Ní raibh aon roinnt ar an gcreach –  ‘Cora Fine’ a bhí le tabhairt ar an gcumann nua

Faoin am a dtitfidh dorchadas an tráthnóna seo beidh deis faighte ag Cora Fine tabhairt faoi aistear eile go Páirc an Chrócaigh

Ní raibh aon roinnt ar an gcreach –  ‘Cora Fine’ a bhí le tabhairt ar an gcumann nua

Is beag duine idir Carn Uí Néid agus Cionn Mhálanna nach mbeadh in ann a inseacht duit faoi seo gur i gcontae na Gaillimhe atá Cumann Peile Chora Fine.  Éachtaí na bhfoirne a bhfuil Craobh Shinsearach an chontae sin buaite acu 18 uair ó 1991 a fhágann oiread aithne orthu.

Cuir leis go mba as a chéile a bhuaigh siad seacht gcinn de na craobhacha sin agus gurb iad an t-aon chlub sa tír a bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu trí huaire as a chéile.

Faoin am a dtitfidh dorchadas an tráthnóna seo beidh deis faighte acu tabhairt faoi aistear eile go Páirc an Chrócaigh – imreoidh siad féin agus Maigh Cuilinn a chéile inniu i mbabhta ceanais na Gaillimhe 2023.

Fós féin, murach cic amháin den liathróid i gcluiche a imríodh ionann is céad bliain ó shin, tharlódh nach ‘Cora Fine’ a bheadh scríofa ar chlár na scór ag aon cheann de na gaiscí sin ná greanta ar na coirn atá tugtha leo acu.

Domhnach Cásca 1925 a déanadh an imirt a réitigh an bealach d’éachtaí an chumainn ar a a bhfuil an t-ainm sin ó shin.

Is é paróiste an Chomair agus Chill Mhaoláin an paróiste is mó i ndeoise Thuama leata amach ar chaon taobh den N17 idir an baile sin agus Cathair na Gaillimhe. An píosa bóthair is cáiliúla in Éirinn a bhuíochas do na Saw Doctors.

Béal Chláir an t-ainm atá ar an gcuid den pharóiste is gaire de Bhaile Thuama agus a thús le fáil ag an gcasadh géar atá buailte ar an mbaile sin ar an N17. Leathann sé ó thuaidh leath bealaigh go hÁth Cinn. Fan leis na Sawdoctors agus in imeacht cúpla míle beidh tú i leathpharóiste an Chumair agus is ansiúd atá sráidbhaile Chora Fine.

Ar bhunú Chumann Lúthchleas Gael bhí an pheil go láidir sa dá cheantar agus iad araon ag cur foirne chun páirce beag beann ar a chéile. Rud atá coitianta go leor, bhí ainmneacha na bhfoirne sin ceangailte le polaitíocht na linne – Parnellites Bhéal Chláir; Cláirseoirí,  Foireann an Choirnéil Uí Nualláin, Cora Fine, Seamróga agus Reibiliúnaigh.

Ba thráth sin inarbh iad foirne na mbailte móra a bhí chun cinn i bpeil na Gaillimhe. Cé is moite de bhua Chathair Loistreáin in 1890, ba iadsan  a bhuaigh chuile chraobh  de chuid an chontae sin a imríodh ó 1889 go dtáinig 1939. Thug Naomh Greallán Bhéal Átha na Sluaighe an corn leo 15 uair, Tuaim deich gcinn, Cumann Mhic Éil as an Dún Mór seacht gcinn, Baile Átha an Rí trí cinn agus Gaeil na Gaillimhe ceann.

Agus iad meáite deireadh a chur leis an gceannas sin, shocraigh Béal Chláir agus Cora Fine go raibh siad sásta a theacht le chéile. Ach mar a bheifeá ag súil leis, bhí sáraíocht faoin ainm.

Níos minicí ná a chéile i gcásanna mar é is amhlaidh a roghnófaí ainm nua – bhíodh liosta na naomh thar a bheith áisiúil ar a leithéid d’ócáid!

Níl mé ag rá go mba easpa cráifeachta ba chúis leis, ach níorbh shin a tharla sa gcás seo. Ba é an réiteach a dtángthas air go mba chluiche peile eatarthu a shocródh an scéal.

