‘Ní mar cháipéis pholaitiúil a shamhlaím é faoin am seo ach mar théacs fealsúnachta’

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sa tsraith seo tugann daoine an tréimhse chinniúnach sin chun cuimhne

‘Ní mar cháipéis pholaitiúil a shamhlaím é faoin am seo ach mar théacs fealsúnachta’

Yes, that’s how I was,
I know that face,
That bony figure
Without grace
Of flesh or limb;

Judgment Day le R.S. Thomas

Scéal tuismitheora níos mó ná scéal iriseora. Sna 30idí luatha a bhí mé nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, mé pósta le bliain nó dhó, an chéad leanbh sa chliabhán, teach ceannaithe agus obair faighte i nDuibhlinn.

An raibh dóchas againn, mar thuismitheoirí, mar phobal, go mbeadh deireadh lenár gcuid trioblóidí? Bhí faoiseamh ann, gan amhras, ach imní fosta. Cad é an dóigh nach mbeadh faoiseamh ann agus a raibh ar siúl roimhe sin ach cad é mar a thiocfadh linn éalú ar an méid a tharla, ar an oiread sin eachtraí brúidiúla a rinne stát agus paraimíleataigh, ar an doirteadh fola sin a bhain dínn uilig, fiú murar bhain na mairbh féin leat go pearsanta.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin, deirtear. De réir a chéile a thógtar an comhaontú fosta. Seo muid ag caint air go fóill. Ní mar cháipéis pholaitiúil a shamhlaím é faoin am seo ach mar théacs fealsúnachta: baineadh gach aon duine a chiall féin as. Faoi anáil John Hume a cumadh an comhaontú, ar dheis Dé go raibh sé, iarcheannaire de chuid an SDLP. Duine morálta a bhí ann mar Hume agus b’fhéidir gur sin an laige a bhain lena chur chuige polaitiúil sa chás seo agus é ag plé le daoine a raibh ciall eile don mhoráltacht acu.

Is fiú a lua sa chomhthéacs seo go gcuala mé Hume ag caint aon uair amháin, ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, sna 1980idí. Ba chumasach an cainteoir é agus é ag caint le slua searbh mac léinn cúpla bliain i ndiaidh na stailceanna ocrais. Labhair an fear dána seo as Doire ón ardán, thíos i mbolg Aontas na Mac Léinn, agus bhí sé ar nós éisteacht le Maois. Labhair sé go dalba agus cheansaigh sé an slua searbh lena bhriathra ach ní binn a bhí sé ach cantalach. Fáidh a bhí ann, shílfeá, ag fógairt fírinne nach raibh le seachaint. Ach, ar ndóigh, a luaithe agus a d’imigh sé, d’éirigh an comhluadar searbh arís. Thréig an pobal Maois agus d’aimsigh siad déithe bréige.

Ní raibh baint ná páirt agamsa leis an chomhaontú ná le haon pháirtí a bhí ag plé leis, ar bhonn pearsanta ná gairmiúil. Ach samhlaím Hume istigh i seomraí beaga dorcha, é ag iomrascáil le daoine nach raibh leath chomh cliste leis ach, b’fhéidir, i bhfad ní ba shlítheánta ná é. B’fhéidir gur laige eile de chuid an chomhaontaithe é sin; chaithfeá a bheith macánta lena fhíorú. Is mór an t-éileamh é sin.

Is ann don chneá go fóill agus thuigfeá sin; fágann fulaingt agus foréigean a rian. Ach tá an t-am ag imeacht. Tá an saol mór gránna ag brú ar phobail ársa áitiúla oiread chéanna le háit ar bith eile in iarthar na hEorpa. Tá fadhb mhór drugaí i mórán ceantracha, náisiúnach agus dílseach; easpa postanna fiúntacha, córas sláinte agus oideachais atá faoi bhrú.

Níl polaiteoirí i mBéal Feirste in ann teacht ar réiteach sásúil don am atá caite gan a bheith ag caint ar an am atá le teacht. Ná níl ar siúl ag polaiteoirí Londan agus Bhaile Átha Cliath ach an Tuaisceart a bhainistiú ionas nach ndéanann an cás dochar ar bith dóibh féin. Tory, Labour, FF, FG, níl gean ná gean acu ar an phobal áitiúil i ndáiríre.

Fís ná fáidh, níl in Ulaidh anois:

Lord, breathe once more

On that sad mirror,

Let me be lost

In mist for ever

Rather than own

Such bleak reflections,

Iriseoir, údar agus file é Pól Ó Muirí

Fág freagra ar '‘Ní mar cháipéis pholaitiúil a shamhlaím é faoin am seo ach mar théacs fealsúnachta’'

  • Kevin Hickey

    Píosa álainn.