Ní mór an buille do Trump an cinneadh faoin gcóras taraifí

Níl tuairim dá laghad ag an Aontas Eorpach conas déileáil leis an réimeas nua in Washington

Ní mór an buille do Trump an cinneadh faoin gcóras taraifí

Tá cinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go bhfuil taraifí Trump, a gearradh ar fud an domhain, mídhleathach, á cheiliúradh ag ceannairí na hEorpa a mheasann gur buille d’Uachtarán na Stát Aontaithe é.

Faraor, táthar ag ceiliúradh róluath. Bhí coinne forleathan ann le cinneadh díobhálach, agus bhí tráchtairí éagsúla, mé féin ina measc, den tuairim gurbh amhlaidh a bheadh i mí Mheán Fómhair seo caite. Is amhlaidh go bhfuil roghanna eile ag Trump an aidhm chéanna a bhaint amach, roghanna atá réidh le cur i ngníomh cheana féin.

D’fhógair sé taraif nua 10% ar earraí ó gach tír faoi Acht Idirnáisiúnta um Chumhachtaí Eacnamaíochta Éigeandála 1977 (IEEPA). Beidh tionchar an aistrithe neodrach san fhadtéarma don AE, agus sa ngearrthéarma beidh laghdú ar an gcuid is mó de na hearraí.

Mar sin féin, thapaigh Parlaimint na hEorpa an deis le stop a chur le próiseas daingnithe don chomhaontú trádála idir SAM agus an AE a comhaontaíodh mí Iúil seo caite, cinneadh a spreag freagra feargach ó Donald Trump.

Is é an chúis a luadh ná éiginnteacht dhlíthiúil, ach ceapaim nach bhfuil ann ach leithscéal ó Pharlaimint na hEorpa chun comhaontú trádála nach dtaitníonn leo a chur siar.

Bhagair Trump, mar is iondúil leis, beart láidir i gcoinne aon tír a imreoidh cluichí le Meiriceá maidir le trádáil – tagairt chinnte do chinneadh na Parlaiminte.

Ach ar ais sa domhan mar atá, taobh amuigh de na taraifí sealadacha, bainfidh Trump úsáid as Acht Trádála 1974 chun iarracht a dhéanamh an seanstruchtúr taraife IEEPA ar fad a athbheochan ag baint.

Thar an deireadh seachtaine, d’agair sé Alt 122 den acht sin, a thugann cumhacht dó aghaidh a thabhairt ar éagothroime íocaíochta trí fhorchostais agus srianta speisialta allmhairithe ar feadh suas le 150 lá.

Tháinig sé seo i bhfeidhm ar an 24 Feabhra agus críochnóidh sé ar an 24 Iúil. Ag an bpointe sin, d’fhéadfadh sé go bhfaigheadh sé ón gComhdháil an t-údarás chun athnuachan a dhéanamh ar a phlean, nó d’fhéadfadh sé ligean do na taraifí dul in éag ar feadh lae, agus ansin an éigeandáil chéanna a athfhógairt, agus an clog a athshocrú.

Seans go seasfaidh sé seo ó thaobh an dlí, nó ar ar a laghad go seasfaidh sé ar feadh tamall fada go leor. Tugann Alt 122 am do Trump an t-ualach trom a bhaineann le hAlt 301 den acht trádála a chur i gcrích.

Thug Trump treoir cheana d’Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe tús a chur le himscrúdú 301, atá dírithe ar chleachtais trádála idirdhealaitheacha ag tíortha eachtracha. Tá toradh an imscrúdaithe seo soiléir cheana féin – an seanstruchtúr taraifí a athbheochan.

Is deacair a fheiceáil cén fáth a mbeadh Comhdháil atá faoi smacht na bPoblachtánaithe ag iarraidh síneadh gairid aon uaire a dhiúltú do Trump, arb é an méid is mó a bheidh de dhíth air chun aistriú go dtí córas Alt 301.

Is féidir a thuiscint cén fáth a bhfuil an Coimisiún Eorpach neirbhíseach. Fágann an t-imscrúdú 301 go bhfuil seans ann go ndéanfaí athruithe ar an struchtúr taraifí. Sin é an fáth atá an Coimisiún ag maíomh gur comhaontú is ea comhaontú.

Ach ní léir go mbeidh an córas nua atá ag teacht níos measa ná an córas a aontaíodh. B’fhéidir go mbeadh roinnt difríochtaí teicniúla ann, ach tugann dlí trádála na SA lánrogha fhairsing don uachtarán chun díolúintí a dheonú.

Sé sin le rá, nach mbeidh aon difear sa bhfadtéarma i ndiaidh rialú na Cúirte Uachtaraí. Cén fáth mar sin an ceiliúradh?

Go bunúsach níl tuairim dá laghad ag an gCoimisiún conas déileáil leis an réimeas nua in Washington. Níl acu ach a bheith ag súil go gcuirfear stop leis an tromluí má thagann na Daonlathaithe ar ais i gcumhacht – ag deireadh théarma Trump nó trí seilbh a ghlacadh arís ar an Seanad is ar Theach na nIonadaithe le go mbeidh siad in ann stop a chur lena chuid polasaithe.

Seachmall eile, mo léan. Níl iontaoibh ar bith agam go n-athródh na Daonlathaithe mórán faoi tharaifí, toisc, go bunúsach, go bhfuil an t-airgead de dhíth ar SAM atá báite i bhfiacha.

Ach má éiríonn le JD Vance, abair, teacht mar chomharba ar Trump, céard a dhéanfaidh an Eoraip ansin?

Ní leor a rá nach dtaitníonn an teachtaireacht seo leat, a léitheoir. Mura n-aontaíonn tú caithfidh na bun-cheisteanna a fhreagairt: céard is tábhachtaí do Mheiriceá – an comhghuaillíocht leis an Eoraip nó iomaíocht Mheiriceá leis an tSín san Áis agus sa leathsféar thiar?

Fág freagra ar 'Ní mór an buille do Trump an cinneadh faoin gcóras taraifí'