Ba ar chor eile san N17 (ní fada go mbeidh mé i mo Shábhadóir) ar an Anbhaile in aice Bhaile Chláir a déanadh an imirt Domhnach Cásca 1925.

Fear a raibh Hubert McHugh air a bhí ina chaptaen ar Bhéal Chláir agus ba é Paddy Stephens captaen Chora Fine. Dhá chúilín d’fharasbarr a bhí acu siúd ag deireadh na himeartha.

Ní raibh aon roinnt ar an gcreach. ‘Cora Fine’ a bhí le tabhairt ar an gcumann nua.

Ach an liathróid a bheith curtha i gcúl na heangaí acusan ba iad ‘Béal Chláir’ a bheadh in aghaidh Mhaigh Cuilinn inniu.

Bhí an t-iriseoir agus an t-údar Tomáis Bairéad ar an bhfoireann peile ba thúisce a chuir Maigh Cuilinn chun páirce i 1914 tar éis dóibh geansaithe agus brístíní a cheannacht ó mhuintir Elvery’s i mBleá Cliath ar chostas £1.17s. (€2.38 in airgead an lae inniu).

Ba é Tomás freisin a choinnigh na miontuairiscí ar na cruinnithe ba thúisce. Bliain agus fiche d’aois a bhí sé ag an am agus d’fhéadfaí a rá ar bhealach go mba shin tús a chuid scríbhneoireachta.

Gairid go maith ina dhiaidh sin fuair Tomás post iriseoireachta sa nuachtán an Galway Express agus ina dhiaidh sin arís chaith sé 26 bliain leis an Irish Independent – ba é an t-iriseoir ba thúisce sa tír a fuair preasráiteas Éamonn de Valera faoi bhunú Fhianna Fáil i 1926.

Faoin am sin bhí córas luathscríbhinne i nGaeilge ceaptha aige – ní feasach dom a leithéid eile a bheith ann.

Ainneoin gur chleacht sé í agus ghur thacaigh sé leis an gcumann peile, is léir gur ghoill meath na hiomána ina cheantar dúchais ag an am ar an mBairéadach. Blianta dár gcionn bhí seo le rá aige.

“Ní fhaca muintir an pharóiste aon pheil riamh nó gur thug sagart óg ann í tráth a raibh an báire buille lag.

Níl a fhios cén dochar a rinne sé don bháire, mar nuair a thosaigh an báire arís bhí beagnach gach uile rud a bhain leis caillte.”

Ní thugann sé dáta ná ainm ach go mba ‘Sagairtín Mhuire Mháthar’ an leasainm a bhí air, go raibh sé ar bheagán Gaeilge, cé go raibh sí láidir sa gceantar a mba as é, ceantar a mba í an pheil a bhí in uachtar inti freisin.

Dá mairfeadh sé, bheadh a dhá oiread ríméid ar Thomás Bairéad inniu. Ní hamháin go bhfuil an paróiste inar tógadh é ar thóir na craoibhe peile don tríú huair le trí bliana, ach níl sé le rá ag aon chumann eile i gcontae na Gaillimhe go gcuireann siad foirne sinsearacha chun páirce sa dá chód.

Peileadóirí Mhaigh Cuilinn 1914.  Ar chúl : Ned Cahill (Maigh Cuilinn), John Geoghegan (Ogúil), William Connell (Tom na Sraithe), Mark Concannon (Cnoc Raithní), Tomás Bairéad (Baile Dóite). Sa Lár : Johnny Reilly (An Seanbhaile), Tommy Leonard (Cnocán Raithní), Morgan Davoren (Poll na Cloiche), Pat Dunne (Na Cúlacha), Mike Regan (Droim Chonga), Chun Cinn : James Acton (Cnocán Raithní), Marty Welby (Poll na Cloiche), Mark McDonagh capt.  (Baile Uí Choirc Thiar); Tom Holland (An Seanbhaile), Matt Clancy (An Cnoc Bán)

Fág freagra ar 'Ní raibh aon roinnt ar an gcreach –  ‘Cora Fine’ a bhí le tabhairt ar an gcumann nua'