Is mór an mhaith do Mhicheál Martin gur éirigh leis aoibh an gháire a bheith air le linn fhormhór a chuairte ar na Stát Aontaithe an tseachtain seo. Thug sé na cosa leis as an Teach Bán agus ainneoin roinnt bagairtí ó Donald Trump faoi dhleachtanna custaim agus an ghráin shoiléir atá aige ar rud ar bith a bhaineann leis an Aontas Eorpach, ní raibh mórán aisteach faoin gcomhrá seachas moladh Uachtarán na Stát Aontaithe do Conor McGregor agus an chomparáid a rinne Donald Trump le hathair an Taoisigh a bhíodh ag dornálaíocht. Ba léir nár theastaigh ó aon duine an iomarca ama a chaitheamh ar an ábhar áirithe sin.
Ní mar sin a bheidh Dé Céadaoin seo chugainn. Beidh an Dáil ar ais agus an freasúra ag gearradh fiacla le teann díocais an rialtas a ionsaí. Cén t-ábhar a roghnóidh siad? Cá bhfios? A laghad a dúirt an Taoiseach le Donald Trump faoin Meánoirthear agus an Úcráin? A
n meangadh síoraí nuair a bhí Trump ag maíomh go raibh sé le fáil réidh leis na mílte post i gcomhlachtaí cógaisíochta agus na comhlachtaí sin a thabhairt ar ais go Meiriceá. Ba léir gur beag suim a chuir sé i gcás an Taoisigh go bhfuil an caidreamh idir an dá thír ag brath ar a chéile.
Dúirt an Taoiseach gurb í an tithíocht an cheist is mó atá ar a intinn sa mbaile. Samhlaím go gcaithfear sin ina bhéal ar an gCéadaoin. Más amhlaidh atá, cén chaoi gur cuireadh figiúirí míchruinne faoin líon tithe a tógadh anuraidh i láthair an phobail go leanúnach le linn an fheachtais toghcháin – figiúirí a raibh an Roinn Tithíochta ar an eolas fúthu leathbhliain roimhe sin? Céard atá dá dhéanamh ag an rialtas más í sin an cheist is tábhachtaí acu?
Tháinig ceist na dtáillí uisce chun cinn arís an tseachtain seo. Rug Sinn Féin ar an liathróid áirithe sin agus ní scaoilfidh siad léi go héasca. Mar is minic le córas polaitiúil na hÉireann tá an milleán curtha ar an Eoraip as a bheith ag éileamh go gcuirfí srian le ró-úsáid uisce. Sin an chúis a bhfuil scrúdú á dhéanamh ar an gceist in athuair, deirtear linn. Lena chinntiú nach mbeidh daoine ag cur uisce amú. An fhadhb leis an argóint sin go bhfuil cruthúnas ann gur uisce a bhíonn ag sceitheadh sa soláthar poiblí is mó is cionsiocair le ró-úsáid uisce.
An soláthar poiblí ar bunaíodh Uisce Éireann le breathnú amach ina dhiaidh. Uisce Éireann, an eagraíocht nach mbíonn mórán dearfach le rá ag aon duine fúithi. Tá an leid tugtha anois ar aon nós go bhfuil na táillí fós ar an mbord mar rogha – beidh muid ag súil le diancheistiú agus achrann go leor sa Dáil má bhíonn an t-ábhar á phlé.
Tithíocht, táillí uisce, dleachtanna custaim, daoine ag cur go fíochmhar in aghaidh athruithe ar an nglas triarach agus cá bhfios cé mhéad ábhar conspóide eile a chuirfear i láthair Mhicheál Martin Dé Céadaoin seo chugainn.
Beidh a chumas taidhleoireachta ar fad ag teastáil uaidh in athuair.
Fág freagra ar 'Ní mór an fháilte abhaile a bheidh roimh Mhicheál Martin sa Dáil'