus i dtionscal an fháilteachais.  Is iad na tionscail sin is measa atá buailte le linn paindéime. 

Tá poist agus ioncam caillte ag an lucht oibre agus is cinnte go dtiocfaidh méadú ar an mbearna phá ar bhonn inscne dá bharr. Tá dream eile ag obair ón mbaile agus ag múineadh a gcuid páistí sa bhaile freisin. Is eol dúinn go léir gurb iad na mná a iompraíonn an chuid is mó d’ualach oibre an tí de ghnáth agus is mó an obair tí atá le déanamh anois toisc go mbíonn muid sa bhaile i bhfad níos mó. 

Tá dul chun cinn suntasach déanta againn sa tír seo le blianta beaga anuas agus tharla roinnt athruithe forásacha sa tsochaí go gasta i ndiaidh a chéile. Ach tá an baol ann anois, de bharr na paindéime seo, go gcaillfimid go buan a raibh bainte amach againn. 

An bhfuil aon ghealán gréine i ndán do mhná na hÉireann ar Lá Idirnáisiúnta na mBan? 

Tá gealltanais shubstaintiúla sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas maidir le cúram sláinte na mban. Dúirt an tAire Sláinte go bhfuil comhlíonadh na ngealltanas seo mar thosaíocht aige. Tá tús curtha cheana féin le dul chun cinn na reachtaíochta chun táirgí míostraithe a sholáthar saor in aisce chun dul i ngleic le ‘anás nó bochtaineacht mhíosta’ polasaí a cheadaigh an chomh-aireacht roinnt seachtainí ó shin. Táimse freagrach as an bpíosa áirithe reachtaíochta sin agus tá sí ag Céim an Choiste sa Seanad faoi láthair. Séard atá i gceist leis an mBochtaineacht Mhíosta ná gan a bheith in ann íoc as na táirgí cuí chun déileáil leis an bhfuil mhíosta ar bhealach sláintiúil sábháilte agus le dínit. 

Baineann sé freisin le heaspa eolais agus oideachais faoinár gcorp féin agus a thimthriall nádúrtha. Bíonn tionchar ag an stiogma agus an náire a bhaineann leis na cúrsaí ar shláinte, folláine, oideachas agus saol cailíní agus mná ar fud an domhain. Is infheistíocht ollmhór i gcúram sláinte phoiblí na mban táirgí a chur ar fáil saor in aisce go forleathan i bhfoirgnimh phoiblí, i scoileanna agus in ollscoileanna. 

Ceann de na moltaí ón gComhchoiste um an tOchtú Leasú scéim frithghiniúna uilíoch saor in aisce a bhunú. D’aontaigh na comhpháirtithe rialtais scéim frithghiniúna a bhunú do mhná san aoisghrúpa 17-25 agus tá sé leagtha amach i gClár Comhaontaithe an Rialtais. Is tús maith é seo agus is céim fhorásach shuntasach é i dtreo níos mó roghanna a thabhairt do mhná maidir lena sláinte atáirgthe.  

Bíonn deacrachtaí ag go leor ban leanbh a ghiniúint go nádúrtha. 

Chomh maith leis an ualach a bhaineann leis sin, tá costas airgeadais ollmhór ag baint le cóireáil torthúlachta agus toirchiú in vitro. Cuireann an costas cosc ar go leor ban tabhairt faoi thoirchiú in vitro nó leanúint ar aghaidh agus babhta eile a thriail tar éis teipe. Faoi láthair tá an tAire Sláinte, oifigigh a Roinne agus roinnt de mo chomhghleacaithe ag plé scéim toirchithe in vitro a bhunú a bheadh maoinithe go poiblí chun ligean do níos mó ban na cóireálacha a theastaíonn uathu a thriail. 

Is iontach an chaoi a n-athróidh sé sin saol na mílte bean agus a bpáirtithe ar fud na tíre. Tá súil agam go dtiocfaidh an idirbheartaíocht faoin ábhar seo chun críche go luath.  

Mar fhocail scoir, tá roinnt saincheisteanna tromchúiseacha comhionannais fós ag luí ar mhná. Ní theastaíonn uaimse go mbeidh m’iníon féin agus a glúin ag dul chun troda faoi na ceisteanna sin. 

Idir an dá linn, déanfaidh mise mo dhícheall an Rialtas a thabhairt chun cuntais le go gcomhlíonfar na gealltanais maidir leis na cúrsaí cúram sláinte atá luaite agam ionas go ndéanfar an ród go dtí an comhionannas a ghiorrú dúinn. 

– Is Seanadóir de chuid Fhianna Fáil í Lorraine Clifford-Lee

Fág freagra ar 'Ní theastaíonn uaim go mbeidh ar m’iníon dul chun troda faoi na ceisteanna céanna'

  • An Teanga Bheo

    Mna na hEireann

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    ‘Ní theastaíonn uaimse go mbeidh mo iníon féin agus a glúin ag dul chun troda……’
    A bhean uasail agus a pholaiteoir, ar lâ seo Idirnáisiúnta na mBan, a bhfuil aon tuiscint agat ar íoróin?
    Cén méid míle bliain atá do pháirtí Fianna Fáil i gcomhacht sa tír seo?
    Mar sin a bhraitheann sé domsa——go rabhadar i gcomhacht leis na cianta cairbreacha agus chomhaireoinn ar aon mhéar amháin gach a ndeineadar ar mhaithe le mnâ na hÉireann…sin..FAIC.

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Céard faoi fhir na hÉireann?An bhfuil guth acu?Scríobhas ràiteas ach níor foilsíodh é.Tabhair freagra na ceiste dom nó rachaidh an scéal seo níos faide.

  • Dirk Brevoord

    Lá Idirnáisiúnta na mBan:
    Ba lá mór é sin i dtíortha oirthear na hEorpa, tráth dá raibh.
    Ach sa lá atá inniu ann ní bhíonn agus ní bheidh ann ach siombalachas fairíor géar géar go háirithe i dtíortha so an rachmais, an fhaid is beo don chaipitleachas, dá dheartháirín dílis an neoliobrálachas agus a ndeartháirín beag ceilte an faisisteachas…

    Cad is saoirse ann? Saoirse chainte, saoirse dúshaothar a bhaint as daoine eile?

    Nó an saoirse fíorchomhionnanas idir mhná agus fhir, idir chiní éagsúla an domhain, gan cheart ag éinne dúshaothar a bhaint as daoine eile, cothromaíocht pá, na seansanna céanna ag gach páiste an t-oideachas is fearr a fháil a oireann di nó dó féin, teacht a bheith ag gach aon duine ar leigheas, ar thithíocht, ar obair, ar phinsean… 7rl?