Ní móide gur chuala Thierry Henry go bhfuil dhá chiall sa teanga sin againne leis an leagan a ‘bheith i do chónaí’…

Nuair a bhreathnaigh ár gcolúnaí níos grinne ar na scéalta faoi ghéarchéimeanna i gclubanna móra na Eorpa, ní baileach go bhfuil iomlán na fírinne le fáil sna ceannlínte

Ní móide gur chuala Thierry Henry go bhfuil dhá chiall sa teanga sin againne leis an leagan a ‘bheith i do chónaí’…

Cé gur dóigh go mbeadh a fhios agam cén tír arb as formhór phríomfhoirne na hEorpa ní fhéadfainn a rá go bhfuil mé thar a bheith eolach ar chúrsaí sacair na Mór-Roinne. B’in an fáth nach ndeachaigh mé thar an gceannteideal in alt a chonaic mé ar an suíomh www.goal.com an tseachtain seo caite ‘What in the hell has happened to Bayern Munich?’.

Dhá lá dár gcionn tar éis dom ‘Barcelona and Real Madrid are in trouble’ a fheiceáil ar leathanach nuachtáin, dúirt mé liom féin go raibh sé in am a dhul i mbun fiosraithe.

Tar éis an tsaoil tá tú ag caint ar chlubanna a bhfuil Corn Shraith Sheaimpíní UEFA buaite acu ocht n-uaire le deich séasúr – ceithre cinn de na cúig cinn is deireanaí a imríodh buaite ag Real Madrid.

Níl a shamhail is dócha ach a chloisteáil go bhfuil an tóin tite as Áth Cliath agus as Ciarraí sa bpeil Ghaelach.

Mar is iondúil nuair a bhreathnaigh mé níos grinne ar an scéal, ní baileach go bhfuil iomlán na fírinne le fáil sna ceannlínte.

Ba sa tríú háit i La Liga a bhí Barcelona nuair a scríobhadh an t-alt a bhain leo féin. Dé Domhnaigh seo caite bhuaigh siad ar Sevilla (a bhí ar bharr an tábla) agus tá pointe amháin farasbairr acu anois ar Barca ar Espanyol agus ar Alaves.

Is fíor go bhfuil Real Madrid chomh fada chun deiridh leis an seachtú háit ach níl idir iad agus barr an tábla ach ceithre phointe sraithe agus tá an El Classico is deireanaí idir iad féin agus Barcelona – ag tosú a luaithe agus a bheas an athimirt san ‘El Cois Fharraigó’ idir Micheál Breathnach agus an Spidéal thart ar Pháirc an Phiarsaigh. Beidh an scór deireanach as siúd le feiceáil ar an scáileán mór sa Nou Camp go cinnte!

Beagán le cois an cheathrú cuid den imirt atá déanta i La Liga (naoi gcluiche) agus tá neart deise ag Real an bhearna a laghdú. Mar sin féin tá míshuaimhneas i measc lucht a leanta nach bhfuil na húinéirí sásta mórán airgid a chaitheamh ar imreoirí ainneoin teacht isteach tuairim €700 milliún a bheith acu. An chloch is mó ar a bpaidrín nár cheannaigh siad aon duine in áit Cristiano Ronaldo agus nach bhfuil an té ar a bhfuil cúram na scórála anois air, Karim Benzema, ag aimsiú na heangaí ach chaon dara cluiche.

Sprionlaitheacht freisin an chasaoid atá ag lucht leanta Bayern Munich agus faitíos orthusan freisin go maolófar a gcumas scórála má imíonn Robert Lewabdowski uathu – rud a raibh caint air le linn an tsamhraidh, fiú go raibh Real sásta €150 milliún a thabhairt air.

Ach i gcás Bayern freisin is cosúil an ceannteideal a bhí gaibhte thar fóir – oiread céanna cluichí atá imeartha sa Bundesliga nach mór agus atá sa Spáinn agus cé gur sa 4ú háit atá Bayern, níleadar ach ceithre cinn chun deiridh ar an dream atá ar cheann na hiomaíochta – Borussia Dortmund.

Is ar éigean gur féidir géarchéim a thabhairt ar chúig chluiche a bheith buaite, ceann ar chomhscór agus péire caillte – cé le bheith féaráilte don alt a chonaic mise go raibh siad tar éis cliseadh faoi dhó le cúl a chéile.

Ní shin le rá nach bhfuil mórscéal sacair ar Mhór-Roinn na hEorpa, ach gur sa bhFrainc atá sé – FC Monaco a bheith i bhfoisceacht áit amháin den bhun i Ligue 1 , gan buaite as na 10 gcinn atá imeartha ach aon chluiche gágach amháin.

Seo cumann a bhí ina seaimpíní ar an tsraith sin in 2016/17, sa dara háit nó sa tríú háit na trí shéasúr roimhe agus i gCluiche Ceannais Chorn na Seaimpíní san Eoraip achar nach fada ó shin é.

Ach faoi seo tá cleachtadh maith ag Monacó agus ag an gconspóid ar a chéile. Fiú nuair a bhuaigh siad Ligue 1 faoi bhainistíocht Arsenè Wenger deich mbliana fichead ó shin agus nuair a bhí Didier Dechamps ina gceannas ba mhinic sáite ann iad.

Sa mbliain 2003 dícháilíodh go Ligue 2 iad de bharr a raibh d’fhiacha orthu. D’fhág achomharc a n-áit ar ais acu ach cúig bliana dár gcionn ní raibh tada lena sábháil.

Bhí Monacó i mbun Ligue 2 in 2011 nuair a cheannaigh billiúnaí Rúiseach darbh ainm Dmitry Rybolovlev an club. Bhí bóthar tugtha do bheirt bhainisteoirí aige in imeacht bliana sular fhostaigh sé Claudio Raineiri agus faoi dheireadh shéasúr 2012-13, bhíodar ar ais sa bPríomhroinn.

Chaitheadar suas le €170 milliún an séasúr sin ag ceannacht imreoirí agus bhuaigh an comórtas 2016-17.

Tá an sparán dúnta le tamall ag an Rúiseach, chomh daingean agus beidh ar a bhainisteoir lách suáilceach nua Thierry Henry áitiú air é a oscailt.

Ní móide gur chuala Henry riamh go bhfuil dhá chiall sa teanga sin againne leis an leagan a ‘bheith i do chónaí’.

Is i bPrionsacht Mhonacó atá a áras faoi láthair, ach ag brath ar a dtarlóidh as seo go deireadh an tséasúir, tharlódh go mbeadh Thierry ‘ina chónaí’ ann freisin an t-am seo arís agus gan é ag tarraingt aon phá!

Fág freagra ar 'Ní móide gur chuala Thierry Henry go bhfuil dhá chiall sa teanga sin againne leis an leagan a ‘bheith i do chónaí’…'